English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide

D’fhoilsigh an tAire Eamon Ryan TD an dara Creat Náisiúnta Oiriúnaithe reachtúil d’Éirinn an 5 Meitheamh 2024. Leagtar amach sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe an straitéis náisiúnta chun laghdú a dhéanamh ar a leochailí atá an tír i leith éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus chun leas a bhaint as aon tionchair dhearfacha. Forbraíodh an Creat faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 (an tAcht Aeráide), a leasaíodh ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.

Tugtar breac-chuntas sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe ar chur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí i leith an oiriúnaithe don athrú aeráide in Éirinn. Luaitear sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe seacht Roinn Rialtais a bhfuil ceanglas reachtúil orthu pleananna oiriúnaithe earnála a ullmhú lena gcumhdaítear 13 réimse beartais tosaíochta. Is leagtha amach sa attached doiciméad faoi iamh atá na hearnálacha sin agus na príomh-Ranna Rialtais a bhfuil freagracht orthu as gach plean ar leith a fhorbairt.

Chun tacú leis na príomhearnálacha náisiúnta sin pleanáil le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht a bhaint amach faoin mbliain 2050, rinneadh treoirlínte oiriúnaithe earnála ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad sa bhliain 2018 a athrú chun dáta chun an dul chun cinn náisiúnta ar an oiriúnú a chur san áireamh agus chun tírdhreach athraitheach an bheartais idirnáisiúnta agus an dea-chleachtais idirnáisiúnta a léiriú. Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte sin a chinntiú go nglacfar cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach i leith na pleanála don oiriúnú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnála. Baintear leas sna treoirlínte nua as na cineálacha cur chuige náisiúnta is cothroime le dáta i leith measúnú riosca athruithe (mar shampla, an Measúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide) agus as na foinsí faisnéise aeráide agus oiriúnaithe is cothroime le dáta (mar shampla, an Tuarascáil ar Mheasúnú na hÉireann ar an Athrú Aeráide, an Creat Náisiúnta do Sheirbhísí Aeráide, agus Aeráid Éireann).

Maidir le hearnálacha atá ag ullmhú pleananna oiriúnaithe earnála faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe, ceanglaítear orthu na pleananna uathu a ullmhú ar aon dul leis an bpróiseas a gcuirtear síos air sna treoirlínte sin, agus na ceanglais fhoriomlána in ailt 5 agus 6 de na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021 (an tAcht Aeráide), agus sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe (go háirithe Caibidlí 2 agus 3) maidir le pleananna oiriúnaithe earnála á gcur san áireamh acu. De bhreis air sin, ba cheart d’earnálacha, agus pleananna oiriúnaithe earnála á n-ullmhú acu, moltaí na Treorach Teicniúla maidir le Measúnuithe Riosca Earnála ón Measúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 2024c) agus na tosaíochtaí agus spriocanna náisiúnta agus earnála (mar shampla, a bhaineann le laghduithe astaíochtaí) a chur san áireamh. Leis an Treoir Theicniúil, cinnteofar go bpleanálfaidh na hearnálacha uile le haghaidh cásanna aeráide atá coitianta agus a bhfuil dea-ghlacadh leo agus cinnteofar comhthuiscint ar an aeráid sa todhchaí.

Sectoral Planning Guidelines for Climate Change Adaptation 2024
Amharc amharc