Brúnn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mórphacáiste tacaí chun cinn chun tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí – lena n-áirítear creidmheas leictreachais €600 chun cabhrú leo lom láithreach billí fuinnimh a íoc sa gheimhreadh
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leis an leithdháileadh €1 billiún ar an Roinn i mBuiséad 2023, arb é an leithdháileadh is mó riamh é, luathófar an t-aistriú i dtreo Éire a bheidh athléimneach ó thaobh an fhuinnimh de, a bheidh inbhuanaithe agus a bheidh nasctha ón taobh digiteach de.
Tá an méadú mór i bpraghsanna fuinnimh á bhrú chun cinn ag an gcogadh san Úcráin agus tá sé ag déanamh difear suntasach do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na tíre. Bhí obair na Roinne seo ina cuid dhílis de mhórphacáiste uile-Rialtais a dhearadh chun aghaidh a thabhairt ar bhillí ardaitheacha fuinnimh mar chuid de Bhuiséad 2023.
Cuirfear creidmheas breisithe leictreachais dar luach €600 le billí leictreachais. Soláthrófar €200 roimh Nollaig agus soláthrófar an t-iarmhéid (ina dhá thráinse) i dtús na bliana seo chugainn. Rachaidh sé sin chun tairbhe do gach teaghlach in Éirinn, agus luach iomlán €1.3 billiún ag baint leis. Forlíonfar an creidmheas sin le sraith de bhearta spriocdhírithe tras-Rialtais a bhfuil mar aidhm leo cosaint a thabhairt do na daoine sin atá sa bhaol is mó go bhfulaingeoidh siad tearcrochtain fuinnimh. Tá na bearta sin bunaithe ar obair ar thug an Roinn fúithi. Mar shampla, is é an toradh a bheidh ar leasuithe ar na critéir incháilitheachta ná go bhfaighidh níos mó teaghlach an Liúntas Breosla, mar aon le híocaíochtaí suntasacha cnapshuime.
Is maith is eol don Roinn cé chomh tábhachtach is atá sé go gcosnófaí poist, chun go gcosnófaí teaghlaigh, le linn na géarchéime fuinnimh seo. Ba thoisc thábhachtach í sin taobh thiar den Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí a dhearadh, rud lena soláthrófar suas le €10,000 in aghaidh an ghnólachta in aghaidh na míosa go dtí earrach na bliana 2023 chun cabhrú le gnólachtaí costais mhéadaitheacha fuinnimh a íoc. Tabharfar tacaíocht do chuideachtaí incháilithe leis an scéim, agus 40% den mhéadú ina mbillí fuinnimh á chlúdach aici.
Cistiú le haghaidh iarfheistiú, deontais le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha, an Plean Náisiúnta Leathanbhanda agus an Geilleagar Ciorclach
Leithdháiltear breis agus €1 billiún ar an Roinn i mBuiséad 2023 chun Éire a chruthú a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de, a bheidh inbhuanaithe agus a bheidh nasctha ón taobh digiteach de. Ar aon dul le Clár an Rialtais, tugtar tús áite do chistiú le haghaidh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, le haghaidh an bhunathraithe fuinnimh, le haghaidh ár gcomhshaol a chosaint agus le haghaidh an aistrithe chuig Geilleagar Ciorclach. Tá an leithdháileadh faoi Bhuiséad 2023 bunaithe freisin ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2022 agus ar na hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála.
Bainfear úsáid as cistiú suntasach is fiú pas beag níos mó ná leathbhilliún Euro le haghaidh an bhunathraithe fuinnimh, lena n-áirítear na cláir náisiúnta um iarfheistiú agus um uasghrádú fuinnimh tí. Is cláir iad sin lena soláthraítear tacaí amhail deontais 80% le haghaidh insliú ballaí cuasacha agus áiléir agus uasghráduithe saor in aisce do theaghlaigh atá ag fulaingt tearcrochtain fuinnimh. Cisteofar €291 mhilliún den leithdháileadh sin ó ioncam ó chánacha carbóin. Bainfear úsáid as ioncam ó chánacha carbóin freisin chun scéim bhreisithe Liúntas Breosla a chistiú. An bhliain seo chugainn, ba mhó ná am ar bith riamh a bheidh na leithdháiltí cistiúcháin a sholáthrófar le haghaidh iarfheistiú agus le haghaidh grianphainéil a shuiteáil do thithe, do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí pobail agus do gach scoil sa tír, ag cabhrú le hiad a chosaint ar mhéaduithe costais fuinnimh sa todhchaí, agus ár n-astaíochtaí á laghdú ag an am céanna.
Ag labhairt dó faoi Bhuiséad 2023, dúirt Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Is eol dom go bhfuil teaghlaigh agus gnólachtaí ag streachailt leis an gcostas méadaitheach maireachtála mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Thar aon rud eile, is é atá i gceist leis an mbuiséad seo ná daoine agus gnólachtaí a chosaint. Is buiséad forásach é freisin, toisc go gcinntítear leis go dtabharfar na tacaí is mó do na teaghlaigh sin atá níos neamhábalta déileáil leis na méaduithe fuinnimh seo, ar méaduithe iad nach bhfacthas a leithéid riamh. Bhíothas in ann déanamh amhlaidh mar thoradh ar anailís agus pleanáil a rinneadh go cúramach agus a fhágann go bhfuilimid in ann faoiseamh a thabhairt do dhaoine – agus é sin a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de.
"Ar an drochuair, nílimid in ann daoine a chosaint go hiomlán ar thionchar costais chogadh na Rúise. Dá ainneoin sin, creidim gurb iad an pacáiste comhcheangailte, lena n-áirítear creidmheasanna fuinnimh, bearta spriocdhírithe leasa shóisialaigh, tacaí do ghnólachtaí agus clár iarfheistithe géaraithe do 37,000 teach sa bhliain 2023, na bearta cearta cothromasacha is féidir linn a dhéanamh ag an am seo. Anuas air sin, beidh mé ag obair i gcomhar le mo chomhghleacaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le hathailíniú margaidh agus le dul chun cinn a dhéanamh ar shásraí a bhfuil mar aidhm leo brabús fuinnimh barrachais a athinfheistiú chun cabhrú le tomhaltóirí atá faoi bhrú.
"Cé gurb é atá i gceist leis an mbuiséad seo ná cabhrú le daoine lom láithreach, soláthraítear leis freisin an cistiú chun ár gcomhshaol a chosaint agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar an sprioc fhadtéarmach atá againn Éire a chruthú a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, a bheidh inbhuanaithe agus a bheidh nasctha ón taobh digiteach de. Is é an fíor-réiteach marthanach ar an ngéarchéim breoslaí iontaise seo atá ag cruthú go leor cruatain do dhaoine ná ár n-aistriú chuig córais fuinnimh in-athnuaite a uas-scálú agus a luathú. Léirítear sa bhuiséad seo go bhfuil an Rialtas seo lántiomanta fós don uaillmhian sin a bhaint amach."
Dúirt Hildegarde Naughton TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an mBeartas Poist agus Éirchóid:
"Ar áireamh i mBuiséad 2023 tá €10 milliún chun líonra postoifigí na hÉireann a neartú. Mar Aire, is maith is eol dom cé chomh tábhachtach is atá sé go dtugtar tacaíocht dár líonra postoifigí, atá comhdhéanta de 900 postoifig agus a chomhlíonann ról ríthábhachtach i saol an phobail.
"De bharr an chistiúcháin sin, tabharfar cinnteacht agus cobhsaíocht do mháistrí poist, agus iad á gcumasú ag an am céanna a seirbhísí a phleanáil agus a fhorbairt. Tá sé sin mar chuid de phacáiste cistiúcháin trí bliana is fiú €30 milliún agus lena n-aithnítear an ról lárnach a imríonn máistrí poist inár bpobail, agus cinntítear leis go mbeidh teaghlaigh agus gnólachtaí in ann seirbhísí poiblí a rochtain fós i gcóngar dá n-áit oibre agus dá n-áit chónaithe."
Dúirt Ossian Smith TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:
"Mar thoradh ar an gcistiú breise do nascacht agus do chumarsáid, beimid in ann leanúint de leathanbhanda ardluais a leathnú chuig gach teach sa tír agus ár gcosaintí ar theagmhais thromchúiseacha náisiúnta chibearshlándála a neartú. Sa bhliain 2023, soláthróimid cistiú tiomnaithe freisin le haghaidh raon tionscnamh, mar chuid dár móraistriú chuig Geilleagar Ciorclach."
