Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030
- Foilsithe: 14 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2024
Sa tuarascáil dar teideal ‘Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030’, tugtar breac-chuntas ar straitéis nua chun slándáil fuinnimh in Éirinn a chinntiú don deacáid seo, le linn aistriú inbhuanaithe chuig córas fuinnimh a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a chinntiú faoin mbliain 2050. Tá an tuarascáil á foilsiú mar Phacáiste Slándála Fuinnimh ina bhfuil lear anailísí forlíontacha, comhairliúchán agus athbhreithnithe a bhí mar bhonn agus thaca ag na moltaí agus na gníomhartha a bhaineann le slándáil fuinnimh.
Agus é bunaithe ar na cuspóirí beartais slándála fuinnimh atá ag an Rialtas, i.e., a chinntiú go mbeidh fuinneamh inbhuanaithe agus slán agus go mbeidh sé ar fáil ar phraghas réasúnach, breithníodh san athbhreithniú na rioscaí d’ola, do ghás nádúrtha agus do leictreachas. Leagtar amach sa tuarascáil go mbeidh fuinneamh na hÉireann amach anseo slán trí aistriú ó chóras fuinnimh atá bunaithe ar ola, ar ghual agus ar ghás chuig córas leictreachas-treoraithe lena n-uasmhéadaítear ár n-acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite agus ár solúbthacht agus tríd an gcóras sin a chomhtháthú isteach i gcórais fuinnimh na hEorpa. Soláthrófar an todhchaí fuinnimh shlán sin trínár spriocanna aeráide, fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh a chomhlíonadh trí na gníomhartha agus na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, rud a nuashonraítear gach bliain.
De réir mar a aistrímid, sonraítear sa Phacáiste Slándála Fuinnimh nach mór dúinn a chinntiú go dtabharfar tús áite do shlándáil fuinnimh, agus go ndéanfar faireachán agus athbhreithniú uirthi, go tráthrialta. Áirítear leis an bPacáiste Slándála Fuinnimh bearta éagsúla chun an cur chuige sin a chur chun feidhme sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma trí thús áite a thabhairt do na nithe seo a leanas:
- Éileamh Laghdaithe Freagrúil
- Córas atá faoi Threoir ag Foinsí Fuinnimh In-athnuaite
- Córais Níos Athléimní
- Rialachas Láidir Riosca
Faoi gach ceann de na ceithre réimse gnímh sin, leagtar bearta maolaithe éagsúla amach sa tuarascáil, lena n-áirítear an gá le toilleadh breise fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh, an gá le hallmhairí fuinnimh, an gá le stóráil fuinnimh, an gá le héagsúlú breoslaí, an gá le freagairt ar thaobh an éilimh, agus an gá le gáis in-athnuaite. Scrúdaíodh freisin na struchtúir rialachais a thacaíonn leis an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear athchóirithe formhaoirseachta agus cuntasachta.
Leagtar amach san athbhreithniú seo ar Shlándáil Fuinnimh cur chuige straitéiseach chun aistriú slán a chinntiú do chórais fuinnimh na hÉireann, ar aon dul lena cuspóirí Aeráide. Breithnítear ann na ceachtanna a foghlaimíodh, go háirithe, ón gcur isteach ar sholáthairtí fuinnimh na hEorpa tar éis an ionraidh ar an Úcráin agus tar éis an easnaimh toillte intíre a bhí ann san earnáil leictreachais. Tá sé phríomhcholún anailíse mar bhonn agus thaca ag an bhfreagairt fhoriomlán agus na moltaí a chuirtear i láthair i Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030. Áirítear leo sin comhairliúchán poiblí agus athbhreithnithe seachtracha éagsúla agus anailísí seachtracha éagsúla atá foilsithe i dteannta an Phacáiste Slándála Fuinnimh thíos.
Foilseofar leagan leantach den Phacáiste Slándála Fuinnimh sa bhliain 2030 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, agus faireachán á dhéanamh ag Grúpa Slándála Fuinnimh an Rialtais ar an gcur chun feidhme.