Leathanbhanda
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2025
- An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
- An Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda
- Líonraí Achar Cathrach
- Ducht Teileachumarsáide na Gaillimhe-Mhaigh Eo
Ceann amháin de thosaíochtaí an rialtais is ea leathanbhanda ardluais a sholáthar i ngach cuid d’Éirinn.
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ina chreat le haghaidh seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar trí infheistíocht tráchtála agus trí infheistíocht stáit.
Tagann an plean sna sála ar thionscnaimh roimhe amhail an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda, lenar soláthraíodh seirbhísí bunúsacha leathanbhanda i limistéir nach bhféadfaí freastal orthu ó thaobh na tráchtála de, agus na Líonraí Achar Cathrach, lena soláthraítear nascacht shnáithínbhunaithe do bhreis agus 90 baile ar fud na hÉireann.
Tá leathanbhanda ardluais á sholáthar trí mheascán de na nithe seo a leanas:
- infheistíocht tráchtála ón earnáil teileachumarsáide
- idirghabháil stáit sna limistéir sin nach soláthródh soláthraithe tráchtála an tseirbhís sin leo féin
Tá an rialtas sna céimeanna deiridh den phróiseas chun cuideachta a cheapadh chun líonra leathanbhanda ardluais a thógáil, a chothabháil agus a oibriú sa réimse idirghabhála stáit thar thréimhse 25 bliana.
An Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda
Tugadh sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta gealltanas chun Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda a bhunú.
Tá sé mar aidhm ag an Tascfhórsa na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- réitigh a shainaithint ar easnaimh chumhdaigh leathanbhanda agus fón póca
- a imscrúdú conas a d’fhéadfaí seirbhísí níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí roimh thógáil agus cur i bhfeidhm iomlán an líonra atá beartaithe mar chuid den idirghabháil Stáit faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
I mí na Nollag 2016, d’fhoilsigh an Tascfhórsa Tuarascáil inar leagadh amach na saincheisteanna a ndearna sé breithniú orthu. Leagadh amach sa tuarascáil freisin gníomhartha inbhraite chun bacainní a mhaolú ar ghlacadh fón póca agus ar rochtain leathanbhanda. Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun é a chothú, tá an Grúpa Cur Chun Feidhme ag teacht le chéile ar bhonn ráithiúil agus ag foilsiú tuarascálacha agus athbhreithnithe cur chun feidhme. Foilseofar Athbhreithniú Trí Bliana sa bhliain 2020, rud ina leagfar amach éachtaí an Tascfhórsa.
Chuir an Tascfhórsa breis agus 70 gníomh spriocdhírithe i gcrích ar fud na hearnála teileachumarsáide. Mar thoradh ar na gníomhartha sin, cuíchóiríodh próisis, imríodh tionchar ar reachtaíocht, cuireadh feabhas ar an eispéireas do thomhaltóirí agus cuireadh deireadh le bacainní ar infheistíocht i líonraí i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe araon. Tá an rialtas ag súil leis go dtabharfar ar aghaidh na caidrimh agus na struchtúir chomhair a bunaíodh go dtí seo agus go neartófar iad de réir mar a leanann an Tascfhórsa ar aghaidh lena chuid oibre.
Líonraí Achar Cathrach
Is é atá sna líonraí achar cathrach ná líonraí teileachumarsáide atá faoi úinéireacht an Stáit agus ina bhfuil ducht teileachumarsáide atá neodrach ó thaobh iompróra de agus fáinní cábla snáthoptaice lena nasctar na príomhfhoirgnimh thráchtála agus phoiblí le “lárionaid chomhshuímh”. Suíonn oibritheoirí teileachumarsáide a gcuid trealaimh sna lárionaid chomhshuímh sin agus faigheann siad rochtain ar na líonraí achar cathrach.
Tógadh 88 líonra achar cathrach san iomlán faoin gClár Líonraí Achar Cathrach, ar líonraí iad lena gcumhdaítear 94 cinn de bhailte agus cathracha réigiúnacha. Cuireadh 28 líonra achar cathrach i gcrích faoi Chéim I agus cuireadh 60 ceann (lena gcumhdaítear 66 bhaile) i gcrích faoi Chéim II.
Chómhaoinigh an rialtas láir, údaráis áitiúla agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa de chuid an Aontais Eorpaigh na líonraí achar cathrach. Déanann eintiteas seirbhísí bainistíochta darb ainm enet na líonraí a bhainistiú, a chothabháil agus a oibriú ar bhonn neamhspleách.
Tar éis próiseas tairisceana oscailte, ceapadh enet i mí Iúil 2004 chun líonraí achar cathrach Chéim I a bhainistiú ar feadh téarma 15 bliana. I mí Iúil 2009, tar éis próiseas tairisceana oscailte eile, dámhadh conradh 15 bliana do enet chun an 60 ceann de líonraí achar cathrach Chéim II a bhainistiú. Chun cinnteacht a thabhairt don mhargadh teileachumarsáide, agus chun a chinntiú go mbeadh fáil leanúnach ann ar an mbonneagar líonraí achar cathrach, fadaíodh téarma an dá chonradh eintitis seirbhísí bainistíochta go dtí an bhliain 2030.
Ducht Teileachumarsáide na Gaillimhe-Mhaigh Eo
Le linn do Bhord Gáis Éireann (BGÉ) píblíne gháis na Gaillimhe-Mhaigh Eo a phleanáil sa bhliain 2005, chinn an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha ag an am cistiú a chur ar fáil chun ducht teileachumarsáide agus píblíne gháis nua a shuiteáil.
Suiteáladh an phíblíne agus an ducht idir Baile an Mhóinín i gContae na Gaillimhe agus tógadh an críochfort gáis nua i mBéal an Átha Buí, Contae Mhaigh Eo, agus bealach tánaisteach á sholáthar isteach go Caisleán an Bharraigh agus go Cathair na Mart. Cuireadh an tógáil i gcrích idir na blianta 2006 agus 2008.
Mar gheall ar thógáil na píblíne gáis, bhí deis uathúil ann bonneagar nua teileachumarsáide aisiompair faoi thalamh a thógáil ar chostas beag, rud lena bhféadfaí nascacht leathanbhanda a sholáthar ansin chuig codanna de Chontae na Gaillimhe agus de Chontae Mhaigh Eo. Tá an ducht teileachumarsáide faoi úinéireacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go fóill. Ba é Shell Exploration and Production Ireland Limited (SEPIL) a chistigh suiteáil an chábla snáthoptaice sa ducht chun tairbhe don Aire.
Emer Walsh | Ceann um Sheirbhísí Dlí
Líonraí Gáis Éireann
Bosca OP 51, Bóthar na nOibreacha Gáis, Corcaigh, T12RX96, Éire
Teileafón +353 (1) 872901968
Ríomhphost: emer.walsh@gasnetworks.ie