English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS)


Soláthraíonn an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inbhuanaithe (RESS) tacaíocht do thionscadail leictreachais inathnuaite in Éirinn. Le fócas príomhúil ar éifeachtúlacht costais, seachadann RESS réimse leathan de chuspóirí beartais, lena n-áirítear:

  • Creat Cumasúcháin don Rannpháirtíocht Phobail trí chonairí agus tacai a sholáthar do phobail le bheith rannpháirteach i dtionscadail fuinnimh inathnuaite.
  • ilghnéitheacht teicneolaíochta a mhéadú tríd an meascán teicneolaíochta leictreachais inathnuaite a fhairsingiú
  • beartas leictreachais uaillmhianach inathnuaite a sheachadadh go dtí 2030
  • slándáil fuinnimh, inathnuaiteachas fuinnimh a mhéadú agus éifeachtúlacht costais an bheartas fuinnimh a chinntiú

RESS 1

Tá torthaí sealadacha agus deiridh RESS 1 deimhnithe anois agus ar fáil ar suíomh gréasáin EirGrid.

Is gné lárnach dár ngníomh maidir le suaiteacht aeráide é leictreachas in-athnuaite mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, an Plean Gníomhaíochta Aeráide 2019, agus an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030. Cinntítear i Scéim RESS go bhfuilimid ar chonair chun ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach agus leagtar síos bunsraitheanna do mhargadh leictreachais a bheidh in-athnuaite rathúil agus costéifeachtach. Tacóidh sé seo le fás gheilleagair ghlais, cruthóidh sé deiseanna oibre inbhuanaithe, agus beidh buntáiste ann don tomhaltóir ar deireadh thiar de réir mar a fheabhsaíonn costéifeachtúlacht na bhfuinneamh inathnuaite.

Tionólfar ceantanna RESS go minic i rith saolré na scéime. Ceadóidh sé seo d'Éirinn leas a bhaint as titim na gcostas teicneolaíochta agus 'glasáil' chostais arda do thomhaltóirí a sheachaint.

Tá Téarmaí agus Coinníollacha RESS 1 agus Nóta Forlíontach Scéim Infheistíochta RESS ar fáil thíos.

Nuashonrú Tionscadail - Eanáir 2020

Faisnéisiú Páirtithe Leasmhara (Sam 2019)

RESS 1 Terms and Conditions
This document sets out the terms and conditions that will apply to the first competition to be conducted under the RESS and to the ongoing administration of awards made in the RESS 1 Auction.
Amharc amharc
RESS Investment Scheme Supplementary Note
Citizens will be provided with opportunities to invest in Community Projects through the inclusion of the Community Projects preference category in RESS-1.
Amharc amharc
Industry Briefing (Sept 2019)
Amharc amharc
RESS High Level Design
This paper focuses on the High Level Design (HLD) for the new Renewable Electricity Support Scheme (RESS) for Ireland.
Amharc amharc

RESS 2

Cheadaigh an rialtas na torthaí deiridh ar phróiseas ceant RESS 2 agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin EirGrid.

Is ionann na tionscadail rathúla in RESS 2 agus méadú féideartha 20%, beagnach, ar acmhainn giniúna fuinnimh inathnuaite reatha na hÉireann. Soláthrófar iad idir na blianta 2023 agus 2025.

D’éirigh sa cheant le 2,748 GWh de na tairiscintí 3,772 GWh a cuireadh isteach. Is ionann é sin agus thart ar 414 MW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh agus 1,534 MW d’fhuinneamh gréine.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi RESS 2 a fháil ar gov.ie.


RESS 3

Ag teacht sna sála ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar cheadú an Rialtais do phríomhghnéithe deartha RESS 3, rud a fógraíodh le déanaí, tá Téarmaí agus Coinníollacha RESS 3 foilsithe thíos anois.

Foilsíodh Fógra Freagartha Comhairliúcháin freisin. Sa doiciméad sin, tugtar forbhreathnú achoimre ar na príomhchinntí sna Téarmaí agus Coinníollacha deiridh mar fhreagairt do thráchtanna agus moltaí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin.

Tá an t-amchlár ceant tugtha chun críche agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin EirGrid do RESS.

Tá tús curtha le ceant RESS agus tá dáta deiridh an Iarratais Cháiliúcháin thart anois.

Ó gur foilsíodh Téarmaí agus Coinníollacha RESS 3, tá athbhreithniú déanta ag an Roinn Comshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar na Téarmaí agus Coinníollacha chun roinnt mionleasuithe a dhéanamh. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Athbhreithnithe ar fáil thíos in éineacht le Faisnéis Geallsealbhóirí RESS 3 agus Achoimre ar Leasuithe ar na Téarmaí agus Coinníolacha.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil Téarmaí agus Coinníollacha Athbhreithnithe RESS 3 glactha in ionad Téarmaí agus Coinníollacha RESS 3 a foilsíodh ar dtús.

.

Téarmaí agus Coinníollacha Athbhreithnithe RESS 3
Amharc amharc

I bhFaisnéis Geallsealbhóirí RESS 3 agus Achoimre ar Leasuithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha, leagtar amach faisnéis bhunriachtanach do gheallsealbhóirí mar aon le hachoimre ar na leasuithe a rinneadh ar Théarmaí agus Coinníollacha bunaidh RESS 3.

