Leictreachas Inathnuaite
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Bealtaine 2024
Tá bearta suntasacha á ndéanamh ag an rialtas i dtreo Éire a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de faoin mbliain 2050. Mionsonraítear sa Phlean Gnímh don Aeráid na gníomhartha a theastaíonn chun an sprioc sin a bhaint amach. Ina measc sin tá an gealltanas go méadófaí an céatadán de leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh ó 30% go 80% faoin mbliain 2030. Tá an rialtas ag cur na hoibre sin chun cinn ar roinnt bealaí, amhail trí acmhainní fuinnimh inathnuaite ar an gcladach agus amach ón gcósta a fhorbairt, trí dhreasachtaí cánach agus cineálacha tacaíochta a thairiscint, amhail iad sin le haghaidh fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe a mhicrighiniúint, agus trí scéimeanna amhail scéim na Taraife Dreasachta ar Sholáthar Fuinnimh Inathnuaite (REFIT) agus an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS).
Gaoth
Foinse fuinnimh atá glan, inathnuaite agus saor ó astaíochtaí is ea fuinneamh gaoithe. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas a tháirgtear fuinneamh ón ngaoth, féach an fhaisnéis ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) faoi fhuinneamh gaoithe.
Ar Talamh
Is é is cumhacht ghaoithe ar an gcladach ann ná tuirbíní atá lonnaithe ar an talamh agus a úsáideann an ghaoth chun leictreachas a ghiniúint. Coimisiúnaíodh an chéad fheirm ghaoithe tráchtála riamh in Éirinn i mBéal Átha Comhraic, Co. Mhaigh Eo, sa bhliain 1992. Tá breis agus 250 feirm ghaoithe i mbun oibre faoi láthair, agus toilleadh suiteáilte iomlán 3,700 meigeavata (MW) acu. Is é is meigeavata ann ná aonad le haghaidh cumhacht a thomhas. Is ionann é agus milliún vata. Tá toilleadh suiteáilte 169 MW ag an bhfeirm ghaoithe is mó sa tír.
Má táimid chun ár sprioc leictreachais inathnuaite don bhliain 2030 a bhaint amach, ní mór an ráta tógála le haghaidh feirmeacha gaoithe ar an gcladach a mhéadú ón meán stairiúil, atá cothrom le 180 MW sa bhliain, go 250 MW ar a laghad sa bhliain.
Foilsíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann an Tuarascáil 'Energy in Ireland'. Is tuarascáil bhliantúil í sin ina mionsonraítear na staitisticí oifigiúla is déanaí maidir le húsáid fuinnimh in Éirinn.
Na Treoirlínte d’Fhorbairt Fuinneamh Gaoithe
Baineann na Treoirlínte d’Fhorbairt Fuinneamh Gaoithe le forbairtí fuinneamh gaoithe ar an gcladach. Bainfidh An Bord Pleanála agus údaráis phleanála úsáid astu chun cinntí a dhéanamh ar iarratais phleanála agus ar achomhairc phleanála agus le linn pleananna forbartha áitiúla a chur le chéile. Socraítear leo an comhthéacs le haghaidh breithniúcháin fuinneamh gaoithe chun na gcríoch sin agus déanfar difear leo d’aon tograí le haghaidh forbairt fuinneamh gaoithe sa todhchaí. Áireofar leo sin toilithe forbartha fuinneamh gaoithe atá ann cheana a athnuachan agus a athchumhachtú.
