English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascálacha ar an mBearna Phá idir na hInscní - An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide


Leis na Rialacháin fán Acht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní, 2021, ceanglaítear ar eagraíochtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu an bhearna phá san uair an chloig idir na hinscní ina n-eagraíocht a thuairisciú ar fud raon méadrachtaí. Áirítear leis an leathanach seo na tuarascálacha ina leagtar amach na tomhais bhearna pá idir na hinscní don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide do gach bliain tuairiscithe.

Áirítear leis an tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní freisin léaráidí mínitheacha agus tráchtaireacht mhínitheach ina bpléitear leis na gnéithe éagsúla den bhearna phá idir na hinscní sa roinn, agus leagtar amach inti plean gníomhaíochta ina léirítear na bearta, a bhfuil roinnt díobh ar siúl cheana féin, chun measúnú a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní agus aghaidh a thabhairt uirthi agus chun comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud na roinne.


2024

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní - An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 2024
Amharc amharc

2023

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní - An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 2023
Amharc amharc

2022

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní - An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 2022
Amharc amharc