English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024

Forbraíodh an Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 i gcomhar le gach Roinn Rialtais agus gach príomh-gheallsealbhóir agus tá sé bunaithe ar an ionchur a fuarthas ó dhá phróiseas comhairliúcháin phoiblí.

Leagtar cúig chuspóir straitéiseacha agus 51 ghníomh amach sa Phlean, agus 119 mbeart aonair ann chun cur le huaillmhian na hÉireann agus treisiú leis na struchtúir chur chun feidhme atá i bhfeidhm chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Cuirtear san áireamh sa Phlean freisin 23 ghníomh sheachtracha ó cheithre cinn eile de Phleananna nó Straitéisí Náisiúnta, lena rannchuidítear le cuspóirí an Phlean agus atá comhlántach leo. Cuireadh na gníomhartha sin ar áireamh sa Phlean chun críocha comhleanúnachais agus tuairiscithe.

  • Cuspóir Straitéiseach 1: An creat le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leabú isteach san obair a dhéanann Ranna Rialtais ar mhaithe le Comhleanúnachas Beartais a fheabhsú don Fhorbairt Inbhuanaithe
  • Cuspóir Straitéiseach 2: Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú isteach san obair a dhéanann Údaráis Áitiúla chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a oiriúnú don scéal áitiúil
  • Cuspóir Straitéiseach 3: Comhpháirtíochtaí a fheabhsú le haghaidh na Spriocanna
  • Cuspóir Straitéiseach 4: An prionsabal um ‘Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh’ a chur san áireamh tuilleadh i sásraí cur chun feidhme agus tuairiscithe na hÉireann i leith Chlár Oibre 2030
  • Cuspóir Straitéiseach 5: Sásraí láidre tuairiscithe

Tá sa Phlean freisin 22 chás-staidéar atá ceaptha chun léargas a thabhairt ar roinnt de na tionscnaimh luachmhara agus ar na tionscadail dea-chleachtais agus na cláir dhea-chleachtais atá á gcur ar aghaidh ag eagraíochtaí, institiúidí agus earnálacha éagsúla ar fud na tíre.

Ba iad na hiontrálaithe inár gComórtas Sóisearach Ealaíne maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a sholáthair an saothar álainn ealaíne atá sa Phlean.

An Dara Plean Forfheidhmithe Náisiúnta d'Éirinn do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024
Amharc amharc

Doiciméid tacaíochta

Forbraíodh dhá dhoiciméad tacaíochta lena bhfoilsiú i gcomhthráth le foilsiú an Phlean:

An Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022

Sa Léarscáil Beartais 2022, sainaithnítear na príomh-Ranna do gach ceann de na 17 Sprioc agus den 169 mionsprioc, léarscáilítear na mionspriocanna uile do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe in aghaidh beartais náisiúnta, agus tugtar sonraí teagmhála do gach réimse beartais iomchuí

Nuashonrú beartais ar an dóigh a mbíonn mionspriocanna na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe á gcur chun feidhme ag Éirinn

Gabhtar go lárnach sa doiciméad seo na tionscnaimh agus na nuashonruithe atá ar bun ag an Rialtas chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur ar aghaidh ar leibhéal na mionsprice.