Chun cóip a fháil de na dréacht-Treoirlínte d’Fhorbairt Fuinneamh Gaoithe atá beartaithe agus de na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara, a bhí faoi réir comhairliúchán poiblí ní ba luaithe sa bhliain 2020, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Amach ón gCósta
Léirítear uaillmhian mhéadaithe aeráide agus fuinnimh na hÉireann sa sprioc ón Rialtas a socraíodh faoin bPlean Gnímh don Aeráid 2021. Is é atá i gceist leis an sprioc sin an céatadán de leictreachas inathnuaite a mhéadú go 80% faoin mbliain 2030 agus áirítear léi sprioc mhéadaithe go mbeadh suas le 5 GW de ghiniúint shuiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ann faoin mbliain 2030. Tá gealltanas breise ann i gClár an Rialtais go bhforbrófaí plean níos fadtéarmaí le haghaidh úsáid a bhaint as an toilleadh féideartha 30 GW de chumhacht ghaoithe shnámhach amach ón gcósta inár n-uiscí Atlantacha. Bainfear an sprioc 5 GW amach go príomha trí fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt i réigiúin chósta thoir agus theas na hÉireann. Tá sé sin ag teacht le hoiriúnacht dhoimhneacht an uisce sna réigiúin sin le haghaidh tuirbíní traidisiúnta gaoithe amach ón gcósta a bhfuil bun seasta acu agus an bonneagar eangaí leictreachais atá ann cheana a imscaradh chun na tionscadail sin a cheangal leis an eangach ar an gcladach. Maidir leis an imscaradh cost-éifeachtúil foinsí inathnuaite ina dhiaidh sin in uiscí níos doimhne amach ón gcósta thiar chun leas a bhaint as luasanna gaoithe a bhíonn níos láidre agus níos comhsheasmhaí, ba cheart go n-éireodh sé níos sodhéanta de réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an teicneolaíocht tuirbíní snámhacha le himeacht ama. De bharr láthair na hÉireann ag imeall Atlantach na hEorpa, is mó an acmhainneacht fuinnimh amach ón gcósta atá aici ná mar atá ag formhór na dtíortha eile san Eoraip, agus is ionann limistéar muirí na hÉireann ná seacht n-oiread mhéid a mórchríche.
Bunaíodh Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar. Is tascfhórsa tras-rannach é sin a bhfuil mar aidhm aige an soláthar a bhrú chun cinn agus na deiseanna eacnamaíocha agus gnó níos fadtéarmaí a bhaineann le foinsí inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt in Éirinn a shaothrú. Príomhchuspóir de chuid an Tascfhórsa is ea plean comhdhlúite a fhorbairt, agus na gníomhaíochtaí uile atá ar bun ar fud ranna agus gníomhaireachtaí á dtiomsú chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna gaoithe amach ón gcósta agus na spriocanna gaolmhara atá leagtha amach i gClár an Rialtais agus sa Phlean Gnímh don Aeráid.
An tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí
Is é is an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí ann ná freagairt tosaigh an Stáit d’athchóiriú an rialachais mhuirí, ar athchóiriú é a theastaíonn go géar. Is é an tAcht an buntaca dlíthiúil le córas pleanála muirí úrnua, rud lena ndéanfar saothrú ár n-acmhainneachta ollmhóire fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chothromú le cosaint ár muirthimpeallachta saibhre uathúla. Tá an tAcht ar cheann de na príomhnithe lena gcumasófar baint amach spriocanna na hÉireann maidir leis an dícharbónú, agus foráiltear leis do chóras úrnua don limistéar muirí ar fad, agus an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí mar bhonn agus thaca aige. Cuirfear córas níos dírithe agus níos cuíchóirithe um Thoilithe Limistéir Mhuirí in ionad Toilithe Imeall Trá. Leathnófar an córas ceadanna pleanála isteach sa limistéar muirí ar fad, agus forbairt faoi réir measúnacht timpeallachta chuimsitheach aonair. Tacaítear le gníomhaíochtaí comhlíonta agus forfheidhmiúcháin trí fhorálacha láidre.
Toiliú Limistéir Mhuirí agus na Tionscadail Iomchuí
Ceann de na príomhghnéithe den Bhille um Pleanáil Limistéir Mhuirí is ea toiliú nua Stáit a chruthú, eadhon an Toiliú Limistéir Mhuirí, mar chéad chéim den phróiseas nua pleanála. Chun go mbeifear in ann ár spriocanna don bhliain 2030 a bhaint amach, soláthraíodh conair chun cur ar chumas dornán roghnaithe tionscadal a tháinig chun cinn faoin gcóras Imeall Trá atá ann cheana aistriú chuig an gcóras nua um Pleanáil Limistéir Mhuirí a luaithe a bheadh sé bunaithe.
An Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
Leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí, tugtar le chéile den chéad uair riamh gníomhaíochtaí muirbhunaithe uile an duine, agus breac-chuntas á thabhairt ann ar fhís, cuspóirí agus beartais phleanála muirí an Rialtais le haghaidh gach gníomhaíochta muirí.
