English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Giniúint Leictreachais In-athnuaite Bheagscála


Tá Giniúint Bheagscála sainmhínithe mar theicneolaíochtaí giniúna leictreachais in-athnuaite ar mó a n-aschur leictreachais ná 50 kW ach ar lú a n-aschur leictreachais ná é sin a bhíonn ag gnáthghineadóirí tráchtála.

Sainaithníodh scéim chun tacú le himscaradh gineadóirí leictreachais in-athnuaite beagscála mar phríomhghníomh chun ceann amháin de na spriocanna sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 a chomhlíonadh – is é sin, suas le 5 GW de thoilleadh fuinnimh gréine a sholáthar faoin mbliain 2025, agus 8 GW a sholáthar faoin mbliain 2030, mar aon le tionscadail áitiúla phobalbhunaithe fuinnimh in-athnuaite a bhfuil toilleadh 500 MW ar a laghad iontu agus le leibhéil mhéadaithe mhicrighiniúna nua agus ghiniúna beagscála nua.

Ag teacht sna sála ar chomhairliúchán poiblí ar na gnéithe beartaithe Deartha Ardleibhéil de Scéim Tacaíochta Giniúna Beagscála sa bhliain 2022, cheadaigh an Rialtas an Dearadh Ardleibhéil ar an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) an 23 Meitheamh 2023. Príomhbhloc tógála chun spriocanna fuinnimh gréine na hÉireann a chomhlíonadh is ea SRESS, agus tá sé mar chuid de chreat cuimsitheach cumasúcháin an Rialtais d’Fhéintomhaltóirí Fuinnimh In-athnuaite. Le SRESS, tairgfear tacaíochtaí do shuiteálacha leictreachais in-athnuaite nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna do bhearta tacaíochta eile, amhail an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) atá ar scála an fhóntais agus an Item was unpublished or removed


Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS)

Oibreofar SRESS ar bhonn saolré beartais amach go dtí an bhliain 2030 agus ar bhonn saolré tacaíochta 15 bliana d’iarratasóirí rathúla. Beidh an scéim ar oscailt d’iarratais ar bhonn leanúnach, suas go dáta deiridh sainithe atá le cinneadh faoi Théarmaí agus Coinníollacha na scéime. Foilseofar na Téarmaí agus Coinníollacha sin sna míonna atá le teacht.

Téarmaí agus Coinníollacha do SRESS 1
Amharc amharc

Leagtar amach sa Dearadh Ardleibhéil ar SRESS cur chuige trí chéim i leith an scéim a chur i bhfeidhm, agus sásraí difriúla tacaíochta ann chun tacú le catagóirí leithleacha iarratasóirí.

Céim a hAon: Féintomhaltóirí Fuinnimh In-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW (ón mbliain 2023 amach)

Ós rud é gur gá cur i bhfeidhm foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhrostú go mear chun spriocanna an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus spriocanna grianphainéal fótavoltach a chomhlíonadh, tá deontais chaipitil á soláthar do shuiteálacha fuinnimh gréine don chohórt sin anois ar feadh tréimhse eatramhach suas go deireadh na bliana 2025. Is roimh dheireadh na bliana 2025 a chinnfear an cineál cuí tacaíochta don tréimhse tar éis na bliana 2025.

Leasaigh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Scéim Deontas Micrighiniúna Neamhbhaile de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), chun socrú a dhéanamh do dheontais d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite nach mó a dtoilleadh ná 1 MW. Is ionann an leasú sin agus an chéad chéim de SRESS, ina dtairgtear deontais airgeadais láithreacha do shuiteálacha grianphainéal fótavoltach don chohórt sin.

Ar leithligh uaidh sin, de bhun thabhairt isteach na Ráthaíochta Onnmhairí Glana sa bhliain 2021, tá aon leictreachas in-athnuaite iarmharach nach n-úsáidtear ar áitribh féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite incháilithe anois le haghaidh íocaíocht onnmhairiúcháin óna soláthraí leictreachais, rud a thacaíonn arís eile leis an infheistíocht. Tá tuilleadh faisnéise faoin Ráthaíocht Onnmhairí Glana tugtha thíos.

