An Beartas Comhshaoil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal Idirnáisiúnta
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2023
- Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- Coinbhinsiún Aarhus
- An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas
- Comhairle na Breataine-na hÉireann
- Comhairle Comhshaoil an Aontais Eorpaigh
Chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais gheilleagracha, shóisialta agus chomhshaoil trí gheilleagar atá éifeachtúil ar acmhainní agus sochaí chóir chothrom a urramaíonn teorainneacha éiceolaíocha na timpeallachta nádúrtha a chruthú.
Ní sonrach d’aon tír amháin atá a lán saincheisteanna comhshaoil, amhail aerthruailliú agus an t-athrú aeráide. Mar gheall ar an ngné 'trasteorann' sin, glacann Éire páirt in iarrachtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil réigiúnacha agus dhomhanda. Tacaíonn Éire go gníomhach leis na nithe seo a leanas, mar shampla:
- Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe ('UNEP')
- Cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe
- Na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a glacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2015.
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Glacadh na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe mar chuid de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe riachtanais an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil a chomhtháthú lena chéile ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar deireadh. Tá Rialtas na hÉireann tiomanta don aidhm sin a bhaint amach, trí chur chuige uile-rialtais a ghlacadh i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus trí iad a chur san áireamh i ngach gné den bheartas sóisialta, geilleagrach agus comhshaoil.
Léigh tuilleadh faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Coinbhinsiún Aarhus
Tacaíonn rialtas na hÉireann le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus saoránach sa phróiseas cinnteoireachta comhshaoil. Agus é ina páirtí i gCoinbhinsiún Aarhus, aithníonn Éire an ceart atá ag an bpobal chun rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil, chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht comhshaoil agus chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí poiblí a sháraíonn na cearta sin. Glacann an rialtas páirt i raon tionscnamh comhshaoil náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin.
Le Coinbhinsiún Aarhus, leagtar síos sraith rialacha bunúsacha atá ceaptha chun rannpháirtíocht saoránach i nithe comhshaoil a chur chun cinn agus chun forfheidhmiú an dlí comhshaoil a fheabhsú. Tá sé bunaithe ar thrí phrionsabal, ar a dtugtar 'colúin' freisin:
- Rochtain ar Fhaisnéis
- Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht
- Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil
Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Aarhus agus an Leasú um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus an Prótacal maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán a bhaineann leis i mí an Mheithimh 2012. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm in Éirinn i mí Mheán Fómhair 2012.
An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas
Bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá sí comhdhéanta d’Airí áirithe ó Riarachán Thuaisceart Éireann agus ó rialtas na hÉireann araon. Oibríonn na comhaltaí den Chomhairle i gcomhar lena chéile chun leas frithpháirteach an dá chuid d’Éirinn, mar atá leagtha amach ar shuíomh Gréasáin na Comhairle. Tagann na hAirí Comhshaoil le chéile dhá uair sa bhliain chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcomhar atá ar bun i roinnt réimsí, amhail na réimsí seo a leanas:
- Cosaint an Chomhshaoil
- Bainistíocht ar Cháilíocht Uisce
- Bainistíocht Dramhaíola
- Tuairisciú agus Taighde Comhshaoil
- Deiseanna Cistiúcháin AE
Tar éis gach cruinnithe, eisíonn an Chomhairle Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis na nithe a pléadh agus a comhaontaíodh ag an gcruinniú.
Comhairle na Breataine-na hÉireann
Bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun caidrimh dhearfacha phraiticiúla a chur chun cinn i measc na Riarachán atá ina mBaill di - Éire, Tuaisceart Éireann, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Geirsí agus Geansaí. Phléigh na hAirí raon an-leathan topaicí comhshaoil le linn shaolré Chomhairle na Breataine-na hÉireann, lenar áiríodh iad seo a leanas:
- Forbairt Inbhuanaithe
- Cúrsaí Muirí
- Dramhaíl
- Oiriúnú don Athrú Aeráide
- Bithéagsúlacht
- An Geilleagar Ciorclach
- Athrú Iompraíochta Tomhaltóirí
Comhairle Comhshaoil an Aontais Eorpaigh
Imríonn ballraíocht na hÉireann den Aontas Eorpach tionchar ar sciar suntasach dá beartas comhshaoil freisin.
Is ag cruinnithe de chuid na Comhairle Comhshaoil a phléitear beartas comhshaoil an Aontais, lena n-áirítear an beartas maidir le rannpháirtíocht sa mhórchlár oibre idirnáisiúnta um chosaint an chomhshaoil. Cuimsíonn an Chomhairle Comhshaoil Airí a bhfuil freagracht orthu as nithe comhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide. Déantar ionadaíocht do gach Ballstát ag an gComhairle, agus is gnách go mbuaileann sí i seisiún foirmiúil ceithre huaire sa bhliain. In éineacht le Parlaimint na hEorpa, tá an Chomhairle freagrach as beartas agus reachtaíocht comhshaoil Eorpach atá forásach a ghlacadh.