English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Beartas Dramhaíola agus an Geilleagar Ciorclach



Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach

Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach ná treochlár nua na hÉireann le haghaidh pleanáil agus bainistíocht dramhaíola. Is gá gníomhú ar son na haeráide a leabú isteach i ngach snáithe den bheartas poiblí. Mar gheall air sin, tá sé mar aidhm leis an bPlean an bhéim a aistriú ar shiúl ó chur chuige líneach i leith diúscairt acmhainní agus dramhaíola agus tosú anois ag déanamh iniúchadh ar conas is féidir linn saolré acmhainní a fhadú trí gheilleagar ciorclach a chruthú.

Leagtar amach sa Phlean an rannchuidiú a dhéanfaidh an earnáil le roinnt pleananna agus beartas náisiúnta eile a bhaint amach, lena n-áirítear an Plean Gnímh don Aeráid. Tá uaillmhian an Phlean ag teacht freisin leis an leibhéal uaillmhéine a bhíonn á léiriú ar fud an Aontais Eorpaigh tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, rud a chuimsíonn raon gníomhartha a thacaíonn leis an gciorclaíocht agus leis an inbhuanaitheacht.


Dramhaíl Tí agus Tráchtála

Tugtar Dramhaíl Chathrach nó Dramhaíl Sholadach Chathrach freisin ar Dhramhaíl Tí agus Tráchtála. Is í sin an dramhaíl a tháirgimid inár dtithe agus inár ngnólachtaí. Cuimsíonn sí roinnt sruthanna dramhaíola, lena n-áirítear dramhaíl ghinearálta, dramhaíl mheasctha thirim in-athchúrsáilte, agus dramhaíl orgánach.

Rinne Éire dul chun cinn suntasach ar ár ndramhaíl sholadach chathrach a bhainistiú le blianta beaga anuas, agus an ráta líonadh talún do dhramhaíl chathrach ag titim ó 23% sa bhliain 2017 go 14% sa bhliain 2018. Táimid ag obair anois i dtreo an figiúr sin a laghdú tuilleadh, go 10% nó níos lú, ar aon dul leis na spriocanna nua bainistíochta dramhaíola atá sa Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Líonadh Talún.

Léigh tuilleadh faoin dóigh a mbímid ag bainistiú Dramhaíl Tí agus Tráchtála


Dramhaíl Tógála agus Scartála

Is é is dramhaíl tógála agus scartála ann ná dramhaíl a thagann as aon oibreacha tógála, as aon scartáil agus as aon fhorbairt (lena n-áirítear bonneagar iompair).

Is iad ithir agus cloch thochailte an phríomhghné de dhramhaíl tógála agus scartála, agus iad freagrach as thart ar 80% di. Is de choincréit, de bhrící, de thíleanna, de ghloine, de mhiotal, de phlaisteach agus d’adhmad atá an chuid eile den dramhaíl sin comhdhéanta. Is í dramhaíl tógála agus scartála an sruth dramhaíola aonair is mó san Aontas Eorpach, agus í freagrach as thart ar aon trian den dramhaíl ar fad a tháirgtear gach bliain.

Mar gheall ar an gcostas ollmhór a thabhaíonn an earnáil foirgníochta, agus ar an luach a chailleann sí, de dheasca na méideanna móra dramhaíola sin, is féidir le feabhsuithe ar chleachtais bhainistíochta dramhaíola cuid mhór deiseanna a thairiscint i ndáil le tionchair chomhshaoil agus airgeadais a laghdú.

Léigh tuilleadh faoin dóigh a mbímid ag bainistiú Dramhaíl Tógála agus Scartála


Dramhbhia

Fadhb dhomhanda a mbíonn iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus geilleagracha aici is ea dramhbhia. Ídítear méideanna suntasacha acmhainní nuair a dhéantar bia a fhás, a phróiseáil agus a iompar. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, dá mbeadh dramhbhia ina thír, bheadh sé ar an tríú hastaíre gás ceaptha teasa is mó ar domhan.

Is féidir le dramhbhia teacht chun cinn ar roinnt cúiseanna agus ag roinnt pointí difriúla i slabhra an tsoláthair bia. Gineann Éire thart ar 1 mhilliún tona de dhramhbhia gach bliain (gan dramhbhia san earnáil talmhaíochta a áireamh). Is ó oibríochtaí próiseála bia a thagann thart ar 40% den dramhbhia sin, agus 60% ag teacht ón earnáil tí agus tráchtála.

Cosc

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, leagtar béim i Sprioc 12.3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ar cé chomh mór is atá an phráinn agus an dúshlán atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar dhramhbhia: "Dramhbhia in aghaidh an duine a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra araon ar fud an domhain faoin mbliain 2030, mar aon le caillteanais bhia a laghdú feadh shlabhraí an táirgthe agus an tsoláthair".

Ar an leibhéal náisiúnta, sainaithnítear dramhbhia mar shruth dramhaíola tosaíochta laistigh den Chlár Náisiúnta um Dhramhaíl a Chosc atá faoi bhainistiú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus, le blianta beaga anuas, sannadh tuilleadh acmhainní don réimse sin mar gheall ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis.

