Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025
- Foilsithe: 30 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 30 Eanáir 2023
Fadhb dhomhanda a mbíonn iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus geilleagracha aici is ea dramhbhia. Ídítear méid suntasach acmhainní nuair a dhéantar bia a fhás, a phróiseáil, a iompar agus a stóráil. Ceann amháin de na bearta is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun inbhuanaitheacht a bhaint amach, chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach is ea dul i ngleic le dramhbhia.
Is féidir le dramhbhia teacht chun cinn ag pointe ar bith de shlabhra an tsoláthair bia, lena n-áirítear táirgeadh príomhúil (damáiste do bharra buainte), próiseáil agus déantúsaíocht (dramhaíl a eascraíonn as próisis rialaithe cáilíochta), miondíol agus dáileadh (stoc neamhdhíolta), bialanna agus seirbhísí bia (bia nach n-itheann tomhaltóirí é) agus teaghlaigh (bia ceannaithe nach n-itear in am).
Dar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ghin Éire thart ar 770,316 thona de dhramhbhia sa bhliain 2020. Bhí teaghlaigh freagrach as thart ar 31% den iomlán agus bhí an earnáil próiseála agus déantúsaíochta freagrach as 29% de. Ba iad bialanna agus seirbhísí bia (23%), táirgeoirí príomhúla (9%), agus miondíoltóirí agus dáileoirí eile bia (8%) a bhí freagrach as an dramhbhia eile a táirgeadh.
Ar an leibhéal náisiúnta, leagtar béim i Sprioc 12.3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ar cé chomh mór is atá an phráinn agus an dúshlán atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar dhramhbhia: "Dramhbhia in aghaidh an duine a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra araon ar fud an domhain faoin mbliain 2030, mar aon le caillteanais bhia a laghdú feadh shlabhraí an táirgthe agus an tsoláthair, lena n-áirítear caillteanais iarbhuainte".
Tá Éire tiomanta do dhramhbhia a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030 – ar aon dul le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Tá forbairt Treochláir Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia ar cheann amháin de na gealltanais atá tugtha i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann le haghaidh Geilleagar Ciorclach, sa doiciméad 'Fís don Bhia 2030' agus sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 ón Rialtas.
Leagtar amach i Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025 roinnt gníomhartha tosaíochta a bhfuil mar aidhm leo díriú a leagan ar dhramhbhia a chosc ar fud príomhearnálacha i slabhra an tsoláthair bia le chéile ar bhealach comhleanúnach. Seoladh comhairliúchán poiblí ar an Treochlár sna míonna tosaigh den bhliain 2022.
Áirítear na nithe seo a leanas le Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025:
- Comhthéacs maidir le dramhbhia agus maidir le cé na comhpháirteanna de shlabhra an tsoláthair bia atá ar áireamh sa Treochlár
- An dóigh a mbunóidh Éire a sonraí bonnlíne náisiúnta faoi dhramhbhia, ar sonraí iad ar a mbeidh an laghdú 50% faoin mbliain 2030 bunaithe
- An cur chuige i leith clocha míle agus spriocanna eatramhacha ar an mbealach i dtreo an sprioc sin don bhliain 2030 a bhaint amach
- An dóigh a gcinnteoimid go mbunófar córas láidir náisiúnta um dhramhbhia a thomhas agus a thuairisciú chun na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar Éirinn a chomhlíonadh agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann ar na ceangaltais a leag na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach uirthi a chomhlíonadh thar an gcéad deich mbliana eile
- Gealltanas chun obair le chéile, chun tomhas dramhbhia a fheabhsú, agus chun príomhghníomhartha tosaíochta a shainaithint agus a chur chun feidhme feadh shlabhra an tsoláthair bia chun cabhrú le gealltanais na hÉireann a chomhlíonadh i ndáil le caillteanas bia agus dramhbhia a chosc
- An cur chuige i leith dramhbhia a dheighilt agus i leith bia a thabhairt agus a athdháileadh agus an ról atá ag taighde agus nuálaíocht agus ag soláthar poiblí glas i ndáil le dramhbhia a chosc
- Gealltanas chun cumarsáid agus feasacht mharthanach a sholáthar maidir le dramhbhia a chosc agus a dheighilt
- An dóigh a mbunóimid creat faireacháin agus meastóireachta chun an dul chun cinn ar phríomhghníomhaíochtaí a sheiceáil agus chun an Treochlár a nuashonrú dá réir sin
Is leis an Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022 (an tAcht), a thugtar an bonn reachtúil le haghaidh straitéis náisiúnta um chosc ar dhramhbhia a ullmhú. Agus an straitéis náisiúnta ar chosc ar dhramhbhia á hullmhú, beidh aird ag an Aire ar an Straitéis um an nGeilleagar Ciorclach atá le hullmhú de réir alt 7 den Acht. Ós rud é nár glacadh Straitéis reachtúil um an nGeilleagar Ciorclach go fóill, ba ar bhonn neamhreachtúil a ullmhaíodh agus a ceadaíodh Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025. Is ar bhonn reachtúil a ullmhófar an chéad leagan eile de Threochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia tar éis Straitéis um an nGeilleagar Ciorclach a ullmhaíodh de réir an Achta a fhoilsiú.