Mianraí
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2023
- Taiscéalaíocht Mianraí (Sirtheoireacht) in Éirinn
- Mianadóireacht in Éirinn
- Éire agus Beartas Mianraí Idirnáisiúnta
Faightear mianraí i screabh na cruinne ar fud an domhain. Má bhíonn dlús ard de mhianra ann, tugtar fosú mianraí air sin. Más indéanta é ón taobh sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíochta de, is féidir mianadóireacht a dhéanamh ar fhosú mianraí agus is féidir an mianra a bhaintear a phróiseáil don iliomad úsáidí.
Tá gá le mianraí le raon leathan de ghnáthrudaí a dhéanamh amhail taos fiacla; gloine, páipéar, cógais, earraí níocháin, fóin, gliú, plastar, stroighin, leasú talún, antaiseipteán, ríomhairí, bolgáin solais; cruach dhosmálta, púdar tailc, agus sreangú leictreach.
Tá raon leathan de mhianraí ina gcodanna tábhachtacha, uaireanta ríthábhachtacha, de ‘theicneolaíochtaí glasa’. Má tá spriocanna náisiúnta na hÉireann i dtaca le haeráid agus fuinneamh le baint amach, amhail táirgeadh leictreachais 70% ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite agus milliún feithicil leictreach faoi 2030, ní mór glacadh le ‘teicneolaíochtaí glasa’ agus iad a úsáid chun cumhacht a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite, stóráil ceallraí agus athruithe eile córais a chur i bhfeidhm chun tacú leis an ngeilleagar iompair agus leictreachais.
Tá geolaíocht éagsúil ag Éirinn agus raon d’fhosuithe mianraí saibhre lena n-áirítear sinc, luaidhe, copar agus féithe grianchloiche le hór. Rinneadh taiscéalaíocht le déanaí freisin do mhianrú sa Ghrúpa Mianraí Platanaim (PGM), dúile tearc-chré, miotail teicneolaíochta (mar shampla, litiam, tantalam, tungstan agus stán), nicil agus cróimít, diamaint agus geam-mhianraí eile.
Tá acmhainn shuntasach ann freisin ar fud na hÉireann do mhianraí tionsclaíochta. Le blianta beaga anuas, rinneadh mianadóireacht ar ghipseam, dolaimít, gaineamh silice, sceall bríce agus cré thine.
Cuid thábhachtach den gheilleagar is ea an fhorbairt ar fhosuithe mianraí na hÉireann, a chuireann mianraí riachtanacha ar fáil don tionsclaíocht agus a ghineann fostaíocht agus ioncam don Stát. Trí thaiscéalaíocht mianraí a chur chun cinn, cuidíonn an rialtas le fosuithe eacnamúla a aimsiú agus a fhorbairt. Agus é seo á dhéanamh aige, féachann sé leis an tairbhe is mó a bhaint as cion earnáil na mianadóireachta sa gheilleagar, agus cosaint a dhéanamh ar thionchair shóisialta agus comhshaoil.
Taiscéalaíocht Mianraí (Sirtheoireacht) in Éirinn
Is éard is taiscéalaíocht mianraí / sirtheoireacht ann an próiseas a dhéanann geo-eolaithe, de ghnáth i gcomhlacht nó comhpháirtíocht, chun fosuithe mianraí inmharthana a aimsiú.
Baintear úsáid as teicnící éagsúla sa tsirtheoireacht, amhail scrúdú ar thaifid stairiúla agus geolaíochta, mapáil ar chineálacha éagsúla de charraigeacha agus tarluithe mianraí, samplaí beaga a bhailiú de charraigeacha, ithir nó dríodair d’anailís gheoiceimiceach, nó tomhas ar airíonna geoifisiceacha na gcarraigeacha i gceantar.
Má bhíonn torthaí dearfacha ar na teicnící seo, b’fhéidir gur mhaith leis na geo-eolaithe druileáil a dhéanamh nó trinse sealadach éadomhain a thochailt chun an charraig a fhiosrú go grinn. Le druileáil, baintear amach sorcóir tanaí den charraig, a chuidíonn le tuiscint níos fearr a fháil ar an ngeolaíocht thíos. Le trinse, déantar an bhuncharraig a thochailt agus a nochtadh ar na cúiseanna céanna.
Cé go bhfuil ríthábhacht leis an taiscéalaíocht mianraí don gheilleagar, ní mór don rialtas a chinntiú go gcosnaítear ár n-acmhainní; déantar é seo le rialáil agus le Ceadúnais Sirtheoireachta a eisiúint. Tugtar sainmhíniú ar an taiscéalaíocht do mhianraí in Éirinn faoi na hAchtanna um Fhorbairt MianraíAchtanna um Fhorbairt Mianraí agus is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) a dhéanann rialáil air. Is leis an ngníomhaíocht taiscéalaíochta do mhianraí amháin a bhaineann ceadúnas sirtheoireachta agus ní thugann sé cead don sealbhóir ceadúnais mianadóireacht a dhéanamh.
