Treoirlínte Comhlíonta NIS le haghaidh Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha OES
- Foilsithe: 15 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
Tá na cuideachtaí agus na fóntais a ainmníodh go hoifigiúil mar Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha faoi réir tacar ceanglas slándála anois, mar atá leagtha amach i Rialachán 17 de I.R. Uimh. 360 de 2018. D’ullmhaigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála treoirlínte chun cabhrú le hOibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha na ceanglais sin a chomhlíonadh. Tá na treoirlínte slándála comhdhéanta de chúig théama lena soláthraítear tuairim ardleibhéil ar an dóigh a bhfuil eagraíocht ag bainistiú riosca cibearshlándála. Is iad sin – Sainaithin, Cosain, Braith, Freagair agus Téarnaigh.
Foilsíodh dréachtleagan de na Treoirlínte Slándála sin le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí na Samhna 2017, agus is féidir an leagan deiridh de na treoirlínte a aimsiú thíos.