English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cuir cosc le dramhaíl


Dramhbhia

Caitheann an meánteaghlach in Éirinn 150 kg de bhia amach gach bliain. Tá an-chuid den bhia sin oiriúnach dá ithe fós.

Tá dramhbhia freagrach as thart ar 10% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar domhan.

Tá ciall le deireadh a chur le dramhbhia ó thaobh do chuid airgid de agus ó thaobh an phláinéid de.

Tá Éire tiomanta do dhramhbhia a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030 – ar aon dul le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Leagtar amach sa Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025 roinnt gníomhartha tosaíochta a bhfuil mar aidhm leo díriú a leagan ar dhramhbhia a chosc ar fud príomhearnálacha i slabhra an tsoláthair bia.

Ar an suíomh gréasáin ‘Stop Food Waste’ de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, tugtar a lán leideanna chun cabhrú le dramhbhia a laghdú.

Stop Food Waste - Laghdaigh do dhramhbhia agus sábháil airgead!

Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025
Amharc amharc

Úsáidtear míreanna aonúsáide uair amháin, nó ar feadh tréimhse ghearr ama, sula gcaitear amach iad.

Caitear a lán acmhainní chun míreanna amhail buidéil dí, cupáin agus cannaí a dhéanamh, ar míreanna iad a chaitear amach ansin tar éis úsáid amháin.

Dóigh éasca amháin ar féidir dramhaíl ó mhíreanna aonúsáide a chosc is ea úsáid a bhaint as rogha mhalartach in-athúsáidte amhail buidéal uisce, fleasc nó cupán.

Bíonn tionchar an-diúltach ag plaistigh aonúsáide ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol.

Plaisteach is ea méid idir 80% agus 85% den bhruscar a aimsítear ar thránna na hEorpa.

Plaisteach is ea méid idir 80% agus 85% den bhruscar a aimsítear ar thránna na hEorpa.

Ó mhí Iúil 2021 i leith, ní ceadmhach a thuilleadh na táirgí plaisteacha aonúsáide seo a leanas a dhíol in Éirinn ná san Aontas Eorpach:

  • Maidí baitín cadáis
  • Sceanra
  • Plátaí
  • Corraitheoirí
  • Soip
  • Slata balúin
  • Coimeádáin polaistiréine bia agus dí (coimeádáin polaistiréine forbartha aonúsáide bia agus dí)
  • Málaí plaisteacha éadroma (lena n-áirítear na táirgí plaisteacha ocsó-inmhillte uile)