An Beartas Náisiúnta maidir leis an Aeráid
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- An Seasamh Beartais Náisiúnta
- An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015
- Ráitis Aistrithe Bhliantúla
- An Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
Tuigeann an rialtas méid an dúshláin atá i gceist le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus beidh éabhlóid an bheartais náisiúnta maidir leis an aeráid bunaithe ar shraith pleananna náisiúnta a bheith á glacadh ag an rialtas. Áireofar leo sin conairí féideartha aistrithe go dtí an bhliain 2050 a shainaithint go luath agus a athrú chun dáta go leanúnach chun bonn eolais a chur faoi roghanna straitéiseacha earnála.
Déanfar pleananna náisiúnta a ghlacadh agus a athbhreithniú ar bhonn struchtúrach chun beartas comhleanúnach a chinntiú ar fud gach príomhearnála agus chun soiléire a thabhairt do ghnólachtaí agus do gheallsealbhóirí i gcoitinne. Léireofar sa bhonn struchtúrach le pleananna náisiúnta maidir le maolú agus le hoiriúnú gealltanas an rialtais go soláthrófaí trédhearcacht, cuimsitheacht agus cuntasacht.
An Seasamh Beartais Náisiúnta
Bunaítear leis an Seasamh Beartais Náisiúnta maidir leis an Aeráid an cuspóir náisiúnta arb é atá ann geilleagar atá iomaíoch, ar bheagán carbóin, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach faoin mbliain 2050. Leagtar amach ann leibhéal na huaillmhéine a theastaíonn maidir le gáis cheaptha teasa a mhaolú agus bunaítear leis an próiseas le haghaidh an cuspóir foriomlán a bhaint amach. Samhlaítear sa Seasamh Beartais Náisiúnta go mbeidh forbairt beartais á treorú ag fís fhadtéarmach a bheidh bunaithe ar na nithe seo:
- laghdú comhiomlán 80% ar a laghad in astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) (i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990) faoin mbliain 2050 ar fud na hearnála giniúna leictreachais, na hearnála timpeallachta tógtha agus na hearnála iompair
- cur chuige i leith neodracht carbóin san earnáil talmhaíochta agus úsáid talún, lena n-áirítear foraoiseacht, ar cur chuige é nach gcuireann an acmhainn le haghaidh táirgeadh bia inbhuanaithe i mbaol.
An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015
Ba é a bhí in achtú an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, ná garsprioc náisiúnta chinniúnach in éabhlóid an bheartais maidir leis an athrú aeráide in Éirinn. Is é Acht 2015 an bonn reachtúil don chuspóir aistrithe náisiúnta a leagtar amach sa seasamh beartais náisiúnta. Mar a fhoráiltear dó san Acht, ní mór don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sraith pleananna agus creataí comhleantacha a thíolacadh don rialtas lena gcinnteofar go mbainfear an cuspóir aistrithe náisiúnta amach trí bhearta cost-éifeachtúla a chur chun feidhme.
Ráitis Aistrithe Bhliantúla
Foráiltear le halt 14(1) den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, nach mór don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Ráiteas Aistrithe Bliantúil a thíolacadh gach bliain don dá Theach den Oireachtas. Áirítear le Ráitis Aistrithe Bhliantúla forbhreathnú ar bhearta beartais maidir le maolú agus le hoiriúnú chun cabhrú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus chun oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide. Tugtar i Ráiteas Aistrithe Bliantúil freisin achoimre ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa reatha agus réamh-mheasta arna bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus áirítear leis tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí an Stáit faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nó faoi chomhaontú idirnáisiúnta.
An Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
Bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide i mí Eanáir 2016 faoi alt 8 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Tugann an Chomhairle comhairle neamhspleách agus moltaí neamhspleácha don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir leis na dóigheanna is fearr ar féidir freagairt do thionchar an athraithe aeráide. De réir an Achta, soláthraíonn an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide tuarascálacha bliantúla agus tréimhsiúla maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Éirinn ar a spriocanna beartais náisiúnta agus na spriocanna astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcomhaontú ag an Aontas Eorpach a bhaint amach.
I mí na Bealtaine 2021, shínigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, i dteannta Ranna agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile Rialtais, Meabhrán Tuisceana leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide. Leis an Meabhrán, éascaítear sonraí, samhaltú agus anailís a chomhroinnt tuilleadh chun tuilleadh trédhearcachta agus comhoibrithe a chur chun cinn i ndéanamh beartas aeráide fianaisebhunaithe, lena n-áirítear Buiséid Charbóin a fhorbairt.
Déantar foráil leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, go bhféadfaidh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide buiséid charbóin a ullmhú agus a chur síos, á chinntiú go bhfuil siad comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráide náisiúnta agus aird á tabhairt ar na rialacha ábhartha arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach.
Foráiltear le halt 9 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, do dhá Rialachán leithleacha, a theastaíonn chun na nithe seo a dhéanamh:
- soiléire a thabhairt don Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide maidir le conas a tograí le haghaidh buiséid charbóin a chinneadh
- soiléire a thabhairt don Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide maidir le conas astaíochtaí agus aistrithe a ríomh agus conas iad a thabhairt i gcuntas
Cheadaigh an Rialtas an chéad cheann díobh sin Dé Máirt an 12 Deireadh Fómhair 2021, mar atá na Rialacháin fán Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 (Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa), 2021.
Leagtar na nithe seo a leanas amach sa Rialachán é féin:
- Cé na gáis cheaptha teasa a chuirfear ar áireamh sna buiséid charbóin
- Na gníomhaíochtaí agus foinsí sonraí gás ceaptha teasa atá le húsáid, lena n-áirítear astaíochtaí ó úsáid talún, ó athruithe san úsáid talún agus ón bhforaoiseacht
- Na modhanna agus na hathróga le haghaidh na ríomhanna, mar a shonraítear i dtreoirlínte Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh tarmligthe ón gCoimisiún