Mionsonraítear sa Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí conas a idirghníomhóidh na gníomhaíochtaí muirí sin lena chéile i spás aigéin a mbíonn an brú spáis air ag méadú, agus úsáid inbhuanaithe ár n-acmhainní muirí á cinntiú go dtí an bhliain 2040.
Tá sé beartaithe go mbeidh an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí ar an gcoibhéis mhuirí leis an gCreat Náisiúnta Pleanála. Is é an toradh a bheidh ar an gcur chuige sin ná go mbeidh an Rialtas in ann:
- treo soiléir a shocrú le haghaidh ár bhfarraigí a bhainistiú
- cuspóirí agus tosaíochtaí a shoiléiriú
- cinnteoirí, úsáideoirí agus geallsealbhóirí a threorú i dtreo úsáid a bheidh straitéiseach, stiúrtha ag pleananna agus éifeachtúil a bhaint as ár n-acmhainní muirí
Ullmhaíodh an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí trí leas a bhaint as cur chuige a bhí bunaithe ar éiceachórais agus treoraithe ag an eolas is fearr ar fáil. Rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) mar chuid den Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí a ullmhú. I gcomhthéacs an Chreata Náisiúnta seo um Pleanáil Mhuirí, is stiúrtha ag pleananna a bheidh baint amach na spriocanna maidir le foinsí inathnuaite amach ón gcósta, agus an córas bainistíochta forbartha nua a chuimseofar sa Bhille um Pleanáil Limistéir Mhuirí mar bhonn agus thaca aige.
An Plean Forbartha um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP) II
Foilsíodh an Plean Forbartha um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP) sa bhliain 2014. Ba é an chéad Phlean dá leithéid riamh a bhí ag Éirinn é agus soláthraíodh leis creat le haghaidh forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar na hacmhainní fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta de chuid na hÉireann, agus é ag leagan amach na n-eochairphrionsabal, na ngníomhartha beartais agus na gcumasóirí le haghaidh acmhainneacht shuntasach na hÉireann sa réimse sin a chomhlíonadh. Sa bhliain 2021, cuireadh tús le hobair ar an bPlean Forbartha um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II) a athbhreithniú chun uaillmhian mhéadaithe na hÉireann maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a chomhlíonadh. Áiríodh léi sin sprioc mhéadaithe arb é atá inti suas le 5 ghigeavata (5000 meigeavata) d’fhuinneamh a bheith ag teacht ó fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus an céatadán de leictreachas inathnuaite a mhéadú go 80% faoin mbliain 2030, faoi mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021. Ó bhí an bhliain 2014 ann, tá forbairtí suntasacha teicneolaíochta tagtha chun cinn a d’fhéadfaí a úsáid chun tionscadail fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta atá níos casta agus níos ilchineálaí a thógáil. Ina theannta sin, tá i bhfad níos mó sonraí ar fáil faoi acmhainní muirí na hÉireann.
Faoi mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, beidh OREDP II ina uirlis thábhachtach pleanála de réir mar a aistríonn Éire chuig córas rialála atá faoi stiúir ag pleananna le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sa todhchaí, rud a mbeidh an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí mar bhonn agus thaca aige. I dteannta fhorbairt Chreat Náisiúnta na hÉireann um Pleanáil Mhuirí, leagfar amach in OREDP II an chonair le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt tar éis na bliana 2030. Agus é faoi stiúir ag an Roinn seo, is togra suntasach é OREDP II. Is é a bheidh i gceist leis ná rannpháirtíocht thábhachtach agus ionchur tábhachtach ó raon leathan geallsealbhóirí ón tseirbhís phoiblí, ón lucht léinn, ón lucht tionscail, ó phobail chósta agus mhuirí agus ó ghrúpaí comhshaoil ar fud an phróisis.
Is é an toradh a bheidh ar OREDP II ná go soláthrófar bonn fianaise le haghaidh sainaithint a dhéanamh ar na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt inbhuanaithe teicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe, tonnta agus taoide i gCrios Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann (a shíneann suas le 200 míle farraige nó 370 km amach ón gcósta). Áireofar leis measúnacht ar ghníomhaíochtaí muirí eile agus ar an mbithéagsúlacht mhuirí. Mar chuid den phróiseas sin, tá athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil faoi limistéar muirí na hÉireann agus tá aon bhearnaí féideartha sonraí á sainaithint. Beidh roinnt measúnachtaí timpeallachta i gceist le OREDP II. Áireofar Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) leo sin chun tionchair fhéideartha a mheas agus chun eolas a dhéanamh do threo an phlean. Beidh na measúnachtaí sin faoi réir comhairliúchán poiblí.
