English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas Náisiúnta ón Aire Eamon Ryan ag Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe

Tá lúcháir orm bheith anseo thar ceann Rialtas na hÉireann de réir mar a ghabhaimid orainn féin an athuair Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme ar gach leibhéal agus móiminteam a thógáil i dtreo an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Faoi mar a dheimhnigh an fhreagairt don phaindéim, ní féidir dul i ngleic le fadhbanna domhanda ach amháin trí ghníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh. Is le chéile a éireoidh linn nó a theipfidh orainn.

Chuaigh an méid a bhí le rá ag an Ard-Rúnaí ar maidin i gcion orm, agus é ag glacadh leis go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh againn go fóill chun an Clár Oibre a bhaint amach agus sinn leathshlí tríd. Nílimid ar an mbóthar ceart ach chun 12% de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh. Mar a dúirt sé, ní leor an dul chun cinn a rinneadh ar 50% de na spriocanna agus thit an dul chun cinn ar aon trian díobh ar gcúl. Cé gur féidir é sin a chur síos do thionchair na paindéime agus don éagobhsaíocht agus don choinbhleacht dhomhanda atá i réim, is féidir é a chur síos freisin do dhúshláin struchtúrtha a bhí ann cheana. Is é an príomhdhúshlán díobh sin ná bagairt an athraithe aeráide. Tá cuid mhór idir chamáin, agus ní mór dúinn go léir ár sciar féin a dhéanamh chun todhchaí níos fearr a áirithiú.

Sa chomhthéacs sin, tá bród ar Éirinn leanúint le ról a imirt chun Clár Oibre 2030 a chur ar aghaidh. Agus sinn ag baint leas as an taithí a ghnóthaíomar ó chomhchathaoirleacht a dhéanamh ar an idirbheartaíocht a bhí taobh thiar dá ghlacadh, is mór an onóir dúinn an idirbheartaíocht ar an Dearbhú Polaitiúil don Chruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhéascú i mí Mheán Fómhair.

Táimid ag céim ríthábhachtach den idirbheartaíocht ar an dearbhú polaitiúil sin. Is gá go n-éireodh linn. Beidh ceannaireacht agus taidhleoireacht uaillmhianach ag teastáil chun rath a bhaint amach, agus táimid ag iarraidh oraibh tacú linn ina leith sin.

Tabharfaidh an Cruinniú Mullaigh i mí Mheán Fómhair deis dúinn freisin machnamh níos doimhne a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn dúinn ár bhfreagairt a cheapadh don phaindéim, ar ghéarchéim dhomhanda í. Thug an eachtra sin meabhrúchán soiléir dúinn go léir gan aon duine a fhágáil ar leataobh agus smaoineamh fúthu sin is faide ar gcúl. Mura bhfuil ár gcomharsana slán, ní bheidh aon duine dínn slán.

Is gá dúinn foghlaim ón bpaindéim. Is gá an beartas rialtais a bheith fianaisebhunaithe, deartha, agus spriocdhírithe ar mhaithe le leas an phobail bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus, sa lá atá inniu ann, táimid go léir eolach ar an eolaíocht atá bunaithe ar an athrú aeráide.

Mar is féidir linn a fheiceáil ar a lán cairteacha difriúla, tá ár gcórais nádúrtha ag imeacht anois ó thaifid stairiúla. Idir theochtaí rí-arda talún, theochtaí aigéin agus fhoirmiú oighir, tá fianaise shoiléir ann ar fud an domhain nach bhfuil daoine sábháilte agus gur gá dúinn gníomhú go tapa.

Is gá dúinn gníomhú go han-tapa i réimse an fhuinnimh go háirithe. Is eol dúinn gur gá dúinn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi dhó sa dara cuid den deacáid seo agus cumhacht fuinnimh inathnuaite a mhéadú faoi thrí chun go mbeidh aon seans againn an sprioc 1.5 céim a bhaint amach. Creidim gur gá dúinn a chinntiú ar an gcéad ásc go bhfuil rochtain agus maoiniú cóir ag tíortha atá i mbéal forbartha chun gur féidir leo an teicneolaíocht sin a chur i bhfeidhm agus gabhaimid orainn féin obair laistigh den idirbheartaíocht aeráide, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, chun féachaint leis an gcóras cóir forbartha fuinnimh sin a sholáthar. Tionscadal síochána ár linne is ea seo.

Ní rachaimid choíche i mbun cogaidh ar son rochtain ar chumhacht inathnuaite agus ní bheifear in ann tír a chur ar fuascailt choíche chun rochtain a fháil ar a grianfhuinneamh ná a fuinneamh gaoithe. Is gá dúinn an sodar go grinneall a sheachaint agus a aithint go mbímid go léir níos sláine nuair a fhaigheann gach tír rochtain ar an gcumhacht sin. Is acmhainn shíoraí í. Mura bhfuil rochtain ag tír amháin uirthi, ní bheidh aon tionchar diúltach ann ar na cinn eile. Sa réimse sin agus i réimsí eile, is gá dúinn obair le chéile chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh agus chun sinn a thabhairt ar an mbóthar ceart arís i dtreo deireadh a chur leis an mbochtaineacht, leis an ocras agus leis na cogaí agus na coinbhleachtaí a thagann as na cogaí ar son na n-acmhainní sin.