English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais 2023

Tá na pleananna atá ag Éirinn chun a bheith ina cuid lárnach de thodhchaí fuinnimh na hEorpa leagtha amach sa Ráiteas Beartais Náisiúnta nua maidir le hIdirnasc Leictreachais. Tugtar le hidirnascairí leictreachais modh trínar féidir leictreachas a chomhroinnt idir tíortha agus, mar thoradh ar na forbairtí nua idirnaisc atá beartaithe, agus ar an earnáil fuinnimh inathnuaite atá ag fás sa Stát, d’fhéadfadh Éire a éirí ina glan-onnmhaireoir leictreachais.

Mar chuid de na pleananna atá beartaithe, méadóidh Éire an toilleadh idirnaisc leictreachais atá aici agus iniúchfaidh sí deiseanna nua idirnaisc leis an Spáinn, leis an mBeilg agus leis an Ísiltír agus naisc bhreise leis an mBreatain Mhór agus leis an bhFrainc araon. Leagtar amach sa ráiteas beartais freisin an dóigh a gcinnteofar réamhphleanáil chomhtháite trí chur chuige stát-treoraithe a ghlacadh, agus an bealach á réiteach don bhonneagar a theastaíonn chun mórdheiseanna onnmhairiúcháin fuinnimh ghlais a thapú.

Tiocfaidh méadú ar an tábhacht a bhaineann le hidirnasc de réir mar a mhéadaíonn sciar na hearnála fuinnimh inathnuaite den mheascán soláthair i gcóras leictreachais na hÉireann agus na hEorpa i ndáil le leictreachas a allmhairiú agus i ndáil le leictreachas a onnmhairiú araon. Cabhraíonn idirnasc méadaithe leis an soláthar leictreachais agus an t-éileamh ar leictreachas a chothromú idir tíortha agus bíonn sé ina sholáthar cumhachta cúltaca luachmhar nuair a bhíonn toilleadh laghdaithe ag córais leictreachais. Toradh eile a bheidh ar idirnaisc nua is ea go mbeifear in ann allmhairí fuinnimh a mhéadú i gcás drochshuaite, rud a d’fhéadfadh tarlú le linn eachtraí adhaimsire.

Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais 2023
Amharc amharc

Coimisiúnaíodh an staidéar seo (atá ar fáil i mBéarla amháin) ó DNV ag an Roinn chun na himpleachtaí is dóichí a d'fhéadfadh a bheith ag níos mó idirnaisc trastheorann don earnáil leichtreachais na hÉireann, a shainaithint. Léirítear leis an staidéar, a bhí bunaithe ar shamhaltú cainníochtúil, na hacmhainní idirnaisc bharrmhaithe agus réalaíocha atá ann, leis an gcuspóir tairbhí shocheacnamaíocha a uasmhéadú.

Report on Impacts of Increased Electricity Interconnection
Amharc amharc