Tuarascáil Bhliantúil 2022
- Foilsithe: 20 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2023
Is í fís na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ná Éire atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha go digiteach a bheith ann. Leagtar amach inár dTuarascáil Bhliantúil 2022 an dul chun cinn atá déanta ar na spriocanna a leagamar amach in Lé Chéile 23, ár Ráiteas Straitéise 2021-2023.
Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil 2022 an dul chun cinn a rinneadh ar 5 Sprioc Straitéiseacha a bhaint amach:
- Sprioc 1 A bheith ina ceannaire aitheanta i ngníomhú ar son na haeráide
- Sprioc 2 Ár gcóras fuinnimh a bhunathrú le haghaidh todhchaí glanastaíochtaí nialasacha
- Sprioc 3 Aistriú go geilleagar ciorclach – ár dtimpeallacht a chosaint agus a athchóiriú trí úsáid inbhuanaithe acmhainní
- Sprioc 4 Nascacht agus cumarsáid den scoth a sheachadadh
- Sprioc 5 Rialachas agus rialáil den scoth a chinntiú
I measc na bpríomhéachtaí in 2022 tá:
- Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála – socraíodh spriocanna uaillmhianacha le haghaidh earnálacha difriúla den gheilleagar ar mhaithe le laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030.
- An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2021 – cuireadh 79% de na bearta chun feidhme faoi dheireadh na bliana 2022; foilsíodh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023.
- An Plean Náisiúnta Iarfheistithe – rinneadh breis agus 27,000 uasghrádú fuinnimh tí, ar tháinig laghdú measta in astaíochtaí ab ionann agus 40.27 cileatona CO2 astu.
- Foilsíodh an Creat Náisiúnta Slándála Fuinnimh – inar gealladh 31 ghníomh beartais, ar cuireadh 15 cinn díobh i gcrích sa bhliain 2022 agus a ndearnadh dul chun cinn suntasach ar na cinn eile díobh.
- Síníodh an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, ina dhlí.
- An Ghéarchéim Costas Maireachtála – Cuireadh creidmheasanna leictreachais ab fhiú breis agus €1.5bn i bhfeidhm do theaghlaigh ar fud dhá íocaíocht den Scéim um Shochar Éigeandála Costas Leictreachais.
- An Plean Náisiúnta Leathanbhanda – Fosaíodh breis agus 109,000 áitreabh sa bhliain 2022, rud atá chun tosaigh ar an sprioc.