Imeall trá: Ceisteanna coitianta
- Foilsithe: 30 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Iarratas ar Chead Limistéir Mhuirí nó Ceadúnas sa Limistéar Muirí – le héifeacht ón 17ú Iúil 2023
- Cad is Urthrá ann?
- Cé leis an Urthrá?
- Cad é an difear idir Léas Urthrá agus Ceadúnas Urthrá?
- Conas is féidir liom mo chuid tuairimí ar iarratas urthrá faoi leith a chur in iúl?
- An bhfuil ceanglais speisialta ar bith ann chun tionscadal fuinnimh amach ón gcósta a fhorbairt amhail tionscadal feirm ghaoithe nó tionscadal taoide nó tonnta?
- An gá dom íoc as léas / ceadúnas Urthrá?
- Cad iad na coinníollacha a bheidh le mo léas/cheadúnas?
- Cad iad na cearta atá ag úinéirí a bhfuil Urthrá faoi úinéireacht phríobháideach acu?
- An gá dom cead pleanála a fháil cé nach bhfuilim ach ag forbairt ar an urthrá?
- An dteastaíonn toilithe reachtúla eile i gcomhair forbartha ar an urthrá?
- An gá dom ceadúnas/ léas/ cead urthrá a bheith agam chun ábhar a bhaint (amhail gaineamh trá nó feamainn) den urthrá?
- Tá an fhorbairt atá beartaithe an-bheag nó baineann sé le háitiú sealadach ar an urthrá. An gá dom fós toiliú a fháil faoin Acht Urthrágha?
- An dteastaíonn cead urthrá le haghaidh baint feamainne?
- An féidir léas a athshannadh d’úinéir úr?
- An féidir ceadúnas a athshannadh d’úinéir úr?
- An dteastaíonn ceadúnas urthrá uaim chun lámhach ar an urthrá?
Baineann na ceisteanna seo a leanas le hurthrá agus le ceadanna urthrá agus iarratais ar cheadanna (léas nó ceadúnas) mar atá sainmhínithe faoin Acht Urthrá 1933 mar atá leasaithe .
Iarratas ar Chead Limistéir Mhuirí nó Ceadúnas sa Limistéar Muirí – le héifeacht ón 17ú Iúil 2023
Ón 17ú Iúil 2023, ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le hiarratais Urthrá a thuilleadh. Ní mór gach iarratas nua ar thoiliú sa limistéar muirí a chur faoi bhráid an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí. Tá foirmeacha iarratais agus treoir ar fáil ar suíomh idirlín - an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.
Cad is Urthrá ann?
Sainmhínítear urthrá na hÉireann mar an talamh agus grinneall na farraige idir lán mara na ngnáth-thaoidí, nó na meán-taoidí (a thaispeántar le HWM ar léarscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis), agus teorainn an dá mhíle dhéag (tá 12 mhíle farraige cothrom le thart ar 22.24 ciliméadar). Cumhdaítear limistéir thaoide aibhneacha, go háirithe inbhir, san urthrá chomh maith.
Cé leis an Urthrá?
Glactar leis go bhfuil an urthrá ar fad in Éirinn faoi úinéireacht an Stáit mura bhfuil teideal bailí eile curtha ar fáil.
Cad é an difear idir Léas Urthrá agus Ceadúnas Urthrá?
Eisítear léas go ginearálta i gcomhair forbartha lena dteastaíonn áitiú eisiach na hurthrá. I measc na bhforbairtí lena dteastódh léas bheadh: lamairní, droichid, céanna, muiríní, feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus míntíriú urthrá ar bith.
Eisítear ceadúnas go ginearálta i gcomhair forbartha nach dteastaíonn áitiú eisiach na hurthrá ina leith. Samplaí iad obair dheisiúcháin, roinnt obair chosanta urthrá, píblínte faoin bhfarraige, cáblaí, oibreacha imscrúdaithe láithreáin, oibreacha dreidireachta, agus baint feamainne fiáine.
Conas is féidir liom mo chuid tuairimí ar iarratas urthrá faoi leith a chur in iúl?
Fógraítear gach iarratas go poiblí trí fhógra nuachtáin agus cuirtear cáipéisí an iarratais ar fáil go háitiúil agus ar láithreán gréasáin na roinne. Is féidir le duine ar bith tuairimí a thabhairt i ndáil le hiarratas, agus breathnófar orthu nuair a dhéanfaidh an roinn measúnú ar an iarratas.
An bhfuil ceanglais speisialta ar bith ann chun tionscadal fuinnimh amach ón gcósta a fhorbairt amhail tionscadal feirm ghaoithe nó tionscadal taoide nó tonnta?
