English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2022 – 2023 'Maireachtáil Níos Mó, Úsáid Níos Lú’

Is í an Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach an chéad straitéis náisiúnta de chuid na hÉireann i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach. Cuireann an Straitéis go mór le spreagadh an Rialtais chun laghdú 51% a bhaint amach in iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus chun dul ar chonair le hastaíochtaí niallasacha a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, mar atá sna tiomantais i gClár an Rialtais agus san Acht Aeráide 2021.

Chun spriocanna aeráide a bhaint amach ní mór aistriú a bheth ann sa bhealach ina ndéanaimid earraí a tháirgeadh agus a úsáid. Ní féidir leis an aistriú amach ó bhreoslaí iontaise agus le bearta i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh ach déileáil le 55% dár n-astaíochtaí. Tagann an 45% eile as rudaí a dhéanamh.

Féadfaidh tionchair dhearfacha comhshaoil, eacnamaíochta agus sóisialta a bheith ag geilleagar ciorclach, amhail laghdú ar thruailliú plaisteach, poist nua, agus táirgí do thomhaltóirí atá ar chaighdeán níos fearr agus a mhaireann níos faide.

Tiomantas sonrach ab ea an Straitéis sa Phlean Gníomh Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach (WAPCE). Is é an cuspóir atá leis an straitéis ardleibhéil uile-rialtais seo cúrsa a shocrú d’Éirinn don aistriú ar fud na n-earnálacha go léir agus ar na leibhéil rialtais go léir i dtreo na ciorclachta. Le comhleanúnachas beartais ar fud an rialtais déanfar deimhin de go mbeidh treo na mbeartas uile socruithe i dtreo na gcuspóirí inbhuanaithe céanna.

Leis an WAPCE bogadh an bhéim amach ó dhiúscairt dramhaíola agus i dtreo an chaoi inar féidir linn acmhainní a chaomhnú trí gheilleagar ciorclach a chruthú. Sa Straitéis seo déantar scrúdú a thuilleadh ar an deis don chiorclacht ar fud ar rialtais agus níos faide amach, agus creat beartais á bhunú atá in ann cuidiú le fís na ciorclachta a athrú chuig gníomhartha agus torthaí inbhraite.

Mínítear sa Straitéis cad is geilleagar ciorclach ann, cén fáth a bhfuil gá ag Éirinn le geilleagar ciorclach a bhaint amach agus cé mar a fhorbrófar beartas náisiúnta chun tacú leis an sprioc sin.

Go sonrach, is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána atá aige:

  • Creat náisiúnta beartais a sholáthar d’aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach agus chun ceannaireacht na hearnála poiblí a chur chun cinn le beartais agus cleachtais chiorclacha a ghlacadh
  • Tacaíocht agus forfheidhmiú do bhearta a dhéanann laghdú suntasach ar bhearna ciorclachta na hÉireann, i dtéarmaí absalóideacha agus freisin i gcomparáid le Ballstáit AE eile, sa chaoi is go mbeidh ráta na hÉireann níos airde ná meán an AE faoi 2030; go dtabharfaidh bearta dá leithéid aghaidh ar na gnéithe de tháirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe is mó a bhfuil tionchar acu i gcomhthéacs na hÉireann
  • Feasacht a ardú i measc teaghlach, gnólachtaí agus daoine aonair faoin ngeilleagar ciorclach agus conas is féidir leis feabhas a chur ar an saol
  • Tacú agus cur chun cinn na hinfheistíochta méadaithe sa gheilleagar ciorclach in Éirinn, ag féachaint le fás eacnamaíochta agus fostaíocht a sholáthar atá inbhuanaithe agus cothrom ó thaobh na réigiún de
  • Na bacanna eacnamaíochta, rialála agus sóisialta atá le haistriú na hÉireann chuig geilleagar níos ciorclaí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu

Ar a achtú, cuirfidh an Bille um an nGeilleagar Ciorclach an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach ar bhonn reachtúil, agus beidh forbairt leanúnach ar bheartas um an ngeilleagar ciorclach ina cheanglas dlíthiúil ar an Rialtas. Leanfar leis an gcéad Straitéis seo ar bhonn neamh-reachtúil.

Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach 2022 – 2023 'Maireachtáil Níos Mó, Úsáid Níos Lú’
Amharc amharc