Plean Náisiúnta Aeráide agus Fuinnimh na hÉireann
- Foilsithe: 15 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Iúil 2024
De réir Rialachas an Aontais Fuinnimh agus an Rialacháin um Ghníomhaíocht Aeráide, cuireadh dréachtphlean Náisiúnta Fuinnimh & Aeráide (NECP) 2021-2030 na hÉireann faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Nollag 2018. Chuir an dréacht NECP san áireamh beartais fuinnimh agus aeráide a bhí forbartha go dtí an pointe sin, na leibhéil fáis déimeagrafacha agus eacnamaíocha a sainaithníodh i bpróiseas Thionscadal 2040 agus áiríodh ann na bearta aeráide agus fuinnimh go léir a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.
Ullmhaíodh NECP 2019 chun gach beartas agus beart pleanáilte a sainaithníodh go dtí deireadh 2019 a chuimsiú agus a sholáthraíonn le chéile laghdú 30% faoi 2030 in astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-ETS (ó leibhéil 2005).
Faoin gClár Rialtais, Ár dTodhchaí le Chéile, tá Éire tiomanta do laghdú bliantúil 7% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach idir 2021 agus 2030. Dréachtaíodh an NECP de réir chur chuige reatha chomhroinnt iarrachtaí an AE, sular thug an Rialtas tiomantas don leibhéal uaillmhian níos airde seo, agus mar sin ní léiríonn sé an tiomantas níos airde seo. Tá Éire ag forbairt na mbeartas agus na mbeart sin faoi láthair agus tá rún aici athbhreithniú an NECP a chomhtháthú sa phróiseas a theastóidh chun cion tairbhe fhoriomlán an AE faoi Chomhaontú Pháras a mhéadú..
An Dréachtphlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide
Cuireadh an chéad Dréachtphlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) 2021-2030 faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 31 Nollaig 2018. Tugann sé breac-chuntas mionsonraithe ar bheartais fuinnimh agus aeráide na hÉireann don tréimhse ó 2021 go 2030 agus breathnaíonn sé ar aghaidh go dtí 2050. Is plean comhdhlúite é an NECP a thugann pleanáil fuinnimh agus aeráide le chéile i bpróiseas amháin den chéad uair.
Bhí dhá chomhairliúchán ann go dtí seo mar bhonn eolais don Phlean.
Dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann (NECP) 2021-2030
Comhairliúchán Tosaigh - Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann (NECP) 2021-2030