Plaistigh Aonúsáide
- Foilsithe: 22 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 22 Samhain 2024
Úsáidtear plaistigh aonúsáide (SUP)aon uair amháin, nó ar feadh tréimhse gearr ama, sula gcaitear amach iad. Tá 70% den bhruscar mara san AE comhdhéanta den 10 n-earra plaisteach aon-úsáide is coitianta atá ar fáil.
Tá sé mar aidhm ag an AE méid agus tionchar táirgí plaisteacha ar leith ar an gcomhshaol a laghdú trí Threoir (AE) 2019/904 maidir le tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú. De ghnáth tugtar an Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide air seo.
Tiomnaíonn an Treoir ar na ballstáit réimse bearta a thabhairt isteach le déileáil leis na hearraí plaisteacha aonúsáide is coitianta agus tá sí le trasuí faoin 3 Iúil 2021.
Tá tús curtha ag Éirinn le trasuíomh na Treorach agus tá na hearraí SUP a leanas toirmiscthe ó mhargadh na hÉireann ón 3 Iúil 2021:
- Baitíní Cadáis
- Sceanra
- Plátaí
- Corraitheoirí
- Cipíní Itheacháin
- Soip
- Coimeádáin bia agus dí aonúsáide polaistiréine fhorbartha
- Gach táirge plaisteach ocsó-inmhillte
Rialacháin chun an toirmeasc seo a chur i bhfeidhm sínithe ag an Aire Eamon Ryan ar an 2ú Iúil 2021.
Ní mór do tháirgeoirí cheirtlíní taise, táirgí tobac ina bhfuil plaisteach, earraí sláintíochta agus cupáin a chinntiú go bhfuil riachtanais mharcála Rialachán Feidhmithe an Choimisiúin (AE) 2020/215 le fáil ar a bpacáistiú nó ar a gcuid táirgí, de réir mar is iomchuí. De réir an rialacháin seo, caithfidh dhá theanga oifigiúla na hÉireann a bheith sa mharcáil. Tá an rialachán seo ar fáil as Gaeilge.
Ní féidir na táirgí seo a chur ar an margadh in Éirinn tar éis an 3 Iúil 2021 ach amháin má tá siad ag cloí leis an rialachán seo.
Ciallóidh oibleagáidí eile sa Treoir go gcuirfear cosc ar choimeádáin dí (buidéil, cartáin) suas le 3 lítear ó mhargadh na hÉireann ón 3 Iúil 2024, mura bhfuil a chaipín ceangailte le príomhchuid an árthaigh. Toirmiscfear ar tháirgeoirí dí aon bhuidéal teireataláit phoileitiléine SUP (PET) suas le 3 lítear i méid ar mhargadh na hÉireann ó Eanáir 2025 mura bhfuil 25% ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte ann. Ó Eanáir 2030 ní mór 30% de phlaisteach athchúrsáilte ar a laghad a bheith sna buidéil seo.
Faoin 5 Eanáir 2023 éileofar ar tháirgeoirí pacáistithe costas glantachán bruscair a chlúdach, chomh maith leis na dualgais atá orthu cheana féin Freagracht Leathnaithe an Tairgeora (EPR) i leith na n-earraí a leanas:
- coimeádáin bhia
- paicéid
- páipéir chumhdaigh
- árthaigh dí
- cupáin
- málaí iompair éadroma
Beidh Coimisiún an AE ag eisiúint treorach faoin gcaoi a ndéanfar é seo a ríomh agus beimid á fhoilsiú nuair a bheidh sé ar fáil.
Faoin 5 Eanáir 2023, beidh tairgeoirí táirgí tobac ina bhfuil plaisteach faoi réir ag an scéim EPR. Faoin 31 Nollaig 2024, beidh tairgeoirí balún, ceirtlíní taise agus trealamh iascaigh faoi réir ag an scéim EPR.
D'fhonn a gcumas in-athchúrsála a uasmhéadú, bainfear ráta bailiúchán ar leith de 90% amach do bhuidéil phlaisteacha. Cuirfear Scéim Taiscithe agus Fillte (DRS) ar bun le seo a bhaint amach.
Tá Treoir ghinearálta ar scóip na dtáirgí a chuimsítear sa Treoir seo ar fáil ón gCoimisiún Eorpach.