English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

De réir alt 42(1) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, déanfaidh comhlacht poiblí, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, aird a thabhairt ar an ngá atá ann—

(a) an t-idirdhealú a dhíchur,

(b) comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus do na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chur chun cinn, agus

(c) cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chosaint.

Tá oibleagáidí reachtúla sonracha nach mór do chomhlachtaí poiblí a chomhlíonadh agus ar féidir a thuiscint gur dualgais iad chun measúnú a dhéanamh, aghaidh a thabhairt agus tuairisciú.

Leag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide amach sa Ráiteas Straitéise uainn an tiomantas atá againn do chearta an duine, do chomhionannas agus don idirdhealú a chomhrac. Sheolamar Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú agus ghabhamar orainn féin Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur chun feidhme, agus foilseofar Beartas um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú ina leagfar amach conas a oibríonn an Roinn chun comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chinntiú mar fhostóir agus mar chomhlacht poiblí.

Léigh tuilleadh faoi Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú