An t-eolas is deireanaí ar an bhfreagairt náisiúnta do Stoirm Éowyn
- Foilsithe: 13 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Iarrachtaí chun cumhacht a thabhairt ar ais beagnach críochnaithe; táthar ag obair go tapa chun nascacht agus leathanbhanda a thabhairt ar ais do na limistéir atá buailte go fóill
Mar chuid den aistriú chuig an gcéim téarnaimh den fhreagairt náisiúnta do Stoirm Éowyn, tionóladh cruinniú de chuid an Ghrúpa Thras-Rannaigh Téarnaimh inniu. Agus é faoi chathaoirleacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tá an Grúpa ag comhordú na ngníomhartha deiridh atá ar bun chun cumhacht, teileachumarsáid agus leathanbhanda a thabhairt ar ais dóibh sin atá thíos le bristeacha. Tá an t-aistriú sin ag teacht le struchtúir bhunaithe idir-rannacha agus idirghníomhaireachta le haghaidh Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála.
Cumhacht
Tá Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) ag coinne leis go mbeidh na bristeacha stoirme uile réitithe faoi dheireadh an lae, agus leanfaidh sé leis an líonra a athbhreithniú chun teacht ar aon fhadhbanna. Má tá tú in ann déanamh amhlaidh, téigh chuig suíomh gréasáin PowerCheck chun tuilleadh mionsonraí a fháil.
Teachtaireacht Thábhachtach Sábháilteachta Poiblí: Cuireann Líonraí BSL i gcuimhne don phobal a bheith airdeallach ar aon sreanga neamh-shainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ar ísealchrochadh. Más rud é go dtiocfaidh tú ar aon sreanga den sórt sin, fan glan orthu agus tuairiscigh iad do Líonraí BSL láithreach.
Teileachumarsáid
Bhí éifeacht mheasta Stoirm Éowyn ar an mbunachar sonraí náisiúnta úsáideoirí teileachumarsáide ar an gceann is mó riamh i stair taifeadta ComReg. Amhail 10am, Dé Máirt (an 11 Feabhra):
- Bhí 0.32% d’úsáideoirí seirbhíse seasta gan seirbhís;
- Bhí 0.13% d'úsáideoirí seirbhíse móibílí thíos le leibhéal éigin díghrádúcháin seirbhíse.
A bhuí le hobair deisiúcháin agus athchóirithe, cuireadh gnáthsheirbhísí ar bun an athuair d’fhormhór na gcustaiméirí, agus bíonn roinnt líonraí oibritheoirí seirbhíse seasta ag obair de réir gnáthleibhéil seirbhíse arís.
Leanann oibritheoirí le hacmhainní a dhíriú ar na limistéir is mó atá buailte ar mhaithe le seirbhísí a thabhairt ar ais do na custaiméirí lena mbaineann. Tá an Grúpa Tras-Rannach Téarnaimh ag díriú ar chúnamh a thabhairt d’oibritheoirí na seirbhísí sin a thabhairt ar ais mar a bhí a luaithe is féidir.
Freagairt éigeandála áitiúil
Tá 11 mhol freagartha éigeandála san iomlán ar oscailt go fóill i nGaillimh agus i Maigh Eo. Leanann na moil sin le freastal ar na riachtanais atá ag custaiméirí atá thíos le bristeacha leathanbhanda.
Tá an fhaisnéis is déanaí faoi na moil freagartha éigeandála ar fáil ag www.gov.ie/stormresponse agus tá léarscáil idirghníomhach de na moil ar fáil. Leanann na moil sin le freastal ar na riachtanais atá ag custaiméirí atá thíos le bristeacha leathanbhanda.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Scéim um Chúnamh Daonnúil
Tá an íocaíocht airgeadais éigeandála faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil d’úinéirí tí díreach tar éis eachtra adhaimsire. Tá an scéim ar oscailt d’úinéirí tí atá suite i limistéir atá buailte agus nach bhfuil aon soláthar cumhachta nó aon soláthar uisce acu. Áirítear léi tacaíocht chun íoc as cóiríocht mhalartach, más gá.
I gCéim 1, soláthraítear íocaíochtaí tacaíochta éigeandála le haghaidh bia, éadaí agus earraí pearsanta díreach tar éis na heachtra. Níl na híocaíochtaí sin faoi réir tástáil ioncaim, agus tá siad le húsáid, tríd is tríd, chun bia riachtanach agus éadaí riachtanacha a cheannach bunaithe ar na riachtanais láithreacha atá ag daoine aonair atá buailte.
Tá tacaíocht nach bhfuil faoi réir tástáil ioncaim ar fáil faoi Chéim 1 den Scéim um Chúnamh Daonnúil chun freastal ar chostais chóiríochta malartaí.
Is ar fáil faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil freisin atá tacaíocht atá faoi réir tástáil ioncaim le haghaidh earraí a athsholáthar, mar aon le tacaíocht fhadtéarmach níos fairsinge.
Tá an tSeirbhís Leasa Pobail ag obair go dlúth leis na húdaráis áitiúla, agus tá Oifigigh Leasa Pobail ag tabhairt cuairt ar dhaoine ina dteach, nuair is gá, chun tacaíocht a thabhairt dóibh.
Más gá d’aon úinéir tí atá buailte leis an adhaimsir na tacaíochtaí sin a rochtain, tá mionsonraí teagmhála na Seirbhíse Leasa Pobail éigeandála ar fáil ar Item was unpublished or removed
Tá tuilleadh faisnéise faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil ar Item was unpublished or removed
Slándáil agus camscéimeanna
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála eolach ar theachtaireachtaí téacs camscéime a bhíonn á seoladh thart. Maítear gur ó Líonraí BSL a thagann na teachtaireachtaí téacs sin. Ba cheart d’úsáideoirí a bheith cúramach agus iad ag fáil teachtaireachtaí ó uimhreacha anaithnide.
Ní chuirfidh ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ná do bhanc féin glao teileafóin ná físghlao ort gan choinne in am ar bith chun do mhionsonraí bainc a iarraidh. Ní sheolfaidh siad teachtaireacht téacs ná ríomhphost chugat chun déanamh amhlaidh ach oiread. Níor cheart d’úsáideoirí aon fhreagra a thabhairt go díreach ar iarrataí den sórt sin ná aon fhaisnéis phearsanta a chomhroinnt leo, agus ba cheart dóibh an uimhir amhrasach a bhacadh agus í a thuairisciú, más gá. Má chreideann tú gur íospartach cibearchoireachta thú, déan teagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, agus tóg seatanna scáileáin de theachtaireachtaí téacs, de ríomhphoist nó de chumarsáidí eile.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin BSL.