Tugtar sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach roinnt gealltanas i ndáil le dramhbhia a chosc, lena n-áirítear obair i gcomhar le raon geallsealbhóirí chun Treochlár um Chosc ar Dhramhbhia a fhorbairt, rud ina leagfar amach sraith gníomhartha chun ár ndramhbhia a laghdú faoina leath faoin mbliain 2030, chun aon spriocanna gaolmhara eile a chomhlíonadh, agus chun ár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn.

Athdháileadh, Bonneagar agus Bainistiú

Gealltar sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach freisin tabhairt faoi roinnt beart a bhaineann le hathdháileadh dramhbhia, le bonneagar dramhbhia agus le tacú le bainistiú inbhuanaithe dramhbhia. Áirítear leo sin, mar shampla, tacú le sprioc dheonach a leagan síos i gcomhar le miondíoltóirí agus leis an tionscal próiseála maidir le céatadán de bhia inite a dheonú, a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach sealbhóir tí agus gnólacht ar mhodh iontaofa, glan agus inbhuanaithe le haghaidh dramhbhia a bhainistiú, agus an acmhainneacht díleá anaeróbaigh agus múirínithe atá ag dramhbhia a bhaint amach.


Plaistigh Aonúsáide

Úsáidtear táirgí plaisteacha aonúsáide uair amháin, nó ar feadh tréimhse ghearr ama, sula gcaitear amach iad. Is féidir leis an dramhaíl phlaisteach sin tionchar ollmhór a imirt ar an gcomhshaol agus ar ár sláinte. Is mó seans go gcríochnóidh táirgí plaisteacha aonúsáide inár bhfarraigí ná roghanna in-athúsáidte. Tá na 10 mír phlaisteacha aonúsáide is coitianta aimsiú freagrach as 70% den bhruscar muirí ar fad san Aontas Eorpach. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóimis anois chun an figiúr sin a laghdú.

Léigh tuilleadh faoin dóigh a mbímid ag dul i ngleic le Plaistigh Aonúsáide


Freagracht Leathnaithe Táirgeora

Ceann amháin de na feidhmeanna atá againn i ndáil le bainistíocht dramhaíola is ea an creat beartais agus reachtach a leagan síos don tsamhail Freagrachta Leathnaithe Táirgeora in Éirinn ar fud na sruthanna éagsúla dramhaíola.

Is é is Freagracht Leathnaithe Táirgeora ann ná cur chuige beartais comhshaoil ina leathnaítear freagracht an táirgeora chuig an gcéim iarthomhaltais de shaolré an táirge. Faoi shamhail Freagrachta Leathnaithe Táirgeora, glacann táirgeoirí chucu féin an fhreagracht (an fhreagracht airgeadais agus/nó an fhreagracht eagrúcháin) as earraí úsáidte a bhailiú agus a thógáil ar ais agus as iad a shórtáil agus a chóireáil ar mhaithe le hiad a athchúrsáil ar deireadh.

Léigh tuilleadh faoi Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora


Feabhsúchán Líontaí Talún

Áirítear le saoráidí dramhaíola na hÉireann líontaí talún ceadúnaithe struchtúrtha. Oibrítear na líontaí talún sin de réir dianchaighdeáin chomhshaoil, atá deartha chun cosaint shláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú.

Leagtar amach sna caighdeáin sin freisin na ceanglais do na hoibreacha iarchúraim agus feabhsúcháin a bheidh ag teastáil nuair a bhainfidh líonadh talún deireadh a shaoil amach. Ba cheart an líon saoráidí ardghráid a íoslaghdú agus níor cheart iad a úsáid ach amháin do dhramhaíl nach féidir í a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil ná a athshlánú in ionad aisghabhála fuinnimh, ar aon dul le hOrd Réiteach Dramhaíola an Aontais Eorpaigh.

Bunaíodh an Scéim Deontas um Fheabhsúchán Líontaí Talún sa bhliain 2006 chun plé go sonrach le líontaí talún atá dúnta, atá ceadúnaithe agus atá faoi oibriú ag údaráis áitiúla a fheabhsú agus mar gheall ar an bhfíoras nach mbeadh dóthain acmhainní ag údaráis áitiúla chun costas iomlán an fheabhsúcháin sin a chistiú. Is í an Roinn seo a riarann an scéim (mar Údarás Ceadúcháin) agus is é an tÚdarás Áitiúil ábhartha a bhainistíonn na tionscadail aonair (mar Ghníomhaireacht Urraíochta). Is sna pleananna réigiúnacha bainistíochta dramhaíola a leagtar síos an treochlár le haghaidh soláthair:

Réigiún an Oirthir-an Láir Tíre Plean Bainistíochta Dramhaíola 2015 – 2021
Réigiún an Deiscirt Plean Bainistíochta Dramhaíola 2015-2021
Réigiún Chonnacht-Uladh Plean Bainistíochta Dramhaíola 2015 -2021

Forfheidhmiú Dramhaíola

Is gá an reachtaíocht dramhaíola a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun go mbeidh ár gcórais bhainistíochta dramhaíola inchreidte. Is iad na príomhchuspóirí atá le forfheidhmiú dramhaíola in Éirinn ná a chinntiú go bhfuil córas éifeachtach i bhfeidhm chun ár gcomhshaol agus sláinte ár saoránach a chosaint.

Léigh tuilleadh faoi Fhorfheidhmiú Dramhaíola