Ní mór d’iarrthóirí ar Cheadúnais Sirtheoireachta clár cuí taiscéalaíochta a sholáthar do na mianraí a bhfuil spéis acu iontu, a n-inniúlachtaí teicniúla agus airgeadais a léiriú, agus aontú le téarmaí ceadúnais, lena n-áirítear coinníoll go ndéanfar an obair le haird chuí ar an timpeallacht.
Foilsíonn DECC fógraí i nuachtáin áitiúla agus ar gov.ie chun an pobal a chur ar an eolas nuair atá Ceadúnas Sirtheoireachta le bronnadh nó le hathnuachan. Áirítear leis an fógraí seo aon mheasúnú ar thionchar comhshaoil na gníomhaíochta. Is féidir leat aighneachtaí nó agóidí a dhéanamh ar na ceadúnais sin laistigh de 30 lá ón uair a fhoilsítear an fógra.
I mí Feabhra 2020, chuir DECC liosta le chéile de na Ceisteanna agus Buarthaí Coitianta a d’ardaigh baill an phobail le linn comhairliúchán poiblí roimhe seo i dtaca le Ceadúnais Sirtheoireachta. Tá freagraí agus eolas a phléann leis na ceisteanna agus buarthaí seo foilsithe taobh leo.
Tá ar shealbhóirí Ceadúnas Sirtheoireachta tuairiscí agus sonraí a chur faoi bhráid DECC maidir lena ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta. Coinnítear na tuairiscí agus sonraí seo faoi rún ar feadh sé bliana nó go dtí go ngéillfear an ceadúnas má dhéantar é sin roimhe sin, agus cuirtear na sonraí ar fáil go poiblí ina dhiaidh sin.
Mianadóireacht in Éirinn
Tá stair fhada mianadóireachta in Éirinn, le taifid ag dul siar chuig an gCré-umhaois, thart ar 2000 RCh. Bhí tábhacht le hIardheisceart na hÉireann do tháirgeadh copair, agus fianaise ar shean-saoirseachtaí i gCill Airne, Co Chiarraí agus Cnoc Osta, Co Chorcaí.
Sa lá atá inniu ann, tá clú idirnáisiúnta ar Éirinn mar mhór-láthair mianadóireachta do shinc-luaidhe. Le 50 bliain anuas, rinneadh roinnt aimsithe suntasacha de bhunmhiotail, lena n-áirítear an fosú ollmhór méine san Uaimh, Co na Mí. Mianraí eile a bhfuil mianadóireacht á dhéanamh orthu is ea Gipseam i gCo Mhuineacháin agus Marmar i gCo na Gaillimhe.
Tá mianach do mhianra sceidealaithe in Éirinn faoi réir ag trí údarú Stáit ar leith a fháil:
- cead pleanála ón údarás pleanála ábhartha
- ceadúnas um Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPC) nó Astaíochtaí Tionsclaíochta (IE) ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
- Ceadúnas / Léas / Cead Mianadóireachta Stáit ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC)
Do ghníomhaíochtaí mianadóireachta tá gá le Cead Mianadóireachta Stáit, Léas Mianadóireachta Stáit nó Cead Mianadóireachta Stáit, ar a dtugtar le chéile Saoráidí Mianadóireachta Stáit (SMFanna).
Ní mór d’iarrthóir ar bith ar SMF ceadúnas sirtheoireachta bailí a bheith acu ar dtús agus plean mionsonraithe le costais i dtaca le dúnadh a sholáthar maor chuid dá n-iarratas. Ní eisítear SMFanna ach amháin d’iarrthóirí a bhfuil cead pleanála agus ceadúnas IPC/IE acu agus atá ábalta cloí leis na treoirlínte i dtaca leis an dea-chleachtas agus leis an gcomhshaol lena chinntiú go ndéanfar na mianraí a bhaint go hiomlán agus go ndéanfar turnamh a chosc agus go ndéanfar athshlánú ceart ar na hoibreacha mianaigh.
Tá roinnt substaintí a fhaightear ar an talamh nó istigh sa talamh nach meastar gur mianraí iad agus nach gá ceadanna nó ceadúnais a fháil ó DECC chun iad a fhorbairt. Áirítear leo seo dromchla talmhaíochta na talún, screath nó móin, agus cloch, gaineamh, gairbhéal nó cré (ach amháin substaintí atá san áireamh sa sceideal le hAcht 1940).
