Oiriúnú don Chliseadh Aeráide
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Márta 2023
Baineann oiriúnú don athrú aeráide leis an dóigh a bpleanálaimid d’éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus a ndéanaimid gníomhaíocht oiriúnach chun an damáiste is féidir leis an athrú aeráide a dhéanamh a chosc nó a íoslaghdú. Áirítear iad seo a leanas le samplaí de ghníomhartha oiriúnaithe: rialacháin foirgníochta a choigeartú chun aird a thabhairt ar dhálaí aeráide amach anseo; cosaintí ar thuilte a thógáil agus a threisiú; agus tús áite a thabhairt do speicis crann atá níos leochailí i leith stoirmeacha, teocht fhoircneach agus dóiteán. Chun an leibhéal oiriúnaithe sin a bhaint amach, ní mór do na príomhearnálacha den rialtas agus den tsochaí, lena n-áirítear comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha, obair le chéile chun a chinntiú go mbíonn tosca um oiriúnú don athrú aeráide ina gcuid dhílis den bheartas áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
Aeráid na hÉireann sa Todhchaí
Luaitear sa Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir le Téamh Domhanda 1.5 °C, 2018, go bhfuil tionchair an téimh dhomhanda 1 °C de dheasca ghníomh an duine á mbrath cheana féin i ndéine agus minicíocht eachtraí foircneacha áirithe aeráide agus aimsire. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá sé réamh-mheasta go méadóidh rioscaí a bhaineann leis an aeráid don tsláinte, do shlite beatha, don tslándáil bia, don soláthar uisce, do shlándáil an duine agus d’fhás geilleagrach de dheasca téamh domhanda 1.5 °C, agus go méadóidh siad arís eile má bhaineann téamh domhanda 2 °C amach. Is ag méadú a bhíonn an ráta ag a mbíonn an aeráid ag athrú, mar atá léirithe sa tuarascáil sintéise ardleibhéil a ullmhaíodh do Chruinniú Mullaigh Aeráide na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2019.
Léirítear i mbreathnóireachtaí go mbíonn aeráid na hÉireann ag athrú ag scála agus ag ráta atá comhsheasmhach le treochtaí réigiúnacha agus domhanda. Is le hathruithe in eachtraí foircneacha, amhail tuilte, frasaíocht agus stoirmeacha, den chuid is mó, a bhaineann na rioscaí is láithrí d’Éirinn. Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar méadaitheach ag an athrú aeráide ar Éirinn thar na blianta fada atá romhainn. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas teacht as an athrú aeráide:
- Ardú ar leibhéal na farraige
- Méadú i ndéine stoirmeacha agus eachtraí báistí
- Méadú sa dóchúlacht go mbeidh tuilte abhann agus cósta ann agus méadú i méid na dtuilte sin
- Ganntanais uisce sa samhradh
- Méadú sa riosca go dtiocfaidh lotnaidí agus galair nua chun cinn
- Drochthionchair ar cháilíocht an uisce
- Athruithe i ndáileadh agus feineolaíocht (uainiú eachtraí thimthriall na beatha) na speiceas plandaí agus ainmhithe ar talamh agus sna haigéin
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hathruithe in aeráid na hÉireann, féach Climate Ireland, ar ardán faisnéise aeráide na hÉireann é a bunaíodh le cistiú ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun faisnéis agus oiliúint a sholáthar agus chun cur leis an acmhainn atá ag na hearnálacha uile oiriúnú don athrú aeráide.
