Cibearshlándáil
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2023
- An Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta
- An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála
- Treoracha ón Aontas Eorpach
Cuid ríthábhachtach dár ngeilleagar agus dár sochaí is ea cibearshlándáil, arb é atá i gceist léi ár gcórais TF, ár seirbhísí sonraí agus ár líonraí cumarsáide a chosaint. Rud an-chostasach is ea cur isteach ar ár gcórais dhigiteacha, agus baineann sé an bonn ón iontaoibh iontu agus ón muinín astu. Is é ról an rialtais ná beartais agus straitéisí a fhorbairt a chabhraíonn linn úsáid agus taitneamh a bhaint as cumarsáid dhigiteach ar bhealach sábháilte.
Oibríonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus roinnt ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais le hoibritheoirí éagsúla bonneagair chriticiúil agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta éagsúla chun slándáil córas tábhachtach agus sonraí tábhachtacha a chosaint.
Oibríonn sí freisin chun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le cibearshlándáil a chur chun feidhme chun cumarsáid dhigiteach níos sábháilte a sholáthar ar fud na hEorpa.
An Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta
Foilsíodh an Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta i mí na Nollag 2019, agus leanann sí as an gcéad straitéis de chuid na tíre. Is doiciméad é atá níos leithne agus níos cuimsithí ná an straitéis dheireanach, agus tá sé bunaithe ar an taithí oibríochtúil a ghnóthaigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ón mbliain 2015 go dtí an bhliain 2019 agus ar an gcaidreamh náisiúnta agus idirnáisiúnta a leanann ar aghaidh sa réimse.
Tá sé mar fhís le Straitéis na bliana 2019 ná go leanfadh Éire cur le taitneamh a bhaint as tairbhí na réabhlóide digití ar bhealach sábháilte agus go n-imreodh sí páirt iomlán i dtodhchaí an Idirlín a mhúnlú. Bainfear an fhís sin amach trí na nithe seo a leanas:
- an Stát, muintir an Stáit, agus bonneagar náisiúnta criticiúil an Stáit a chosaint ar chibearbhagairtí
- acmhainn an Stáit, institiúidí taighde, gnólachtaí agus daoine a fhorbairt chun na dúshláin atá os ár gcomhair a thuiscint agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr
- caidreamh a bheith á dhéanamh ag an Stát ar bhealach straitéiseach ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag tacú le cibearspás atá saor, oscailte, síochánta agus slán
Rinneadh comhairliúchán poiblí i gcéad leath na bliana 2019 chun bonn eolais a chur faoin Straitéis agus chun a chinntiú gur chuid dhílis den phróiseas forbartha straitéise a bheadh i bhfeasacht ar chibearshlándáil agus ar chibearshláinteachas agus sa dea-chleachtas iontu. Bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí ceaptha chun tuairimí an phobail i gcoitinne, mar aon le tuairimí na ndaoine sin a bhfuil spéis acu san ábhar, amhail speisialtóirí i réimse na cibearshlándála, a bhailiú.
An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ) sa bhliain 2011 agus is é aonad oibríochtúil an rialtais le haghaidh slándáil líonra agus faisnéise é. Is é ról an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála ná bainistíocht mórtheagmhas cibearshlándála a bhainistiú, treoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil do phríomhsheirbhísí a bhainistiú.
Cosúil le comhlachtaí den chineál céanna i mBallstáit eile den Aontas Eorpach, tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ag aistriú go seasta i dtreo cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh thar raon réimsí. Baineadh úsáid as forálacha Threoir (AE) 2016/1148 maidir le Córais Ghréasáin agus Faisnéise chun cur chuige gar-rialála a fhorbairt le haghaidh soláthraithe bonneagair chriticiúil. Is cur chuige é sin a oibríonn le taobh obair reatha agus leanúnach an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
Tá an Fhoireann Freagartha do Theagmhais Slándála Ríomhaireachta mar chuid den Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus tugann sí cúram do láimhseáil riosca agus teagmhas sa Stát. Áirítear na nithe seo leis na freagrachtaí atá uirthi:
- faireachán a dhéanamh ar theagmhais laistigh den Stát
- luathrabhaidh, luathfholáirimh, luathfhógraí agus luathscaipeadh faisnéise faoi riosca agus faoi theagmhais a sholáthar do gheallsealbhóirí ábhartha
- freagairt do theagmhais a dtugtar fógra di ina dtaobh
- anailís dhinimiciúil riosca agus teagmhas agus feasacht staide a sholáthar
Treoracha ón Aontas Eorpach
Tá a cuid beartas agus reachtaíochta féin ag Éirinn le haghaidh cibearshlándáil a rialú. Cloímid freisin leis an reachtaíocht chomhchoiteann a bhforchuireann an tAontas Eorpach í. Síníodh Treoir (AE) 2016/1148 maidir le Córais Ghréasáin agus Faisnéise isteach i ndlí na hÉireann an 18 Meán Fómhair 2018 trí bhíthin I.R. Uimh. 360 de 2018. Is ionann é sin agus athrú suntasach sa dóigh a gcuireann tíortha san Aontas Eorpach chuig an gcibearshlándáil, agus is é atá i gceist leis ná aistriú sa chur chuige i dtreo cineál níos foirmiúla caidrimh rialála i bpríomhthionscail áirithe. Áirítear na nithe seo le roinnt de na freagrachtaí a chuirtear ar an Stát agus ar ghnólachtaí leis an Treoir:
