English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€17.5 milliún le soláthar ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide chun ár soilsiú poiblí a dhéanamh níos fuinneamhéifeachtúla

  • Síníonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Oifig Bainistíochta Bóithre comhaontú deontais don Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí

Infheisteofar níos mó ná €17 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun suas le 200,000 solas poiblí údaráis áitiúil atá ann cheana a uasghrádú ina laindéir ardéifeachtúlachta LED. Tiocfaidh méadú 55% ar a ghlaise atá siad dá bharr sin.

Tugtar an Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí Údaráis Áitiúil ar an tionscadal, agus cuimsíonn sé 21 údarás áitiúla. Tá sé á chur chun feidhme i dtrí réigiún leithleacha – tionscadal réigiún an Iardheiscirt atá faoi stiúir ag Comhairle Contae Chorcaí, tionscadal réigiún an Oirthir atá faoi stiúir ag Comhairle Contae Chill Chainnigh, agus tionscadal réigiún an Iarthuaiscirt atá faoi stiúir ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tá na tionscadail sin ar siúl i gcomhthráth le trí thionscadal réigiúnacha faoi chomhaontú deontais amháin.

Rinneadh suirbhéireacht ar bhreis agus 216,000 solas i réigiún an Iardheiscirt agus i réigiún an Oirthir go dtí seo chun a chinneadh cé na cinn is gá a uasghrádú, agus fardal mionsonraithe á chruthú. Tá suirbhéireacht le tosú i réigiún an Iarthuaiscirt.

Tiontaíodh ina LEDanna cheana féin níos mó ná 50% de na soilse ar gá iad a iarfheistiú, agus tá dearadh soilsithe ar siúl faoi láthair. Is réimse casta é dearadh soilsithe, ina gcuirtear a lán tosca difriúla san áireamh, lena n-áirítear suíomh solais, airde cuaille, sonraíocht agus caighdeáin tionscadail, ceanglais chuma, saincheisteanna comhshaoil agus éiceolaíocha, agus araile. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Déanfar an soilsiú ar ár gcuid sráideanna agus bóithre níos fuinneamhéifeachtúla mar thoradh ar an gcistiú seo. Agus tagann sé sna sála ar an obair a rinneadh chun ár soilsiú poiblí a thiontú cheana féin. Is sampla iontach é seo de na tairbhí praiticiúla inbhraite a ghabhann leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, rud a chistítear trí thobhaigh a fhabhraítear ar úsáid thruaillitheach breoslaí iontaise. Tá ríthábhacht ag baint le ceannaireacht údarás áitiúil maidir le tabhairt faoi ghníomhartha ar son na haeráide a n-éiríonn leo i ndáiríre. Tríd an gcistiú seo, táimid ag bogadh ar shiúl ó chineálacha traidisiúnta soilsithe phoiblí agus i dtreo crainn solais LED. Rachaidh sé sin chun tairbhe dúinn anois agus amach anseo, mar gheall ar an méadú a thiocfaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus mar gheall ar an laghdú a thiocfaidh ar chostais chothabhála agus fuinnimh, ar thruailliú solais agus ar astaíochtaí CO2."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Ciste an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide:

Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Leis an gciste, tacaítear freisin le tionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear íocaíochtaí chun astaíochtaí ó eitiltí oifigiúla a fhritháireamh, agus ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.

Glao 1 an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide

Sa bhliain 2018, eisíodh ceadú i bprionsabal do sheacht dtionscadal dar luach iomlán €77 milliún, beagnach. Tá sé cinn de na tionscadail sin á soláthar faoi láthair (an Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí Údaráis Áitiúil, Tionscadal Carranna Leictreacha BSL, Tionscadal Téamh Ceantair Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, Tionscadal Iarnród Éireann um Charranna Iarnróid Idirchathrach faoi Thiomáint Hibrideach, Clár Ghníomhaireacht Fuinnimh an Oirdheiscirt um Fheithiclí Níos Glaise Earraí Troma, agus Tionscadal Líonraí Gáis Éireann um Astaíochtaí Nialasacha Glasa In-athnuaite Talmhaíochta).

An Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí

Sa bhliain 2018, cheadaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag an am an Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí Údaráis Áitiúil, ar fhorbair an Oifig Bainistíochta Bóithre é, le haghaidh tacaíocht is fiú suas le €17.47 milliún a fháil faoin gcéad ghlao ar iarratais. Bhí sé sin ar cheann amháin de sheacht dtionscadal ar cheadaigh an tAire iad bunaithe ar an moladh ó Bhord Comhairleach an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Tionscadal uaillmhianach éifeachtúlachta fuinnimh is ea an tionscadal, atá mar chuid den chuspóir atá ag an rialtas áitiúil laindéir níos éifeachtúla LED a chur in ionad na soilse poiblí údaráis áitiúil uile atá ann cheana, rud a thacóidh leis na cuspóirí náisiúnta atá againn faoin bplean gníomhaíochta ar son na haeráide. Tá údaráis áitiúla ag déanamh faireachán ar an dul chun cinn ina leith sin i gcomhar leis an gCoimisiún Náisiúnta um Fhormhaoirsiú agus Iniúchóireacht ón mbliain 2021 i leith.

Chun go bhféadfaidh an Tionscadal um Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilsithe Phoiblí cistiú a fháil, tá sé comhaontaithe:

  • go n-athsholáthróidh an tionscadal thart ar 200,000 solas nach soilse LED iad in údaráis áitiúla rannpháirteacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi 55%;
  • go dtuairisceoidh an tionscadal go tráthrialta don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Agus an tionscadal ar fad á fhorbairt ar fud trí thionscadal réigiúnacha, beidh formhaoirseacht láidir ag an Roinn ar an tionscadal ar fad de réir mar a théann sé ar aghaidh
  • nach mór don tionscadal roinnt príomhtháscairí feidhmíochta a chomhlíonadh agus tuairisc a thabhairt ina leith (mar shampla, an líon LEDanna a iarfheistíodh agus an choigilt chéatadánach fuinnimh a baineadh amach)