English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais

Ón 1 Feabhra 2024 i leith, beidh tú in ann na buidéil phlaisteacha dí agus na cannaí alúmanam atá úsáidte agat agus a bhfuil an lógó ‘Re-turn’ orthu a thabhairt ar ais tríd an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais. Is é an toradh a bheidh air sin go laghdófar an bruscar inár dtimpeallacht agus go gcabhrófar linn ár rátaí athchúrsála a mhéadú.

Meastar go n-úsáidtear thart ar 5 mhilliún ceann de bhuidéil agus cannaí aonúsáide dí gach lá in Éirinn. Is gnách go n-úsáidtear coimeádáin dí nuair a bhítear i mbun gluaiseachta agus is minic a chaitear amach iad san araid dramhaíola measctha nó san araid bruscair mheasctha in ionad iad a athchúrsáil.

I láthair na huaire, ní hionann ach agus 23% ár ráta athchúrsála do bhuidéil a úsáidtear nuair a bhítear i mbun gluaiseachta. Is gá dúinn an ráta sin a mhéadú go 90% faoin mbliain 2029 chun ár spriocanna athchúrsála Eorpacha a chomhlíonadh.

Leis an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais, méadófar an ráta athchúrsála do na coimeádáin dí sin trí éarlais bheag inaisíoctha a ghearradh i leith gach buidéil phlaistigh agus gach canna. Nuair a thugann tú do bhuidéil nó do channaí ar ais, agus iad folamh agus neamhdhamáistithe, gheobhaidh tú d’éarlais ar ais in airgead tirim nó i ndearbhán is féidir a mhalartú ar airgead tirim sa siopa a bhfuil na buidéil nó na cannaí á dtabhairt ar ais agat chuige.

Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin Re-turn.