Ráiteas Stráitéise 2021-2023
- Foilsithe: 26 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2021
Is é Le Chéile 23 an Ráiteas Straitéise don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Legann sé amach an fhís, an misean agus na spriocanna straitéiseacha d'ár Roinn thar na trí bliana amach romhainn, 2021-2023.
An fhís atá againn ná d'Éire atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha go digiteach.
An misean atá againn ná beartais agus cláir a sheachadadh i gcomhar le chéile chun cumhacht a thabhairt do dhaoine, do phobail agus do ghnólachtaí leanúint leis an aistriú chuig caighdeán maireachtála níos fearr do ghlúnta na linne seo agus do ghlúnta na todhchaí.
Is iad na cúig Sprioc Straitéiseacha atá againn ná:
1. A bheith mar cheannaire aitheanta maidir le gníomhú ar son na haeráide;
2. Ár gcóras fuinnimh a athrú chun todhchaí glan-astaíochtaí nialais a bhaint amach;
3. Aistriú chuig Geilleagar Ciorclach – ár dtimpeallacht a chosaint agus a athshlánú trí úsáid inbhuanaithe acmhainní;
4. Nascacht agus cumarsáid den scoth a sholáthar; agus
5. Rialachas agus rialáil aicme is fearr a chinntiú.