Faoi láthair tá sé Cheadúnas Mianadóireachta Stáit gníomhach agus deich Léas Mianadóireachta Stáit in Éirinn. Tá sonraí iomlána ar fáil sa Tuairisc Sé Mhí don Oireachtas ar stádas na hEarnála Taiscéalaíochta Mianraí agus Mianadóireachta.
Déanann oifigigh roinne i DECC monatóireacht leanúnach ar oibríochtaí mianadóireachta. Tugann comhairleoirí mianadóireachta faoi chigireachtaí ar gach ceann de na príomh-SMFanna ar a laghad dhá uair sa bhliain. Leis na cigireachtaí seo déantar deimhin de go bhfuiltear ag cloí le téarmaí agus coinníollacha na léasanna agus na gceadúnas Stát agus déantar deimhin de freisin go bhfuiltear ar cloí leis an dea-chleachtas. Tá DECC freagrach freisin as a chinntiú go ndéanfar oscailtí ar shean-oibreacha mianaigh a bhain mianraí Stáit a dhaingniú mar is cuí. Ina theannta sin, tugann DECC faoi obair monatóireachta agus cothabhála sna limistéir mianadóireachta a bhí ann in Abhóca agus Béal Átha Gabhann, mar shampla oibreacha sláinte agus sábháilteachta a rinneadh ag Teach gCróinín (Abhóca) in 2017 agus 2020.
Éire agus Beartas Mianraí Idirnáisiúnta
Le Coinbhinsiún Minamata na Náisiún Aontaithe maidir le Mearcair cuirtear creat rialála idirnáisiúnta ar fáil a bhfuil sé d’aidhm aige sláinte an duine agus an comhshaoil domhanda a chosaint ar éifeachtaí dochracha an mhearcair. Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair i Márta 2019 mar sin tá cosc ar bhunmhianadóireacht mearcair dá bharr. Nuair a bhíonn tosach feidhme leis an Acht um Fhorbairt ar Mhianraí 2017, cuirfear cosc ar sirtheoireacht do mhearcair agus ar bhunmhianadóireacht mearcair.
Córas trádála idirnáisiúnta is ea Próiseas Kimberley (KP) ina bhfuil rialtais, tionscal na ndiamant agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar dhiamaint choinbhleachta a thrádáil. Ó tugadh isteach é in 2003, tá laghdú 99.8% déanta ar tháirgeadh domhanda na ndiamant coinbhleachta.
Tá 55 rannpháirtí sa KP, agus an tAontas Eorpach ag feidhmiú mar aon rannpháirtí amháin. Aon duine atá ag iarraidh diamaint gharbha a iompórtáil isteach san AE nó a easpórtáil amach as an AE, ní mór dóibh é sin a dhéanamh trí Údarás Aontais Phróiseas Kimberley agus cloí le Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley (KPCS).
Faoi láthair tá seacht mBallstát AE, Éire ina measc, ina nÚdaráis Aontais KP. Údarás Aontais KP is ea an tÚdarás um Phróiseas Kimberley agus Mhianraí Freagracha (KPRMA) i DECC agus tá údarás aige allmhairí agus onnmhairí de dhiamaint gharbha a cheadú.
Déan iarratas ar Dheimhniú Kimberley
Tá mianraí ann freisin ar a dtugtar 'mianraí coimhlinte' - stán, tungstan, tantalam agus ór, ar a dtugtar 3TG freisin, a úsáidtear i ngnáththáirgí amhail fóin phóca, carranna nó seodra. In áiteanna ina bhfuil éagobhsaíocht polaitíochta, féadfar úsáid a bhaint as na mianraí le maoiniú a thabhairt do ghrúpaí faoi airm, obair éigeantais agus sáruithe eile ar chearta an duine a chur chun cinn, agus tacú leis an éillitheacht agus sciúradh airgid.
Le Rialachán an AE maidir le Mianraí Coimhlinte, féachtar lena chinntiú nach dtagann slabhra soláthair an AE do na mianraí agus miotail 3TG seo ach ó fhoinsí atá freagrach agus saor ó choimhlint. Tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm go hiomlán ar fud an AE an 1 Eanáir 2021. Is é DECC an t-údarás cumasach in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil sé freagrach as seiceálacha a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil allmhaireoirí AE de mhianraí nó miotail 3TG ag cloí lena ndualgais. Tabharfaidh DECC isteach reachtaíocht chumasúcháin náisiúnta chun aidhmeanna an Rialacháin AE a bhaint amach agus, dá bhrí sin, ag cuidiú le comhlachtaí Éireannacha atá ag trádáil i mianraí agus miotail saor ó choimhlint.