Céim a Dó: Tionscadail onnmhairiúcháin pobail agus fiontar beag agus meánmhéide/feirmeoireachta ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 6 MW

Is trí tharaif ráthaithe a sholáthrófar tacaíocht do na tionscadail sin. Saintréith den taraif sin a bheidh i dtaraif Préimhe Dreasachta nach ngabhann aon cheant léi. Soláthrófar an ráta tacaíochta ar feadh na saolré tacaíochta, agus iarratasóirí rathúla ag fáil préimhe ar an ioncam margaidh a fhaigheann siad as a leictreachas in-athnuaite. De bhreis air sin, tabharfar tacaíocht faoin gcatagóir seo freisin do thionscadail atá dírithe ar onnmhairí agus orthu sin amháin (is é sin le rá, na tionscadail giniúna leictreachais in-athnuaite sin nach féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite iad) ar lú a dtoilleadh ná 1 MW.

Soláthrófar taraif dhifriúil, ag brath ar cé acu is Fiontar Beag nó Meánmhéide nó Pobal Fuinnimh In-athnuaite é an tionscadal. Soláthraítear ráta níos airde do Phobail Fuinnimh In-athnuaite mar gheall ar na bacainní breise a mbíonn siad ag dul i ngleic leo agus iad ag bunú tionscadal amhail pleanáil, nascadh leis an eangach agus maoiniú. Ina theannta sin, is léiriú é ar an mian beartais phoiblí go nglacfadh an pobal páirt i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear spriocanna de chuid an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide arb é atá iontu go soláthrófaí 500 MW ar a laghad ó thionscadail áitiúla phobalbhunaithe fuinnimh in-athnuaite faoin mbliain 2030. Beidh feirmeoirí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an mbonn céanna le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Féach an rannán 'Naisc Úsáideacha' thíos chun faisnéis agus treoir a fháil maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a bhunú.

Tá Rátaí Taraife SRESS leagtha amach sa tábla thíos:

Rátaí Taraife SRESS do Phobail Fuinnimh In-athnuaite

Grianphainéil Fhótavoltacha Bheagscála (1 MW nó nach mó ná 1 MW) Grianphainéil Fhótavoltacha Bheagscála (is mó ná 1 MW agus nach mó ná 6 MW) Fuinneamh Gaoithe (<6 MW)
€150/MWh €140/MWh €90/MWh

Rátaí Taraife SRESS d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Grianphainéil Fhótavoltacha Bheagscála (1 MW nó nach mó ná 1 MW) Grianphainéil Fhótavoltacha Bheagscála (is mó ná 1 MW agus nach mó ná 6 MW) Fuinneamh Gaoithe (<6 MW)
€130/MWh €120/MWh €80/MWh

Céim a Trí: Tacaíocht Taraife do Gach Catagóir (Ón mbliain 2026 amach)

Tá sé beartaithe gur trí Tharaif Dhreasachta a thacófar le gach catagóir iarratasóra sa tréimhse tar éis na bliana 2025, lena n-áirítear Féintomhaltóirí Fuinnimh In-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW. Tá sé beartaithe go ndéanfar an cinneadh deiridh air sin tar éis anailís cothrom le dáta a dhéanamh sa bhliain 2025.

Tá roinnt Príomhghnéithe Deartha eile de SRESS liostaithe thíos. Féach freisin an Doiciméad Poiblí maidir le Príomhchinntí na Scéime Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) atá le fáil thíos.

Cosaint Tomhaltóirí – Taraif dhá threo is ea an taraif phréimhe thuasluaite do thionscadail atá faoi stiúir ag onnmhairí. Cabhróidh sé sin le custaiméirí leictreachais a chosaint ar ardphraghsanna leictreachais trína chinntiú nach dtabharfar róchúiteamh do thionscadail agus go ranníocfaidh tionscadail airgead ar ais leis an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí le linn tréimhsí ina bhfuil ardphraghsanna leictreachais i réim.

Teicneolaíochtaí Incháilithe – Is le haghaidh fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe atá na taraifí a sholáthraítear, toisc go meastar go mbeidh formhór mór na n-iarratasóirí comhdhéanta den dá chineál teicneolaíochta sin. De réir mar a théann an scéim ar aghaidh, breithneofar an fhéidearthacht a bhaineann leis an raon taraifí a leathnú chun teicneolaíochtaí eile a chur ar áireamh.

Rannpháirtíocht an Phobail – I gcomparáid le próiseas ceant iomaíoch RESS, tá sé mar aidhm le SRESS bealach níos fusa chun an mhargaidh a sholáthar do thionscadail phobail, gan aon cheant iomaíoch a bheith ann, agus á chumasú d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus do dhaoine eile an ról is mó is féidir a imirt san aistriú fuinnimh freisin.