D’fhonn tionscadal fuinnimh amach ón gcósta a fhorbairt (gaoth, tonnta, taoide, ola, gás) is gá ceadúnas um imscrúdú láithreán urthrá a fháil ar dtús chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an láithreáin maidir leis an tionscadal fuinnimh in-athnuaite atá beartaithe. Ag brath ar thorthaí an imscrúdaithe láithreáin, is féidir leis an iarratasóir iarratas a dhéanamh ansin ar léas urthrá chun an tionscadal a fhorbairt agus a fheidhmiú ach ní mór a chuimhneamh go gcaithfear ceadanna eile a fháil fosta amhail cead pleanála, cead ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF) srl. Ar feitheamh athbhreithniú ar bheartas léasúcháin i dtaca le forbairtí fuinnimh amach ón gcósta, níl iarratais ar fhorbairtí tráchtála ORE á nglacadh ag an roinn faoi láthair. Breathnófar ar iarratais ar imscrúduithe láithreáin agus ar thionscadail taispeántais.
An gá dom íoc as léas / ceadúnas Urthrá?
Is gá, tá muirear i gceist maidir le léas nó ceadúnas do gach urthrá faoi úinéireacht an stáit.
Cad iad na coinníollacha a bheidh le mo léas/cheadúnas?
Dréachtófar léas nó ceadúnas caighdeánach. Cé go mbeidh formhór na gcoinníollacha caighdeánach tiocfaidh an léas nó an ceadúnas aonair leis an tionscadal is ábhar don léas / cheadúnas. Beidh coinníollacha sainiúla don láithreán i sceideal leis an léas / gceadúnas.
Cad iad na cearta atá ag úinéirí a bhfuil Urthrá faoi úinéireacht phríobháideach acu?
Ceanglaítear in Alt 10(2) den Acht Urthrágha nach mór cead ón Aire faoin Acht a fháil roimh oibreacha a dhéanamh ar urthrá phríobháideach.
An gá dom cead pleanála a fháil cé nach bhfuilim ach ag forbairt ar an urthrá?
Is gá, ní mór cead pleanála a fháil i gcomhair forbairtí ar urthrá an stáit nó ar urthrá phríobháideach atá cóngarach do limistéar feidhme Údaráis Phleanála chomh maith le toiliú urthrá. Tabhair faoi deara le do thoil, ag brath ar chineál na forbartha/gníomhaíochta go bhféadfadh sé go mbeadh gá le ceadanna breise ó chomhlachtaí reachtúla eile m.sh. Údarú Doirte Fuíolluisce ón GCC.
An dteastaíonn toilithe reachtúla eile i gcomhair forbartha ar an urthrá?
Teastaíonn. Teastaíonn toilithe reachtúla eile i gcomhair cineálacha áirithe forbartha chomh maith.
An gá dom ceadúnas/ léas/ cead urthrá a bheith agam chun ábhar a bhaint (amhail gaineamh trá nó feamainn) den urthrá?
Is gá.
Tá an fhorbairt atá beartaithe an-bheag nó baineann sé le háitiú sealadach ar an urthrá. An gá dom fós toiliú a fháil faoin Acht Urthrágha?
Is gá. Ní mór a chuimhneamh nach mór don Stát mar úinéir na hurthrá go ginearálta agus, cosúil le húinéir talún ar bith, toiliú a thabhairt maidir le gníomhaíocht ar bith ar a thalamh lena chinntiú go bhfuil an urthrá á cosaint. Déanann an roinn, mar shampla, gníomhaíochtaí amhail rásaíocht chapall agus scannánaíocht ar an urthrá a cheadúnú faoi Alt 3.3 de na hAchtanna Urthrá. Sampla den chéad cheann is ea rásaíocht chapall Bhaile an Lígh agus sampla den dara ceann is ea an scannán "Saving Private Ryan".
An bhfuil gá le toiliú urthrá le haghaidh múrálacha?
Tá, teastaíonn ceadúnas urthrá le haghaidh múrálacha, más féidir déanfar múráil a cheadúnú faoi alt 3(3) den Acht Urthrágha. D’fhéadfadh gá a bheith le hathbhreithniú níos mionsonraithe le haghaidh iarratas ar chomhcheirtliúcháin mhóra múrála nó ar chinn atá suite i limistéir íogaire.
An dteastaíonn cead urthrá le haghaidh baint feamainne?
Teastaíonn. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtugtar ceart eisiach chun fómhar a dhéanamh ar fheamainn sa limistéar is ábhar don chead le deonú ceadúnais dá leithéid.
An féidir léas a athshannadh d’úinéir úr?
Is gá toiliú an Aire maidir le hathshannadh beartaithe ar bith. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil go díreach leis an Rannán um Pleanáil Mara agus Urthrá.
An féidir ceadúnas a athshannadh d’úinéir úr?
Ní féidir. Sa chás go dtagann an cás seo chun cinn, cuirtear an buncheadúnas ar ceal agus déanann an t-úinéir úr iarratas ar cheadúnas úr de ghnáth.
An dteastaíonn ceadúnas urthrá uaim chun lámhach ar an urthrá?
Ní theastaíonn. Rialaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Téigh i dteagmháil le do thoil le wildlifelicence@ahg.gov.ie