English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Acht Aeráide uaillmhianach na hÉireann anois ina dhlí

  • Tá tús curtha leis an turas chuig astaíochtaí Glan-nialasacha

Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, roimh shíníu Climate Action and Low Carbon Development (Amendment) Act - Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Tá Éire anois ar bhealach atá ina cheangal dlí chuig astaíochtaí Glan-nialasacha faoi 2050, agus chuig laghdú 51% ar astaíochta faoi dheireadh na ndeich mbliana seo. San acht tá creat le go gcomhlíonfaidh Éire a ghealltanais aeráide idirnáisiúnta agus AE le go mbeidh sí chun tosaigh ag tabhairt faoi athrú san aeráid.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is lá cinniúnach é an lá inniu, agus sinn ag déanamh dlí den uaillmhian aeráide, agus ag tabhairt faoi thuras chuig astaíochtaí glan-nialasacha. Léiríodh san aimsir as cuimse atá ann ar fud an domhain le mí anuas go gcaithfimid gníomhú gan mhoill, lenár gcosaint féin agus chin an plainéad a chosaint. Tá an sprioc phráinneach atá againn laghdú 50% a dhéanamh ar astaíochta faoi 2030 dúshlánach, ach is deis í freisin athrú ó bhonn a dhéanamh ar ár ngeilleagar, poist nua a chruthú, ár dtimpeallacht a chosaint agus todhchaí a fhorbairt atá níos glaine agus níos cothroime. Ní mór dúinn oibriú le chéile leis sin a bhaint amach, le fuinneamh in-athnuaite, taisteal gníomhach agus inmharthana, i saol an ghnó, sa talmhaíocht agus ar fud an rialtais. Ach is é an teachtaireacht atáimid a chur amach inniu gur chóir gníomhú anois díreach."

Sa chéad chéim eile den phróiseas ullmhófar rialacháin ar chuntasaíocht charbóin, i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus ag cloí le Comhaontú Pháras agus rialacha AE.

Ina dhiaidh sin déanfaidh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide buiséid charbóin. Cuirfear na Buiséid Charbóin faoi bhráid an Oireachtais agus faomhfaidh an rialtas iad. Ansin leagfaidh an rialtas síos teorainneacha do na hastaíochtaí earnála lena chinntiú cén dóigh a gcabhróidh gach earnáil den gheilleagar leis na buiséid a bhaint amach.

Foilseofar an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide ag tús an fhómhair. Leagfar síos ann na bearta atá le déanamh leis na spriocanna s’againn a bhaint amach i ngach earnáil den gheilleagar.

Chomh maith leis sin ceapfaidh an Rialtas trí bhall eile den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide dá bhforáiltear san Acht.

Príomh-Bhuaicphointí san Acht

  • Leabaíonn an tAcht leagan amach spriocanna uaillmhianacha ceangailteacha sa dlí chun astaíochtaí a laghdú
  • Déantar foráil leis an Acht le haghaidh cuspóir náisiúnta aeráide, lena ngealltar go lorgófar agus go mbainfear amach faoi 2050, an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráid-láidir, le saibhreas bithéagsúlachta, inmharthanach maidir leis an timpeallacht agus aeráid-neodrach
  • Déantar foráil leis an Acht gur chóir gurbh ionann an chéad dá bhuiséad carbóin cúig bliana a mholann an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus laghdú 51% san iomlán thar an tréimhse chuig 2030, le taobh bonnlíne de chuid 2018
  • Neartaíodh an ról atá ag an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, rud a fhágann gur féidir léi buiséid charbóin a mholadh don Aire atá ag teacht lenár n-uaillmhian agus lenár ndualgais idirnáisiúnta
  • Ní mór don rialtas glacadh le buiséid charbóin atá ag teacht le comhaontú Pháras agus le dualgais eile idirnáisiúnta. Clúdófar sna buiséid charbóin gach cineál astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-áirítear meatán bithghineach, agus cuirfear baint carbóin san áireamh nuair a bheifear ag leagan síos buiséad. *Mar sin féin is faoin rialtas atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na conairí le haghaidh earnálacha éagsúla
  • Tar éis comhairliúcháin cinnfidh an Rialtas ar an mbealach leis an mbuiséad carbóin a fheidhmiú ar fud na n-earnálacha cuí, agus ar an méid a thabharfaidh gach earnáil thar thréimhse cúig bliana
  • Tabharfar sonraí na mbeart do gach earnáil sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chaithfear a uasdátú gach bliain
  • Beidh freagracht ar Airí Rialtais as na spriocanna atá ina gceangail dlí dá réimse earnála féin agus tabharfaidh gach Aire cuntas do Choiste Oireachtais gach bliain ar a fheidhmiú i dtreo spriocanna agus bearta earnála
  • Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla Pleananna Gníomhaithe ar son na hÁeráide a ullmhú ina mbeidh bearta maolaithe agus bearta oiriúnaithe a ndéanfar uasdátú orthu gach cúig bliana. Caithfidh Pleananna Forbartha Údaráis Áitiúil a bheith ag teacht lena bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide
  • Beidh ar Chomhlachtaí Poiblí Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur san áireamh agus iad ag comhlíonadh a ndualgas

CRÍOCH