- tacar oibleagáidí ceangailteacha slándála a chur i bhfeidhm maidir le raon leathan oibritheoirí bonneagair chriticiúil – Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha. Áirítear leo sin an fuinneamh, an cúram sláinte, seirbhísí airgeadais, an t-iompar, an soláthar uisce óil, an bonneagar digiteach agus an teileachumarsáid
- córas rialála nua ar sholáthraithe dá ngairtear Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha a bheith á chur i bhfeidhm agus á phóilíniú ag an Stát. Áirítear leo sin soláthraithe néalríomhaireachta, soláthraithe inneall cuardaigh agus soláthraithe áiteanna margaidh ar líne
- rud tábhachtach, agus ar bhealach atá cosúil leis sin le haghaidh cosaint sonraí, freagracht a leagan ar an rialtas as déileáil le slándáil na seirbhísí a soláthraíonn cuideachtaí ilnáisiúnta ar fud an Aontais Eorpaigh a bhfuil a gceanncheathrú Eorpach lonnaithe in Éirinn acu iad
Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha
Leis an Treoir, leagtar oibleagáidí slándála agus ceanglais tuairiscithe teagmhas ar Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha. Sainaithnítear cuideachta nó fóntas mar Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha má chomhlíonann sé/sí gach ceann de na trí chritéar seo a leanas:
- soláthraíonn an t-eintiteas seirbhís atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha criticiúla a choinneáil ar bun
- ba cheart soláthar na seirbhíse sin a bheith ag brath ar chórais ghréasáin agus faisnéise
- bheadh éifeachtaí suntasacha cur isteach ar an tseirbhís riachtanach ag teagmhas slándála
Cuirtear cuideachtaí agus fóntais sna hearnálacha agus fo-earnálacha seo a leanas ar áireamh lena mbreithniú:
- Fuinneamh: leictreachas, ola agus gás
- Iompar: iompar d’aer, d’iarnród, d’uisce agus de bhóthar
- Baincéireacht: institiúidí creidmheasa
- Bonneagair mhargaidh airgeadais: ionaid trádála agus contrapháirtithe lárnacha
- Sláinte: soláthraithe cúram sláinte
- Uisce: soláthar agus dáileadh uisce óil
- Bonneagar digiteach: pointí malartaithe Idirlín, soláthraithe seirbhísí córas ainmneacha fearainn agus clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil
Ón mbliain 2017 i leith, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag déanamh caidreamh le cuideachtaí agus fóntais san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon a sainaithníodh a bheith ina nOibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha. Ní mór do na heintitis sin tacar treoirlínte slándála a leanúint. Dréachtaíodh na treoirlínte sin chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla agus nós imeachta/eagraíochtúla den Treoir. Tá na treoirlínte slándála comhdhéanta de chúig théama lena soláthraítear tuairim ardleibhéil ar an dóigh a bhfuil eagraíocht ag bainistiú riosca cibearshlándála. Is iad sin – Sainaithin, Cosain, Braith, Freagair agus Téarnaigh.
Ceanglaítear ar Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha freisin teagmhais a thagann faoi raon feidhme na Treorach a thuairisciú. Is ionann teagmhais intuairiscithe agus teagmhais a bhfuil tionchar suntasach acu ar sheirbhísí riachtanacha, áit a gcuirtear isteach ar an tseirbhís agus nach bhfuil sí ag obair ar feadh tréimhse ama ar leith. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi thuairisciú teagmhas a fháil sna treoirlínte slándála thuasluaite.
Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha
Aidhm eile atá leis an Treoir seo is ea feabhas a chur ar shlándáil roinnt seirbhísí tábhachtacha ar líne. Tugtar Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha ar áiteanna margaidh ar líne, ar innill chuardaigh ar líne agus ar sheirbhísí néalríomhaireachta. Tá na heintitis sin faoi réir ceanglais tuairiscithe teagmhas agus bearta slándála, áit ar gá dóibh sainaithint agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí slándála do na córais a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí a dhéanamh.
Murab ionann agus Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha, ní shainaithníonn an rialtas gur Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha iad cuideachtaí. Tá sé de dhualgas ar chorparáidí ina ionad sin a dhéanamh amach an dtagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme na Treorach agus, má thagann siad faoi, tá sé de dhualgas orthu cloí leis na bearta slándála agus leis na treoirlínte tuairiscithe teagmhas.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear micrifhiontair ná fiontair bheaga leis an Treoir. Dá bhrí sin, is amhlaidh, maidir le haon fhiontar a fhostaíonn líon is lú ná 50 duine agus ar lú a láimhdeachas iomlán agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil ná €10 milliún, atá sé díolmhaithe ó chloí leis an Treoir.