Seirbhís Foláireamh Éigeandála na Ríochta Aontaithe
- Foilsithe: 19 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 19 Aibreán 2023
Idir 3 pm agus 4 pm Dé Domhnaigh an 23 Aibreán 2023, beidh Rialtas na Ríochta Aontaithe ag tástáil córas foláireamh téacs éigeandála nua.
Ní bhfaighidh custaiméirí fón póca ar líonraí fón póca atá lonnaithe in Éirinn an teachtaireacht. Is amhlaidh, áfach, go seolfar an foláireamh/teachtaireacht chuig custaiméirí fón póca a bheidh gar do limistéir theorann in Éirinn agus a bheidh ag déanamh fánaíocht isteach ar líonra fón póca de chuid na Ríochta Aontaithe le linn na tréimhse ama sin.
Cloisfidh na faighteoirí fuaim ghlórach de chineál bonnáin, agus úsáidfidh an fón creathadh leithleach. Tiocfaidh teachtaireacht i láthair ar scáileán baile an fhóin go dtí go n-admhófar í.
Seoladh Córas Foláireamh Éigeandála na Ríochta Aontaithe Dé Domhnaigh an 19 Márta. Tá sé i mbun oibre ar fud na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Leis an gcóras, cuirfear ar chumas Rialtas na Ríochta Aontaithe teachtaireacht ‘foláireamh’ a sheoladh chuig gach fón póca agus gach gléas móibíleach (amhail táibléid áirithe) má tharlaíonn éigeandáil (teagmhas adhaimsire, mar shampla) ina bhfuil saol daoine i gcontúirt.
Tá Foláireamh Éigeandála an-difriúil le cineálacha eile teachtaireachtaí amhail ‘teachtaireachtaí téacs’ SMS ó thaobh cuma agus fuaime de. Seolfar an fógra i riocht an tseat den scáileán thíos. Beidh éagsúlacht ann in ábhar na teachtaireachta, áfach. Beidh nasc chuig an suíomh gréasáin GOV.UK ar áireamh san fholáireamh ar mhaithe le tuilleadh faisnéise a rochtain.

Maidir le haon teachtaireachtaí téacs a sheolfar ó Chóras Foláireamh Éigeandála na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann, tá seans ann go bhfaighidh roinnt daoine i gcontaetha teorann in Éirinn iad, fiú i gcás go mbíonn roinnt de na faighteoirí sin suibscríofa de ghnáth le seirbhís fón póca in Éirinn.
Is féidir mionsonraí faoi Fholáirimh Éigeandála na Ríochta Aontaithe a aimsiú anseo: https://www.gov.uk/alerts.
Tá Córas Rabhadh Poiblí á fhorbairt ag Rialtas na hÉireann. Beidh an córas i mbun oibre i dtreo dheireadh na bliana 2024, faoi réir soláthair agus cheadú an rialtais.