An Creat Náisiúnta Oiriúnaithe
D’fhoilsigh an tAire Denis Naughten an chéad Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe reachtúil riamh d’Éirinn an 19 Eanáir 2018. Forbraíodh an Creat faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Is creat é trínar féidir a chinntiú gur féidir le húdaráis áitiúla, le réigiúin agus le príomhearnálacha measúnú a dhéanamh ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí i leith an athraithe aeráide, gníomhartha a chur chun feidhme chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú, agus a chinntiú go ndéantar tosca um oiriúnú don athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i ngach beartas áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Aidhm eile atá leis an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe is ea feabhas a chur ar an timpeallacht cumasúcháin don oiriúnú trí chaidreamh leanúnach a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta, leis an earnáil phríobháideach agus leis an bpobal taighde. Cuirtear ann leis an obair a rinneadh cheana féin faoin gCreat Náisiúnta um Oiriúnú don Athrú Aeráide. Déanfar athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe uair amháin ar a laghad gach cúig bliana.
Chun na creataí nó na straitéisí náisiúnta um oiriúnú a chomhlánú, ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú i mí Aibreáin 2013. Leis an straitéis sin, tacaítear le gníomhaíocht trí chomhordú agus comhroinnt faisnéise níos fearr a chur chun cinn idir na Ballstáit agus trína chinntiú go dtugtar aghaidh ar thosca um oiriúnú i ngach beartas ábhartha de chuid an Aontais.
Pleananna Oiriúnaithe Earnála
Faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe agus faoin bPlean Gnímh don Aeráid, ceanglaíodh ar sheacht roinn rialtais a bhfuil freagracht orthu as earnálacha tosaíochta pleananna oiriúnaithe earnála a ullmhú, ar aon dul le ceanglais an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Forbraíodh na pleananna sin le linn na mblianta 2018 agus 2019, agus cheadaigh an rialtas iad i mí Dheireadh Fómhair 2019.
Sainaithnítear i ngach Plean na príomhrioscaí atá ann ar fud na hearnála agus an cur chuige atá á ghlacadh chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fhorbairt don todhchaí. Forbraíodh iad trí phróiseas pleanála oiriúnaithe sé chéim a chur i bhfeidhm, ar próiseas é atá tuairiscithe sna Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad.
Áirítear gníomhartha lena ndéantar na nithe seo a leanas leis na pleananna:
- An t-oiriúnú a phríomhshruthú isteach i bpríomhphleananna agus príomhbheartais earnála
- Sainaithint a dhéanamh, agus tuiscint a ghnóthú, ar na príomhleochaileachtaí, na príomhrioscaí agus na príomhdheiseanna atá roimh earnálacha sonracha agus ar mhór-rioscaí a théann i bhfeidhm ar roinnt earnálacha difriúla
- A chinntiú go ndéantar pleanáil straitéiseach éigeandála a dhíonadh ó thaobh na haeráide de
- Faisnéis a shainaithint agus a bhailiú faoi na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an oiriúnú laistigh d’earnálacha sonracha
- Cur leis an acmhainn atá ann laistigh d’earnálacha chun déileáil leis an athrú aeráide
- Sainaithint a dhéanamh ar na príomhbhearnaí taighde atá ann laistigh dá n-earnálacha agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin
- Feabhas a chur ar chomhordú leis an earnáil rialtais áitiúil
- Córais chuí faireacháin agus fíorúcháin a fhorbairt laistigh d’earnálacha
Tá na Pleananna sa chéim cur chun feidhme anois. Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Náisiúnta um Oiriúnú chun comhleanúnachas a chur le pleanáil oiriúnaithe. Athbhreithníodh struchtúr an Choiste faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Agus é faoi chathaoirleacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus comhdhéanta d’ionadaithe ó na ranna uile a stiúrann forbairt na bpleananna oiriúnaithe, d’imir an Coiste sin ról ríthábhachtach maidir le cúnamh a thabhairt do na ranna dul i dteagmháil lena chéile le linn dóibh a bpleananna a fhorbairt. Déanann an Coiste formhaoirseacht anois ar an dóigh a mbíonn na gníomhartha á gcur chun feidhme ag na hearnálacha ábhartha, agus caidreamh idir na hearnálacha á éascú aige.
Plean na hEarnála Líonraí Leictreachais agus Gáis um Oiriúnú don Athrú Aeráide