Beidh tionscadail phobail atá faoi stiúir ag onnmhairí incháilithe le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí cumasúcháin. Beidh siad sin cosúil leo sin a forbraíodh faoi Chreat Cumasúcháin Pobail RESS ó SEAI. Is pacáiste tacaíochtaí cumasúcháin é sin, lena n-áirítear seirbhísí teicniúla agus seirbhísí airgeadais. Tá sé beartaithe go mbeidh sé ar fáil do thionscadail phobail faoi SRESS.

Tá tuilleadh mionsonraí faoin tacaíocht atá ar fáil cheana do phobail faoi RESS, lena n-áirítear modúil treorach praiticiúil ar raon leathan topaicí fuinnimh in-athnuaite, ar fáil ar shuíomh gréasáin SEAI.

Príomhchinntí SRESS - Doiciméad Poiblí
Amharc amharc

Méid na Suiteálacha Fuinnimh Gréine Beagscála

Teastaíonn idir 125 cinn agus 200 ceann de ghrianphainéil, nó mar sin, ó shuiteálacha dín 50 kW agus ó shuiteálacha 50 kW atá suite ar an talamh. Theastódh 250-300 m2 de spás dín uaidh sin. Chun an figiúr sin a chur i gcomhthéacs, tá thart ar 260 m2 i gcúirt dhúbailte leadóige.

Mar mhalairt air sin, theastódh thart ar aon trian d’acra talún (0.1 heicteár) ó chóras 50 kW atá suite ar an talamh.

Teastaíonn thart ar 3.75-5 acra (1.5-2 heicteár) chun 1 MW de thoilleadh fuinnimh gréine a éascú.


An Ráthaíocht Onnmhairí Glana

Leis an taraif Ráthaíochta Onnmhairí Glana, tugtar deis do ghineadóirí micreascála agus beagscála in Éirinn íocaíocht a fháil óna soláthraí leictreachais as an leictreachas in-athnuaite barrachais ar fad a onnmhairíonn siad chuig an eangach. Tá an luach saothair sin ceaptha chun margadhluach mórdhíola an leictreachais a léiriú.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) cinneadh maidir le creat cumasúcháin eatramhach don Ráthaíocht Onnmhairí Glana an 1 Nollaig 2021.

Leagtar amach sa chinneadh sin na socruithe eatramhacha le haghaidh an Ráthaíocht Onnmhairí Glana a chur chun feidhme, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus an mhodheolaíocht luach saothair. Tá sé cinnte ag CRU go socróidh soláthraithe a dtaraifí aonair féin don Ráthaíocht Onnmhairí Glana ar bhonn margaidh iomaíoch. Áirítear leis an gcinneadh ó CRU roinnt socruithe chun a chinntiú go mbeidh cur chun feidhme na Ráthaíochta Onnmhairí Glana ag teacht leis an gClár Náisiúnta um Méadrú Cliste.

Tháinig an Ráthaíocht Onnmhairí Glana chun bheith ar fáil tráth thrasuí Airteagal 21 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED II) i ndlí na hÉireann an 15 Feabhra 2022. Tá sí ar fáil do ghineadóirí micreascála agus beagscála atá nua agus atá ann cheana araon a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach sa chinneadh ó CRU. Tá taraif don Ráthaíocht Onnmhairí Glana i bhfeidhm ag gach soláthraí leictreachais.

Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin CRU.


Naisc Eangaí do Ghineadóirí Beagscála

I mí Mheán Fómhair 2022, d’oscail Líonraí BSL treoirscéim um Ghiniúint Bheagscála. Ar aon dul lena raon feidhme tosaigh, tá an treoirscéim le bheith ar siúl ar feadh sé mhí agus tá sí le suas le 100 nasc a éascú sa raon seo. Cuirfear an t-aiseolas a gheofar agus na nithe a fhoghlaimeofar ar fud thréimhse na treoirscéime san áireamh, agus úsáidfear iad chun ár bpróiseas um ghineadóirí a nascadh a fhorbairt agus a fheabhsú sa todhchaí.

I gcás suiteálacha móra, is é próiseas an Bheartais Mharthanaigh um Nascadh d’iarratais ar nascadh leis an eangach an phríomhchonair trínar féidir le gineadóirí, le tionscadail stórála agus le tionscadail eile teicneolaíochta seirbhísí córais nascadh leis an eangach faoi láthair. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Líonraí BSL.


Naisc Úsáideacha