Cén chuma atá ar do chontae? Bealach eile chun amharc ar Laois
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Eisíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann sraith nua de léarscáileanna contae Tellus
D’fhoilsigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann trí léarscáil áille gheoifisiceacha de Chontae Laoise inniu, ar a dtaispeántar an contae ar bhealach nua ar fad.
Ón mbliain 2011 amach, tá clár Tellus de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, ag bailiú sonraí geoifisiceacha trí ghléasanna ar bhord aerárthaí íseal-eitilte. Léirítear sna sonraí airíonna maighnéadacha, leictreamaighnéadacha agus radaiméadracha na talún, agus tá siad tiomsaithe anois ina sraith léarscáileanna contae ar a mínítear an fhaisnéis atá léirithe agus ar a dtugtar príomhfhíorais ar na fionnachtana.
Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Is ar bhealach eile a fhéachann geolaithe agus geoifisiceoirí ar rudaí, ó thaobh ama agus spáis de araon. Úsáideann siad dathanna chun airíonna difriúla carraige nó na milliúin blianta a chur in iúl.
"Tá seans ann go gcuimhneoidh daoine ar aerárthaí a bheith ag eitilt go híseal os cionn a dtí agus go mbeidh siad ag iarraidh a fháil amach ar aimsíodh aon rud neamhghnách ina gcontae. Leis na léarscáileanna seo, tugtar deis dúinn na torthaí a chur i láthair ar bhealach atá inrochtana do chách agus tugtar deis do dhaoine amharc ar Chontae Laoise ar bhealach eile."
Léirítear sa léarscáil radaiméadrach ithreacha díorthaithe gaineamhchloiche Chontae Laoise ó Shliabh Bladhma, a bhfuil cuma dhearg orthu. Is léiriú ar mhóin iad na limistéir dhubha ar an léarscáil chéanna. Sa léarscáil leictreamaighnéadach, comhfhreagraíonn an limistéar gorm lastuaidh den Spinc do shioltachlocha agus láibchlocha ardchlár Chaisleán an Chomair.
Tá geoifisic aerbheirthe ina modh cost-éifeachtúil chun airíonna fisiceacha na hithreach, na carraige agus an uisce faoi bhun na talún a bhrath. Is féidir na sonraí a úsáid chun críocha éagsúla, mar shampla léarscáiliú geolaíoch, taiscéalaíocht mianraí, léarscáiliú riosca radóin, agus taiscéalaíocht fuinnimh gheoiteirmigh tríd an bhfodhromchla a thuiscint. Ba i dTuaisceart Éireann a tosaíodh clár Tellus, agus tá sé beartaithe go gcuirfear na suirbhéanna ar oileán na hÉireann i gcrích faoi dheireadh na bliana 2026.
Tá léarscáileanna Tellus ar Chontae Laoise ar fáil ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tellus
Is ionann suirbhé Tellus agus clár náisiúnta atá deartha chun sonraí geoiceimiceacha agus geoifisiceacha a bhailiú ar fud na hÉireann. I bhfocail eile, is é atá i gceist leis airíonna ceimiceacha agus fisiceacha ár n-ithreach, ár gcarraigeacha agus ár n-uisce a scrúdú. Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a sheolann Tellus, agus is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chistíonn é.
Tá dhá chineál suirbhéireachta i gceist le Tellus: suirbhéireacht gheoifisiceach aerbheirthe, ina mbaintear úsáid as aerárthaí íseal-eitilte; agus suirbhéireacht gheoiceimiceach thalamhbhunaithe ar ithir, ar uisce srutháin agus ar dhríodar srutháin. Maidir leis an eitleán de chuid Tellus atá ag seoladh na suirbhéanna, eitlíonn sé 60 méadar os cionn na talún agus tá sé ag eitilt i gCorcaigh agus i gCiarraí faoi láthair. Tá na sonraí uile ó Tellus ar fáil ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.