English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léarscáil an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta


Léarscáil Idirghníomhach

I léarscáil an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta sainaithnítear láithreacha agus áitribh mar ÓMRA nó GORM.

Déanaimid nuashonrú go ráithiúil ar an léarscáil Úsáidtear faisnéis ó GeoDirectory R1 2024 sa nuashonrú is déanaí ar an léarscáil.

  • Limistéir ÓMRA - na sprioc-limistéir le haghaidh idirghabháil Phlean Leathanbhanda Náisiúnta an Stáit
  • Limistéir GHORMA - mar a bhfuil oibritheoirí tráchtála ag seachadadh seirbhísí leathanbhanda ardluais nó mar a bhfuil pleananna léirithe acu. Tá a gcuid seirbhísí á bhfeabhsú go leanúnach ag na hoibritheoirí sna limistéir seo d'fhonn rochtain ar leathanbhanda ardluais a fheabhsú. Déan teagmháil linn ag Broadband@decc.gov.ie le cur in iúl dúinn murar féidir leat leathanbhanda ardluais a fháil ó na soláthróirí i do limistéar. Ba mhór an chabhair í a chur in iúl don roinn cé hiad na hoibritheoirí a ndearna tú teagmháil leo.

Is féidir leat d'áitreabh a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach mar seo:

  • iontráil do Éirchód, ar Uirlis Aimsithe Éirchód
  • iontráil do sheoladh sa bhosca cuardaigh
  • zúmáil isteach ar an léarscáil

Staitisticí Contae

Beidh Leathanbhanda Ardluais á sheachadadh chuig gach áitreabh in Éirinn trí chumasc d'infheistíocht tráchtála agus infheistíocht stáit.

Tugtar forléargas ar líon iomlán na n-áitreabh i gcontae atá i limistéar tráchtála (GORM) agus i Limistéar Idirghabhála an Stáit (ÓMRA).

Tá na figiúir bunaithe ar an nuashonrú is déanaí ar an léarscáil agus cuimsíonn sé aon áitreabh nua.