English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2021

Is í fís na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ná Éire atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha go digiteach a bheith ann. Leagtar amach inár dTuarascáil Bhliantúil 2021 an dul chun cinn atá déanta maidir leis na spriocanna a leagamar amach inár Ráiteas Straitéise 2021-2023, Le Chéile 23 .

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil 2021 seachadadh gníomhaíochtaí chun 5 Sprioc Straitéiseacha a bhaint amach:

  • Sprioc 1 A bheith ina ceannaire aitheanta i ngníomhú ar son na haeráide
  • Sprioc 2 Ár gcóras fuinnimh a bhunathrú le haghaidh todhchaí glan astuithe
  • Sprioc 3 Aistriú go geilleagar ciorclach – ár dtimpeallacht a chosaint agus a athchóiriú trí úsáid inbhuanaithe acmhainní
  • Sprioc 4 Nascacht agus cumarsáid den scoth a sheachadadh
  • Sprioc 5 Rialachas agus rialáil den scoth a chinntiú

I measc na bpríomhéachtaí in 2021 tá:

  • An tAcht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 a achtú
  • 52 tionscadal maoinithe ón gCiste um Aistriú Cóir
  • Uasghrádaíodh breis is 15,000 teach trí iarfheistiú cónaithe agus pobail
  • Níos mó ná 1,000 MW de leictreachas in-athnuaite nua trí fhuinneamh gaoithe agus gréine ar an gcladach
  • Foilsiú Straitéis Chiorclach Geilleagair an Rialtais Uile
  • Rinneadh suirbhé ar 285,000 áitreabh sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
  • Tá cosc ar tháirgí plaisteacha aonúsáide áirithe ón margadh trí na Rialacháin um Plaistigh Aonúsáide
Tuarascáil Bhliantúil 2021
Amharc amharc