Cabhróidh Grúpa Comhairleach leis na geallsealbhóirí iomchuí uile ón gcolún eacnamaíoch, ón gcolún comhshaoil agus ón gcolún sóisialta páirt a ghlacadh i bpróiseas OREDP II. Beidh an Grúpa Comhairleach comhdhéanta d’ionadaithe ón lucht tionscail, ó eagraíochtaí comhshaoil agus ó fhorais taighde, agus áireofar leis baill de Ghrúpa Comhairleach an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí.
Treoirdhoiciméid d’Fhorbróirí
Chun cabhrú le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt in Éirinn, d’fhoilsigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil treoirdhoiciméid chun tacú le geallsealbhóirí difriúla.
Ocean Energy Ireland
Is é is Ocean Energy Ireland ann ná tairseach fuinnimh inathnuaite mhuirí na hÉireann. D’fhorbair Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Foras na Mara í. Forbraíodh an tairseach de réir ceanglais a leagadh amach faoin bPlean Forbartha um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP).
Leis an tairseach seo, treoraítear daoine trí na cineálacha tacaíochta atá ar fáil in Éirinn le haghaidh an earnáil fuinnimh inathnuaite mhuirí a fhorbairt. Soláthraítear léi rochtain ar shonraí muirí, ar uirlisí mapála, ar chistiú agus ar fhaisnéis atá ábhartha d’fhuinneamh inathnuaite a mheasúnú, a fhorbairt agus a bhainistiú.
Leanfar leis an tairseach a fhorbairt le himeacht ama, agus tá sé beartaithe go mbeidh sí ina hardán úsáideach do gach forbróir atá in ann teagmháil a dhéanamh le hearnálacha tacaíochta iomchuí in Éirinn agus an fhaisnéis is ábhartha agus is cothroime le dáta a fháil.
Micrighiniúint
Is é is 'micrighiniúint' ann ná an téarma ginearálta a úsáidtear chun tagairt do leictreachas a ghiniúint ó chineálacha inathnuaite teicneolaíochta, lena n-áirítear grianphainéil fhótavoltacha, micreathuirbíní gaoithe, micreathuirbíní hidrileictreacha agus micreachórais um chumhacht is teas in éineacht.
Foráiltear le Gníomh 30 den Phlean Gnímh don Aeráid go mbeidh fáil ag gach micrighineadóir Éireannach faoi na míonna deiridh den bhliain 2021 ar íocaíocht tacaíochta as an leictreachas barrachais arna ghiniúint ar an láithreán agus arna onnmhairiú chuig an eangach, agus á chinntiú ag an am céanna go gcuirfear prionsabal an chothromais, prionsabal na féinúsáide agus an prionsabal um thús áite d’éifeachtúlacht fuinnimh ar áireamh.
Is é an aidhm ná go mbeidh an íocaíocht sin, nó an Ráthaíocht Onnmhairí Glana, ar fáil do gach gineadóir fuinnimh inathnuaite a onnmhairíonn chuig an eangach, is cuma cén soláthraí fuinnimh a bhfuil conradh soláthair acu leis.
Léigh tuilleadh faoi Mhicrighiniúint
Cineálacha Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite
Chun táirgeadh leictreachais inathnuaite a spreagadh agus chun cinnteacht agus muinín a thabhairt do tháirgeoirí, d’fhorbair an rialtas raon sásraí tacaíochta lena gcinnteofaí íosphraghsanna agus lena gcuirfí ar chumas pobal tairbhe a bhaint as an bhforbairt sin.
REFIT
Dearadh scéimeanna na Taraife Dreasachta ar Sholáthar Fuinnimh Inathnuaite (REFIT) chun a chinntiú go mbainfeadh Éire amach an sprioc a bhí aici gur ó fhoinsí inathnuaite a thiocfadh 40% de leictreachas faoin mbliain 2020. Toradh eile a bhí orthu is ea gur tugadh cinnteacht do ghineadóirí leictreachais inathnuaite trí íosphraghas a sholáthar dóibh as gach aonad leictreachais arna onnmhairiú chuig an eangach thar thréimhse 15 bliana.
