Fuinneamh
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 5 Samhain 2024
achoimre
- Leictreachas
- Gás
- Fuinneamh Iompair
- Éifeachtúlacht Fuinnimh Cónaithe
- Fuinneamh Gnó agus na hEarnála Poiblí
- Téamh In-athnuaite
Tá geilleagar na hÉireann ina gheilleagar allmhairithe fuinnimh ina mbraitear ar allmhairí gáis agus ola chun a riachtanais fuinnimh a bhaint amach. Ag an am céanna, tá éifeachtaí an athraithe aeráide ina gcúis le cur isteach níos mó inár saol. Tá an riachtanas maidir lenár n-astaíochtaí carbóin agus ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú i ngach earnáil den tsochaí ag éirí níos práinní. Is é sprioc an Rialtais Éire a chumasú, laistigh de chreata AE agus domhanda, aistriú i dtreo geilleagar atá ina gheilleagar ísealcharbóin, atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas na spriocanna seo a leanas a bhaint amach faoin mbliain 2030:
- Leictreachas in-athnuaite 70%
- Laghdú 30% ina astaíochtaí CO2
- Feabhas 32.5% in éifeachtúlacht fuinnimh
D’fhonn sin a dhéanamh, caithfear cothromaíocht a fháil idir fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin agus in-athnuaite a fhorbairt, foinse leictreachais shábháilte, slán agus iontaofa a chinntiú agus margadh iomaíocha agus dea-rialaithe a choinneáil.
Chomh maith leis sin, is féidir an t-aistriú sin a dhéanamh trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Chuir an rialtas bearta agus tacaíochtaí i bhfeidhm chun cur ar chumas daoine aonair, pobail, gnónna agus an earnáil phoiblí é sin a bhaint amach. Tá sé seo ina chuidiú chun inacmhainneacht fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh a laghdú freisin.
Trí bheartais, tacaíochtaí, straitéisí agus pleananna an rialtais ar nós an Plean Gnímh don Aeráid, cuideofar le hÉirinn aistriú i dtreo thodhchaí níos inbhuanaithe.
Leictreachas
Tá leictreachas ina chúigiú cuid nach mór den fhuinneamh a úsáidimid in Éirinn. Is é gás nádúrtha an phríomhfhoinse fuinnimh atá againn dó sin. Tá an rialtas freagrach as beartas a chruthú a bhaineann le margaí leictreachais a rialú. Chomh maith leis sin, tá sé ina sprioc ag an rialtas laghdú in astaíochtaí CO2 na hÉireann a bhaint amach. Faoi láthair, tá giniúint leictreachais freagrach i ndáil leis an gceathrú cuid díobh sin. Déanann an rialtas beartas agus scéimeanna tacaíochta a leagan amach chun é sin a chur i gcrích, ina gcuirtear foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn agus ina dtacaítear le hÉirinn maidir lena cuspóir spriocanna in-athnuaite fuinnimh náisiúnta agus AE a bhaint amach.
Léigh tuilleadh faoi Leictreachas
Gás
In Éirinn, gintear fuinneamh ó líon foinsí éagsúla, idir fhoinsí intíre agus fhoinsí allmhairithe. Is ó ghás nádúrtha a fhaightear beagnach trian amháin dár riachtanais fuinnimh foriomlána, agus níos mó ná leath dár leictreachas. Cruthaíonn an rialtas beartas agus reachtaíocht inar féidir an margadh gáis in Éirinn a liobrálú agus a rialú. Tá sé freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus na critéir a bhaineann le foinsí gáis níos in-athnuaite a úsáid d’fhonn laghdú in astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a bhaint amach.
Tá líonraí gáis na hÉireann faoi úinéireacht agus á bhfeidhmiú ag an gComhlacht Stáit, Gas Networks Ireland. Tá an comhlacht neamhspleách, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU)freagrach as rialú geilleagrach a dhéanamh ar an líonra, sábháilteacht gháis agus bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil an tsoláthair a chosaint.
Léigh tuilleadh faoi Gás
Fuinneamh Iompair
Tá iompar ina chúis le beagnach aon chúigiú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) na hÉireann. Tá an rialtas ag obair ar an earnáil iompair a dhícharbónú, trí dhroim láimhe a thabhairt ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise mar fhoinse fuinnimh. Tá beartas an rialtais dírithe ar thacaíocht a chur chun cinn agus a chur ar fáil do theicneolaíochtaí atá níos ísle ó thaobh carbóin de agus d’fhoinsí fuinnimh níos inbhuanaithe. Tá an sprioc seo á léiriú freisin in go leor de na gníomhartha a leagadh amach sa Plean Gnímh don Aeráid.
Léigh tuilleadh faoi Fuinneamh Iompair
Éifeachtúlacht Fuinnimh Cónaithe
Ta an earnáil chónaithe ina cúis le beagnach 10% dár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) foriomlána. Tá beartais, straitéisí agus tacaíochtaí an rialtais dírithe ar na h-astaíochtaí seo a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a bhaint amach i dtithe cónaithe in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá béim á leagan ar an riosca maidir le bochtaineacht fuinnimh, chun cuidiú le teaghlaigh nach acmhainn dóibh a riachtanais fuinnimh a bhaint amach. Tá obair an rialtais á cur i gcrích trí thionscnaimh tras-rannacha agus freisin via scéimeanna atá á gcur i gcrích ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
Léigh tuilleadh faoi Éifeachtúlacht Fuinnimh Cónaithe
Fuinneamh Gnó agus na hEarnála Poiblí
Tá acmhainn iontach ann astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus spleáchas ar bhreosla iontaise a laghdú ar fud na hearnála gnó agus na hearnála poiblí. Déanann an rialtas beartais agus straitéisí a leagan amach d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a bhaint amach agus tugtar gealltanas i leith gníomhartha ar nós na ngníomhartha a leagtar amach sa Plean Gnímh don Aeráid. Chomh maith leis sin, cuirtear maoiniú agus tacaíocht ar fáil do scéimeanna ina gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr agus úsáid níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn.
Léigh tuilleadh faoi Fuinneamh Gnó agus na hEarnála Poiblí
Téamh In-athnuaite
Leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, éilítear ar Éirinn 16% dár gceanglais fuinnimh a chomhlíonadh ó foinsí in-athnuaite faoi 2020. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, shocraigh Éire sprioc de 12% d'fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach san earnáil teasa faoi 2030. In 2018, ba fhuinneamh in-athnuaite é 6.5% den fhuinneamh a úsáideadh san earnáil fuinnimh.
Léigh tuilleadh faoi Téamh In-athnuaite