Tuarascáil Bhliantúil 2023
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is í fís na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ná Éire atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha go digiteach a bheith ann. Leagtar amach inár dTuarascáil Bhliantúil 2023 an dul chun cinn atá déanta ar na spriocanna a leagamar amach in Lé Chéile 23, ár Ráiteas Straitéise 2021-2023.
Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil 2023 an dul chun cinn a rinneadh ar 5 Sprioc Straitéiseacha a bhaint amach:
- Sprioc 1 A bheith ina ceannaire aitheanta i ngníomhú ar son na haeráide
- Sprioc 2 Ár gcóras fuinnimh a bhunathrú le haghaidh todhchaí glanastaíochtaí nialasacha
- Sprioc 3 Aistriú go geilleagar ciorclach – ár dtimpeallacht a chosaint agus a athchóiriú trí úsáid inbhuanaithe acmhainní
- Sprioc 4 Nascacht agus cumarsáid den scoth a sheachadadh
- Sprioc 5 Rialachas agus rialáil den scoth a chinntiú
Bhí an méid seo a leanas i measc na bpríomhéachtaí in 2023:
- Foilsíodh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
- Cuireadh dréacht-Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua i gcrích. Leagtar amach ann an straitéis náisiúnta chun laghdú a dhéanamh ar a leochailí atá an tír i leith éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus chun leas a bhaint as tionchair dhearfacha
- *An Plean Náisiúnta Iarfheistithe** – soláthraíodh 47,952 uasghradú tí, agus laghdaíodh astaíochtaí faoi mhéid measta 67.07 ciletonna CO2
- Foilsíodh 'Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030'. Leis an straitéis nua seo, cinnteofar slándáil fuinnimh in Éirinn don deacáid seo, le linn aistriú inbhuanaithe chuig córas fuinnimh a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a chinntiú faoin mbliain 2050
- An Plean Leathanbhanda Náisiúnta – Rinneadh áitribh in-nasctha de bhreis agus 205,638 n-áitreabh faoi dheireadh na bliana
- Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Hidrigine, agus í ina cor cinniúnach in earnáil hidrigine in-athnuaite a fhorbairt in Éirinn
- San Athbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024, a foilsíodh i mí an Mheithimh, leagadh amach 18 ngníomh straitéiseacha nua atá le cur i gcrích ag an Rialtas faoi dheireadh na bliana 2024
- Foilsíodh an chéad Straitéis um Aer Glan de chuid na hÉireann riamh