Dúnadh na scéimeanna deiridh REFIT i mí na Nollag 2015. Chinn an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil i mí na Nollag 2016 go bhfadófaí roinnt spriocdhátaí a raibh feidhm acu faoi théarmaí agus coinníollacha reatha scéim tacaíochta REFIT 2 agus faoi Fhógra Soiléirithe REFIT a foilsíodh i mí na Samhna 2015.
I gcomhthráth leis na forbairtí margaidh, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag forbairt scéim tacaíochta nua le haghaidh leictreachas inathnuaite, mar atá an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS). Beidh an scéim faoi réir na rialacha nua ar ghlac an Coimisiún Eorpach iad sa bhliain 2014 maidir le tacaíocht phoiblí do thionscadail i réimse an fhuinnimh. Tá sé mar aidhm leis na rialacha sin aistriú céim ar chéim chuig tacaíocht mhargadhbhunaithe d’fhuinneamh inathnuaite a chur chun cinn.
An Oibleagáid Seirbhíse Poiblí
Is é is an tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí ann ná muirear a chuirtear ar gach custaiméir leictreachais, gan aon eisceachtaí. Is leis an tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí a chistítear scéimeanna/tacaí na Taraife Dreasachta ar Sholáthar Fuinnimh Inathnuaite (REFIT).
Tá an tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí i bhfeidhm ó bhí an bhliain 2001 ann agus is sásra foriomlán tacaíochta é le haghaidh giniúint móna, le haghaidh giniúint thraidisiúnta áirithe arna tógáil chun slándáil an tsoláthair a chinntiú agus le haghaidh leictreachas inathnuaite a fhorbairt. Leis an tobhach, cúitítear soláthraithe leictreachais as na costais bhreise a thabhaíonn siad trí leictreachas arna ghiniúint ag na táirgeoirí sin a cheannach.
Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) a chinneann an tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí. Tá Rialacháin a rinneadh faoin Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, ar an mbonn dlíthiúil atá leis an tobhach.
An Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS)
Is é is an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS) ann ná scéim cheantbhunaithe lena dtugtar cuireadh do thionscadail leictreachais inathnuaite tairiscint a dhéanamh ar thoilleadh agus praghas ráthaithe a fháil as an leictreachas a ghineann siad.
Cuid thábhachtach den Phlean Gnímh don Aeráid is ea cur leis an méid leictreachais a ghintear in Éirinn trí thionscadail fuinnimh inathnuaite. Tá sé mar aidhm leis an scéim cabhrú linn an sprioc atá againn suas le 80% dár bhfuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite faoin mbliain 2030.
Cuirfear ceantanna RESS ar siúl go minic chun a chinntiú go bhfaighidh an tomhaltóir an praghas is fearr. Is é an toradh atá ar cheantanna a chur ar siúl go minic ná gur féidir aon laghdú i gcostais teicneolaíochta a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir agus go bhfuil roinnt deiseanna ag forbróirí a dteicneolaíochtaí nua a chur ar aghaidh lena gcur ar áireamh, rud a d’fhéadfadh fuinneamh a ghiniúint ar bhonn níos éifeachtúla ar chostas níos ísle.
Cuirfear an chéad cheant de scéim RESS-1 ar siúl laistigh de na hamlínte atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid, agus cabhróidh siad linn dul ar an mbóthar ceart go luath i dtreo ár spriocanna don bhliain 2030 a bhaint amach.
Is féidir an t-amchlár ceantanna is déanaí agus faisnéis faoi conas clárú chun páirt a ghlacadh sa scéim RESS a aimsiú ar shuíomh gréasáin EirGrid.
Maidir le pobail, beidh ar gach tionscadal atá ag iarraidh tacaíocht a fháil faoin scéim nua RESS critéir réamhcháiliúcháin a chomhlíonadh. Áireofar leis na critéir sin deis a thairiscint don phobal infheistiú i gcuid de na tionscadail fuinnimh inathnuaite ina limistéar áitiúil agus úinéireacht a ghlacadh orthu. Bunófar clár náisiúnta um íocaíochtaí sochair pobail freisin.