Príomh-Leithdháiltí Bhuiséad 2023
- Leithdháileadh €1.038 billiún – ar méadú 19%** i gcomórtas leis an mbliain 2022 é – ar an Roinn i mBuiséad 2023
- Leithdháileadh €513 mhilliún – ar méadú 34%* é agus arb é an leithdháileadh is mó riamh é – le haghaidh an bhunathraithe fuinnimh. Tá suim €337 milliún den leithdháileadh sin á soláthar le haghaidh scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, dá bhfuil €291 mhilliún comhdhéanta d’ioncam ó chánacha carbóin. Tá suim €74.8 milliún á cur i leataobh le haghaidh scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh agus scéimeanna fuinnimh in-athnuaite i ngnólachtaí agus san earnáil phoiblí, lena n-áirítear scéim nua d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
- Tacóidh leithdháileadh €143 mhilliún – ar méadú 6%* é – le tionscnaimh chun freagairt na hÉireann don ghéarchéim aeráide a stiúradh, lena n-áirítear cistiú le haghaidh taighde ríthábhachtach agus le haghaidh an Aistrithe Chóir
- Tacóidh leithdháileadh €110 milliún – ar méadú 11%* é – leis an aistriú chuig Geilleagar Ciorclach agus cosnóidh sé ár gcomhshaol agus ár mbithéagsúlacht
- Tacóidh leithdháileadh €273 mhilliún – ar méadú 21%* é – le nascacht agus cumarsáid, lena n-áirítear suim is fiú geall le €218 milliún chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus suim bhreise is fiú €5 mhilliún chun acmhainn a thógáil tuilleadh san Ionad Náisiúnta Cibearshlándála
An Bunathrú Fuinnimh, lena n-áirítear Iarfheistiú: €513 mhilliún (méadú 34%*)
- Tacóidh leithdháileadh €337 milliún le haghaidh scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, leis an bPlean Náisiúnta Iarfheistithe a sholáthar. Den leithdháileadh sin, tá suim €291 mhilliún á himfhálú ó ioncam ó chánacha carbóin
- Is é an leithdháileadh seo an ceann is airde riamh. Fágann sé sin go mbeidh na leithdháiltí is mó riamh, faoi Bhuiséad 2023, ag an Scéim um Thithe Níos Teo, lena soláthraítear uasghráduithe fuinnimh saor in aisce d’úinéirí tí a fhaigheann íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh; ag an Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile Náisiúnta; ag Tithe Fuinnimh Níos Fearr; ag an Scéim Deontais Fuinnimh Pobail; agus ag an Scéim Grianphainéal Fótavoltach
- Is é an toradh a bheidh air sin go soláthrófar breis agus 37,000 uasghrádú fuinnimh tí, lena n-áirítear 6,000 uasghrádú saor in aisce faoi scéim tearcrochtana fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, agus go méadófar an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh atá ag breis agus 13,800 teach go rátáil B2.
- Is ar fáil fós do gach teaghlach chun a n-úsáid fuinnimh a laghdú go práinneach a bheidh ráta deontais breisithe speisialta, a bheidh coibhéiseach le 80% den ghnáthchostas, le haghaidh insliú áiléir agus ballaí cuasacha
- Úsáidfear leithdháileadh €74.8 milliún chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus chun úsáid an fhuinnimh in-athnuaite i ngnólachtaí agus san earnáil phoiblí a mhéadú, lena n-áirítear Scéim nua Iarfheistithe Gnó lena soláthrófar conair iarfheistithe shaincheaptha d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
Gníomhú ar son na hAeráide agus Ceannaireacht Comhshaoil: €143 mhilliún (méadú 6%*)
- Leis an gcistiú sin, cinnteofar go mbeimid in ann ár ngealltanais maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh. Beidh taighde aeráide agus forbairt teicneolaíochtaí nua ina gcuid lárnach dár spriocanna a bhaint amach, mar atá laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050
- Beidh forbairt na hacmhainne ar fud na Roinne agus a gníomhaireachtaí mar bhonn agus thaca freisin ag cur chun feidhme na nUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála a fógraíodh le déanaí
- Leithdháileadh €29 milliún ar thionscadail atá ceadaithe le haghaidh cistí náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a fháil ar fud mhór-réigiún an láir tíre, lena n-áirítear Gaillimh thoir, Cill Dara, Laois, an Longfort, Tiobraid Árann thuaidh, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Iarmhí
- Tacóidh an cistiú le cur chun feidhme leanúnach 56 cinn de thionscadail áitiúla agus de thionscadail phobail faoin gciste náisiúnta um Aistriú Cóir
- Leithdháileadh €17 milliún le haghaidh taighde chun cur ar chumas na hÉireann an comhshaol a chosaint, a spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach agus a gealltanais um ghníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh
- Leithdháileadh €25 mhilliún mar chuid den uaillmhian atá againn an cistiú a thugann Éire do thíortha i mbéal forbartha a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2025 chun cabhrú leo dul i ngleic leis an athrú aeráide
Ár gComhshaol a Chosaint agus an Geilleagar Ciorclach a fhás: €110 milliún (méadú 11%*)
- Leithdháileadh €54.4 milliún ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil – ar méadú €2.8 milliún é i gcomórtas leis an mbliain seo caite
- Leithdháileadh €2.6 milliún le haghaidh an tAcht um Gheilleagar Ciorclach agus Plean Gníomhaíochta Dramhaíola an Rialtais a chur chun feidhme, lena n-áirítear Scéim Fillte Éarlaisí le haghaidh cannaí alúmanaim agus buidéil phlaisteacha a thabhairt isteach
- Leithdháileadh €2 mhilliún le haghaidh caomhnú agus cosaint a thabhairt, lena n-áirítear dár n-iascaigh intíre agus dár mbithéagsúlacht uisceach, a bhfuil roinnt díobh faoi bhagairt
- Leithdháileadh €10 milliún chun ár gcomhshaol a chosaint trí thionscnaimh bhainistíochta dramhaíola agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ó Údaráis Áitiúla
- Leithdháileadh €15 mhilliún ar thionscadail, gníomhaíochtaí agus taighde i réimse na geo-eolaíochta agus ar raon leathan oibre, lena n-áirítear soláthar feabhsaithe screamhuisce/uisce óil, amhábhair chriticiúla, dul i ngleic le leochaileacht cósta, agus forbairt fuinnimh gheoiteirmigh
- Leithdháileadh €26 mhilliún chun láithreáin a bhíodh ina láithreáin líonta talún a leasú, mar shampla an láithreán neamhdhleathach i mBaile Chairdif, Cill Dara
Nascacht agus Cumarsáid den chéad scoth a sholáthar: €273 mhilliún (méadú 21%*)
- Úsáidfear leithdháileadh €218 milliún chun dul chun cinn a dhéanamh ar an líonra leathanbhanda ardluais a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn – faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Rachaidh leathanbhanda snáithín thar 80,000-85,000 áitreabh sa bhreis sa bhliain 2023, agus cuirfear ar fáil é dóibh, agus soláthrófar nascacht ardluais do 700 bunscoil, beagnach, faoi lár na bliana seo chugainn
- Infheisteofar €7.5 milliún sa bhreis san Ionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2023. Leis sin, méadófar an líon foirne go 62 bhall foirne faoi dheireadh na bliana 2023 (suas ó 25 bhall foirne sa bhliain 2021)
- Soláthrófar cistiú le haghaidh córas náisiúnta um fholáirimh téacs faoi éigeandálaí a chruthú. Is é an toradh a bheidh ar an gcóras rabhaidh poiblí sin go mbeidh oibritheoirí príobháideacha fón móibíleach in ann daoine a théacsáil, thar ceann an Rialtais, chun iad a chur ar a n-airdeall faoi theagmhais láithreacha éigeandála, amhail teagmhais adhaimsire.
Líonra postoifigí na hÉireann a neartú
Áirítear le Buiséad 2023 leithdháileadh €10 milliún chun tacú le líonra náisiúnta inbhuanaithe postoifigí. Tá sé sin mar chuid de phacáiste cistiúcháin trí bliana is fiú €30 milliún. Tríd an mbeart sin, aithníonn an Rialtas cé chomh tábhachtach is a bhíonn líonra ardluacha ardchaighdeáin postoifigí do shaoránaigh ar fud na hÉireann, mar aon leis an ról lárnach dílis a bhíonn ag máistrí poist inár bpobail. Is forbairt shuntasach í seo trína bhfuil an Rialtas ag tabhairt tacaíocht airgeadais dhíreach do mháistrí poist a oibríonn an-chuid dár líonra postoifigí
- Tagairt do mhéadú i leithdháileadh bunaidh 2022
** Tagairt do mhéadú i leithdháileadh leasaithe Bhuiséad 2022 (de réir leasú mhí na Nollag 2022)
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Feachtas 'Úsáid Níos Lú'
Leis an bhfeachtas náisiúnta faisnéise poiblí ##Úsáid Níos Lú déantar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus a spreagadh, agus béim á leagan ar an raon tacaí Rialtais atá ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí chun cabhrú leo a gcostais mhéadaitheacha fuinnimh a sheasamh.
Seolfar an feachtas ina chéimeanna, agus iad in oiriúint do shéasúir dhifriúla, do ghníomhaíochtaí difriúla agus d’éilimh dhifriúla ar fhuinneamh. Leagfar béim ann ar conas atá an cogadh agus coimhlintí ag dul i bhfeidhm ar chostais fuinnimh ar fud na hEorpa agus ar conas is gá dúinn anois, thar am ar bith riamh, bheith aireach ar an dóigh a n-úsáidimid fuinneamh inár ngnáthshaol laethúil. Leis an bhfeachtas, spreagtar daoine chun a gcostas fuinnimh a laghdú trína n-úsáid fuinnimh a laghdú agus spreagtar iompraíocht a bheidh inbhuanaithe san fhadtéarma.
Faightear comhairle éifeachtúlachta fuinnimh laistigh den fheachtas ó shaineolaithe in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Tá sí praiticiúil agus bunaithe ar fhianaise, agus mionsonraí á dtabhairt faoi na gníomhartha ar féidir leo an t-airgead is mó agus an fuinneamh is mó a shábháil.