English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta

Is é atá sa Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta ná an chéad chéim atá tógtha ag Éirinn i dtreo fhorbairt chórasach phleantreoraithe ár n-acmhainneachta ollmhóire fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Is leis na Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a chinnfear an limistéar leathan a bhféadfar tionscadail fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt ann agus gníomhóidh siad mar phlean bainistíochta do limistéar sonrach dár n-uiscí muirí, rud is féidir a úsáid chun pleananna limistéir ilghníomhaíochta a fhorbairt nó chun úsáid gníomhaíochtaí sonracha a chur chun cinn, lena n-áirítear foinsí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta.

Beidh an chéad Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe lonnaithe amach as Cósta Theas na hÉireann agus cuirtear ar aghaidh ann limistéar geografach ‘beartaithe’ tosaigh a bhféadfar fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí a fhorbairt laistigh de. Beachtófar an limistéar sin trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus trí phróiseas um chaidreamh leis an bpobal, trí mheasúnachtaí saineolaíocha tionchair timpeallachta agus trí anailís shaineolaíoch eile ar na limistéir mhuirí chun a mheasúnú cé chomh hoiriúnach is atá an limistéar d’fhorbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Ag teacht sna sála ar thréimhse um chaidreamh leis an bpobal, foilseofar ‘Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe’ (a meastar go gcuimseofar ann lorg coise a bheidh i bhfad níos lú ná mar a leagadh amach ar dtús sa togra). Ina dhiaidh sin, cuirfear comhairliúchán poiblí reachtúil breise ar siúl sula dtíolacfar an Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Aire Tithíochta agus don dá Theach den Oireachtas le haghaidh ceadú a fháil.

Áirítear leis an bpróiseas um Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú freisin ceanglas reachtúil chun deiseanna a sholáthar le haghaidh caidreamh cuimsitheach leis na saoránaigh agus na pobail áitiúla ar spéis leo. Chun é sin a éascú, ní foláir Ráiteas Rannpháirtíochta Pobail a bheith ag gabháil le foilsiú aon Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ina leagfar amach deiseanna le haghaidh páirt a thabhairt do dhaoine ar spéis leo sa phróiseas um Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú.

Trí roinnt deiseanna a sholáthar le haghaidh caidreamh leis an bpobal, toradh eile a bheidh ar Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú is ea go gcinnteofar go ndéanfar forbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sna láithreacha cearta agus go soláthrófar leo an tairbhe is mó is féidir do phobail áitiúla. Toradh eile a bheidh ar dheiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas um Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú is ea go gcinnteofar go ndéanfar forbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí agus aird á tabhairt ar ghníomhaíochtaí agus úsáidí muirí eile atá ann cheana. Áirítear leo sin an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara, ar foinsí ríthábhachtach ioncaim agus fostaíochta iad do mhórán pobal cósta. I gcás gur féidir, soláthrófar leis sin freisin don chómhaireachtáil fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta agus gníomhaíochtaí muirí eile agus úsáidí muirí uile.

Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta don Chósta Theas Iúil 2023
Amharc amharc
Ráiteas Rannpháirtíochta Pobail Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas Iúil 2023
Amharc amharc