Teicstílí
- Foilsithe: 18 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Teicstílí agus an tAthrú Aeráide
Meastar an tionscal faisin a bheith freagrach as 10% de na hastaíochtaí carbóin ar domhan. Dá ainneoin sin, ní aithníonn ach 31% de mhuintir na hÉireann go bhfuil nasc ann idir teicstílí a cheannach agus an t-athrú aeráide.
Dramhaíl Teicstílí
Aimsíodh i dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí gur freagrach as 9% den dramhaíl san araid dramhaíola ginearálta atá teicstílí amhail éadaí agus teicstílí teaghlaigh.
Ar domhan, meastar go gcuirtear ualach trucaile iomlán amháin de theicstílí isteach sa líonadh talún nó chuig loscadh gach soicind agus ní athchúrsáiltear ina tháirgí nua ach níos lú ná 1% den ábhar a úsáidtear chun éadaí a tháirgeadh. Déantar an chuid eile a chur isteach i líonadh talún, a loscadh nó a onnmhairiú thar lear, áit a bhfuil drochthionchar comhshaoil agus sóisialta aici.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhramhaíl teicstílí, téigh chuig suíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.
Dramhaíl Teicstílí a Laghdú
Tá sé furasta dúinn ár n-úsáid teicstílí agus ár ndramhaíl teicstílí a laghdú trínár machnamh a dhéanamh ar na rudaí a theastaíonn uainn iarbhír, trí theicstílí a dheisiú i gcás gur féidir agus trí theicstílí réamhúsáidte agus athláimhe a roghnú ar an gcéad dul síos.
Seo iad thíos roinnt smaointe le haghaidh athúsáid teicstílí:
Babhtálacha Éadaí
Is é atá i mbabhtálacha éadaí ná deis iontach chun saolré fhónta níos faide a thabhairt d’éadaí, le linn aghaidh a thabhairt ar na tionchair atá ag teicstílí ar an gcomhshaol.
Seo iad roinnt naisc úsáideacha chun tuilleadh faisnéise a fháil:
Teicstílí réamhúsáidte a cheannach
Is féidir leat do theicstílí úsáidte a thabhairt chuig do shiopa carthanais áitiúil nó do chéad cheannachán eile a lorg ann – is féidir leat siopa carthanais in aice leat a aimsiú ar shuíomh gréasáin Charity Retail Ireland.
Deisiúcháin Teicstílí
Roghnaigh do chuid éadaigh a dheisiú agus na héadaí ar breá leat iad a chaitheamh ar feadh tréimhse níos faide. Is féidir leat eolaire seirbhísí deisiúcháin a aimsiú ar an suíomh gréasáin Repair My Stuff.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na rudaí is féidir leat a dhéanamh le do theicstílí úsáidte, téigh chuig an suíomh gréasáin MyWaste.
An Grúpa Comhairleach Teicstílí
Sa bhliain 2022, bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Comhairleach Teicstílí mar fhoghrúpa den Ghrúpa Comhairleach Dramhaíola. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe tionscail, pobail agus rialála ábhartha chun sainaithint a dhéanamh ar dheiseanna chun leas a bhaint as luach na dteicstílí atá i láthair in Éirinn agus fiosrú a dhéanamh ar roghanna chun ciorclaíocht san earnáil sa todhchaí a fheabhsú.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin nGrúpa Comhairleach Teicstílí.