Faisnéis Geallsealbhóirí RESS 3 agus Achoimre ar Leasuithe ar na Téarmaí agus Coinníolacha
Amharc amharc
Téarmaí agus Coinníollacha RESS 3 a foilsíodh ar dtús
Amharc amharc
Téarmaí agus Coinníollacha RESS 3 - Fógra i dtaobh na bhFreagraí ar an gComhairliúchán Poiblí
Amharc amharc

RESS 4

Tar éis an phróisis comhairliúcháin agus ceadú ón Rialtas ar phríomhghnéithe deartha RESS 4, a fógraíodh le déanaí, tá Téarmaí agus Coinníollacha RESS 4 foilsithe anois thíos.

Foilsíodh Fógra i dtaobh na bhFreagraí ar an gComhairliúchán freisin. Cuirtear forbhreathnú achomhair ar fáil sa doiciméad seo ar na príomhchinntí sa Téarmaí agus Coinníollacha deiridh mar fhreagairt ar bharúlacha agus moltaí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin.

Tá an t-amchlár ceant tugtha chun críche agus tá na sonraí ar fad maidir le hamlíne ceant RESS 4 ar fáil ar shuíomh gréasáin EirGrid do RESS.

Tá Téarmaí agus Coinníolacha RESS 4 ar fáil thíos.

Téarmaí agus Coinníollacha RESS 4
Amharc amharc

Mar a leagtar amach i dTéarmaí agus Coinníollacha RESS 4, is iad Praghas Uasta Taireascana a Bhreithneofar atá sonrach don teicneolaíocht ná na praghsanna uasta tairisceana atá sonrach don teicneolaíocht is ceadmhach a chur ar áireamh i dTairiscint do Cheant RESS 4. Tá na praghasanna uasta taireascana agus Fachtóirí Ceartúcháin Meastóireachta teicneolaíochta ábhartha cinnte ag an Aire agus tá siad ar fáil thíos.

Paraiméadair Cheant RESS 4
Amharc amharc

Nóta Forlíontach maidir le Cistí Tairbhe Pobail faoi RESS

Tar éis na chéad Chistí Tairbhe Pobail a chlárú, agus tar éis dóibh tosú ar thionscnaimh a chistiú ina limistéir áitiúla, tháinig an Roinn ar an eolas faoin ngá atá le haghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna ar shainaithin geallsealbhóirí iad.

I mí na Nollag 2024, reáchtáladh comhairliúchán poiblí chun aiseolas a bhailiú ar na ceachtanna a foghlaimíodh, ar na nithe ar éirigh leo agus ar na dúshláin a bhí i gceist le Cistí Tairbhe Pobail a bhunú. Ba é an aidhm a bhí leis an gcomhairliúchán sin a chinntiú go bhfuil Cistí Tairbhe Pobail éifeachtach agus freagrúil do riachtanais an phobail go fóill.

Rinne an Roinn breithniú cúramach ar gach ceann de na barúlacha agus na moltaí agus, mar fhreagairt, modhnaíodh na Téarmaí agus Coinníollacha do RESS 1, 2, 3, agus 4.

Nóta Forlíontach maidir le Cistí Tairbhe Pobail
Amharc amharc

RESS 5

Ag teacht sna sála ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar cheadú an Rialtais do phríomhghnéithe deartha RESS 5, rud a fógraíodh le déanaí, tá Téarmaí agus Coinníollacha RESS 5 foilsithe thíos anois.

Foilsíodh Fógra Freagartha Comhairliúcháin freisin. Sa doiciméad sin, tugtar forbhreathnú achoimre ar na príomhchinntí sna Téarmaí agus Coinníollacha deiridh mar fhreagairt do thráchtanna agus moltaí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin.

Tugadh an t-amchlár ceacht chun críche, agus is féidir na mionsonraí uile maidir le hamlíne cheant RESS 5 a aimsiú ar shuíomh gréasáin EirGrid do RESS.

Tá Téarmaí agus Coinníollacha RESS 5 ar fáil thíos.

Téarmaí agus Coinníollacha do RESS 5
Amharc amharc

Ceantanna RESS Amach Anseo

Gealltar i gClár an Rialtais ceantanna RESS a reáchtáil ag eatraimh mhinice ar feadh thréimhse feidhme na scéime. Ar an tslí sin, beidh Éire in ann leas a bhaint as an laghdú ar chostais teicneolaíochta agus seachnóidh sí ardchostais bhuana do thomhaltóirí.

Mar a cheanglaítear faoi Airteagal 6 den Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, d’fhoilsigh Éire Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite – Sceideal de Cheantanna Amach Anseo.


Ceadú an Aontais Eorpaigh do RESS

An 20 Iúil 2020, fuair Éire ceadú Státchabhrach ón Aontas Eorpach chun Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS) a oibriú go dtí an bhliain 2025. Mheasúnaigh an Coimisiún Eorpach an scéim faoi rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh, go háirithe faoi na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh, a foilsíodh sa bhliain 2014.Tháinig an Coimisiún Eorpach ar an gconclúid gur i gcomhréir le rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh atá Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite na hÉireann, ós rud é go gcuirtear chun cinn léi leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite, ar aon dul leis angComhaontú Glas don Eoraip, gan an iomaíocht a shaobhadh go míchuí. Tugtar tuilleadh faisnéise faoin gceadú sin i bpreasráiteas ó fhógra an Aire Ryan i mí Iúil 2020.

Cinneadh Státchabhrach maidir le RESS
Amharc amharc

Mar chuid de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair, ceanglaítear ar na Ballstáit an Plean Meastóireachta agus an Tuarascáil Mheastóireachta Deiridh a fhoilsiú.

Foilseofar an Tuarascáil Mheastóireachta Deiridh in am trátha.