English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Taighde ar Sheintimint Custaiméirí agus ar Iompraíocht Thuairiscithe

Forbraíodh an feachtas ‘Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin’ ó Rialtas na hÉireann mar fhreagairt don ghéarchéim fuinnimh. Ón mbliain 2022 i leith, tá an feachtas ag soláthar comhairle don phobal maidir le conas úsáid fuinnimh a laghdú i gcás go bhfuil sé indéanta agus sábháilte déanamh amhlaidh, agus feasacht á spreagadh ar na tacaíochtaí atá ar fáil ó Rialtas na hÉireann.

D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an feachtas le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí agus ó ranna eile Rialtais. Ina measc sin bhí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI); an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU); EirGrid; Líonraí BSL; Líonraí Gáis Éireann; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; Roinn an Taoisigh; agus an Roinn Iompair.

Príomh-chomhpháirt den fheachtas is ea a chinntiú go bhfuil an Rialtas ag éisteacht go gníomhach leis an bpobal, agus é ag iarraidh riachtanais agus ábhair imní an phobail a thuiscint agus freagairt dóibh, chun an chomhairle agus an fhaisnéis is úsáidí a thabhairt i ndáil le tomhaltas fuinnimh, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le tacaíochtaí Rialtais. Chun a chinntiú go mbaintear é sin amach, rinne Amárach taighde cainníochtúil idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí an Mhárta 2024. Rinneadh suirbhé ar ghrúpa atá ionadaíoch do mhuintir na tíre chun an fhreagairt do na teachtaireachtaí agus seintimint custaiméirí a thástáil.

Coimisiúnóidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tuilleadh taighde i bhfómhar na bliana 2024.