Eangach Leictreachais agus Idirnasc Amach ón gCósta
Agus é mar cheann de roinnt sruthanna oibre a theastaíonn chun go gcomhlíonfar an cuspóir ón Rialtas go suiteálfar 5 GW de ghiniúint fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030, d’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Creat nua agus beartas gaolmhar le haghaidh an chórais tarchurtha leictreachais amach ón gcósta a bheidh ag Éirinn sa todhchaí. Cheadaigh an Rialtas an Creat sin an 14 Aibreán 2021. Leis an gcreat nua, déantar soláthar d’aistriú céimnithe ó shamhail dhíláraithe córais tarchurtha amach ón gcósta chuig samhail láraithe thar na deich mbliana atá le teacht. Sannfar úinéireacht ar shócmhainní an chórais tarchurtha leictreachais amach ón gcósta do EirGrid, arb é Oibritheoir Córais Tarchurtha leictreachais reatha na hÉireann é.
Cuirtear béim ar an tacaíocht d’idirnasc breisithe sa Ráiteas Beartais Náisiúnta faoi Idirnasc Leictreachais, ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Cumarsáide é i mí Iúil 2018. Is ann faoi láthair d’idirnascaire leictreachais amháin idir Éire agus an Bhreatain Mhór, mar atá an tIdirnascaire Thoir-Thiar (EWIC). Is ann do dhá idirnascaire bheartaithe eile a bhfuil an-dul chun cinn déanta ar a bhforbairt réamhthógála. Is iad sin an tIdirnascaire Ceilteach idir Éire agus an Fhrainc agus an tIdirnascaire Naisc Ghlais idir Loch Garman agus an Bhreatain Bheag. Mar aitheantas don mhéid mór a chuirfidh idirnasc breisithe leictreachais le cuspóirí aeráide agus fuinnimh na hÉireann sa todhchaí a bhaint amach, tugadh gealltanas sa Phlean Gnímh don Aeráid go n-athrófaí beartas idirnascaire reatha an Rialtais chun dáta chun an Breatimeacht, teacht chun cinn na n-idirnascairí hibrideacha agus an Rialachán leasaithe GTE-F (Gréasán Fuinnimh Tras-Eorpach) ón Aontas Eorpach a chur san áireamh.
An Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite Amach ón gCósta (ORESS)
Cheadaigh an rialtas Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1, an chéad cheant le haghaidh fuinneamh amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite. A bhí le scála agus cineál sonrach na bhfeirmeacha gaoithe amach ón gcósta, teastaíonn ceantanna tiomnaithe ar dtús chun tacú leis an teicneolaíocht sin in Éirinn. Tá sé beartaithe faoi láthair trí cinn ar a laghad de cheantanna fuinnimh amach ón gcósta a sheoladh sna deich mbliana seo. De bharr na n-amlínte forbartha measartha fada a ghabhann le tionscadail ghaoithe amach ón gcósta, is dóigh nach rannchuideoidh ach an chéad dá cheann de na ceantanna sin leis an sprioc atá againn go mbeadh toilleadh suiteáilte 5 GW againn faoin mbliain 2030. Faoi réir go leor iomaíochta a bheith ar fáil (mar a chinnfidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais go neamhspleách), is é an rún, dá bhrí sin, ná na ceantanna sin a scálú dá réir, agus na rátaí laghdaithe tionscadail a mheastar a bheidh ann tar éis na gceantanna á gcur san áireamh freisin.
Ní mór do thionscadail ghaoithe amach ón gcósta roinnt garspriocanna a bhaint amach chun go mbeidh siad incháilithe le haghaidh dul in iomaíocht in ORESS 1. Go sonrach, ní mór Toiliú Limistéir Mhuirí ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Measúnacht Ceangailte Eangaí ó EirGrid, an tOibritheoir Córais Tarchurtha amach ón gcósta, a bheith dáfa don tionscadal roimh ré. Meastar go n-eiseofar Toilithe Limistéir Mhuirí agus Measúnachtaí Ceangailte Eangaí araon chuig an gcéad bhaisc de thionscadail ghaoithe amach ón gcósta roimh dheireadh na bliana 2022.
Foilsíodh na Téarmaí agus Coinníollacha do cheant ORESS 1 an 9 Samhain 2022.