English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an rialtas an leagan iarchomhairliúcháin den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 inniu, ag teacht sna sála ar chomhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a chur i gcrích.

Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an dara nuashonrú reachtúil ar an bplean ó síníodh an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ina dhlí, rud lena gcuirtear na spriocanna don bhliain 2030 agus don bhliain 2050 le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de cheangal ar Éirinn. Leis an bPlean, cuirtear leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, agus leagtar amach ann conas a chuirfidh Éire dlús leis na gníomhartha a theastaíonn chun freagairt don ghéarchéim aeráide, agus réitigh aeráide á gcur i gcroílár fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann.

Ag labhairt dó faoi sheoladh an Phlean Gníomhaithe nuashonraithe ar son na hAeráide 2024, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Seo í deacáid an ghníomhaithe ar son na haeráide; níl an rogha againn fanacht mar atáimid. Tugtar le fios le pointí claochlaithe amhail caillteanas na n-oighearchlúideanna, dúnadh na bhfeachtaí aigéin agus aeráid Éireannach a bhíonn níos teo agus níos fliche gur ann do dhianrioscaí réigiúnacha agus domhanda. Is é atá sa raon iomlán spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ná an bealach is ísle costas don tsochaí san fhadtéarma. An rud atá ag teastáil uainn anois, ar rud é a luadh arís is arís eile sa chomhairliúchán poiblí a seoladh mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, is ea comhlíonadh cinntitheach na ngníomhartha atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus uaillmhian athnuaite ar thaobh an rialtais agus na sochaí ina hiomláine.

"Tá Éire i riocht maith chun buntáiste iomaíoch a bheith aici i roinnt príomhréimsí agus chun leas a bhaint as ár gcor iomaíoch maidir le hacmhainní nádúrtha áirithe – eadhon fuinneamh gaoithe. Is ábhar misnigh agam freisin nár tháinig polaitíocht na féiniúlachta isteach sa díospóireacht aeráide go fóill agus go dtuigeann formhór mór na ndaoine in Éirinn cineál tromchúiseach an athraithe aeráide agus gur mian leo go ndéanfaí i mbun gnímh láithreach."

Agus réamh-mheastacháin nuashonraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa le teacht ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sna seachtainí beaga atá romhainn, léirítear sna figiúirí fardail is déanaí gur thit astaíochtaí na hÉireann faoi phas beag níos lú ná 2% idir an bhliain 2021 agus an bhliain 2022 – agus laghduithe ann san earnáil talmhaíochta, san earnáil tionsclaíochta, san earnáil fuinnimh agus san earnáil chónaithe – le linn tréimhse ina raibh an geilleagar agus an daonra ag méadú.

Luaitear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, áfach, nach féidir linn bheith réchúiseach, d’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo ina lán earnálacha. Beidh dúshlán suntasach le sárú againn fós má táimid chun aistriú chuig todhchaí níos glaine agus níos glaise lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht beatha daoine agus lena gcomhlíonfar ár n-oibleagáidí i leith astaíochtaí a laghdú.

Cuid ríthábhachtach de na spriocanna sin a bhaint amach a bheidh i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann, rud a chuirfear faoi chomhairliúchán poiblí ar ball, agus a bheidh sa Straitéis Aeráide Fhadtéarmach, rud lena gcuirtear leis na conairí dícharbónaithe a leagadh síos leis na Buiséid Charbóin, leis na hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála agus leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo.

Tá an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Príomhspriocanna ar fud sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Athruithe a Chumhachtú: Leictreachas

Laghdú 75% in astaíochtaí faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)

Éascóimid imscaradh mórscála foinsí fuinnimh in-athnuaite, rud a bheidh ríthábhachtach maidir leis an earnáil cumhachta a dhícharbónú agus maidir le leictriú teicneolaíochtaí eile a chumasú.

  • Beidh againn toilleadh fuinnimh gaoithe ar talamh ab ionann agus 6 GW – rud ba leor chun an tír ar fad a chumhachtú agus é i mbun lántáirgthe – agus toilleadh grianphainéal fótavoltach ab ionann agus 5 GW faoin mbliain 2025
  • Deireadh a chur leis an úsáid a bhaintear as gual agus móin i nginiúint leictreachais
  • Feabhas a chur ar sholúbthacht na heangaí chun suas le 85% de leictreachas ó ghiniúint fuinnimh in-athnuaite a chumasú ar an eangach ag an aon am amháin
  • Tomhaltas solúbtha leictreachais a spreagadh trí úsáid méadar cliste agus úsáid tharaifí Am na hÚsáide a chur chun cinn, ar rudaí iad lena maolaítear an t-ualach ar an eangach, lena laghdaítear astaíochtaí agus lena dtéitear chun tairbhe do chustaiméirí

Foirgnimh Níos Fearr a Thógáil: An Timpeallacht Thógtha

Laghdú 45% in astaíochtaí ó fhoirgnimh thráchtála/phoiblí; laghdú 40% in astaíochtaí ó fhoirgnimh chónaithe

Méadóimid éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana, cuirfimid beartais i bhfeidhm chun foirgnimh nuathógtha astaíochtaí nialasacha a sholáthar agus leanfaimid de dhlús a chur lenár gclár iarfheistithe.

  • Iarfheistiú 120,000 teaghais a chumasú faoin mbliain 2025
  • Gach teach nua a thógáil de réir caighdeán Foirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh faoin mbliain 2025
  • Tacú le cur i bhfeidhm 215,000 teaschaidéal inár dtithe faoin mbliain 2025
  • Suas le 0.8 TWh de théamh ceantair a fhorbairt, fearacht Líonra Téimh Ceantair Thamhlachta, ar líonra é a úsáideann téamh iomarcach ó ionad sonraí in aice láimhe chun 32,800 méadar cearnach d’fhoirgnimh a théamh

Soghluaisteacht Níos Glaise: Iompar

Laghdú 50% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Brúfaimid beartais chun cinn chun astaíochtaí iompair a laghdú trí fheabhas a chur ar ár bpleanáil bailte, cathracha agus tuaithe agus trí chur chuige ‘Seachain-Aistrigh-Feabhsaigh’ a ghlacadh: riachtanais taistil a laghdú nó a sheachaint, aistriú chuig an iompar poiblí, chuig an siúl agus chuig an rothaíocht agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh feithiclí.

  • Laghdú 50% in úsáid breosla don iompar faoin mbliain 2030
  • Méadú 130% sa líon turas laethúil d’iompar poiblí faoin mbliain 2030
  • Méadú 50% sa líon turas laethúil de thaisteal gníomhach faoin mbliain 2030
  • Laghdú 25% sa líon turas laethúil de charr faoin mbliain 2030
  • 175,000 feithicil leictreach paisinéirí ar ár mbóithre faoin mbliain 2025

Feirmeoireacht Inbhuanaithe: Talmhaíocht

Laghdú 25% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Tacóimid le feirmeoirí leanúint de bhia atá sábháilte, cothaitheach agus den chéad scoth a tháirgeadh, agus iad ag féachaint freisin lena n-ioncam a éagsúlú trí churaíocht, trí ghiniúint fuinnimh agus trí fhoraoiseacht.

  • Glacadh 80% le limistéar coiscthe ar fheirmeacha féaraigh, rud as a dtiocfaidh laghdú in astaíochtaí níotráit amóinia agus ocsaíde nítriúla agus as a dtiocfaidh laghdú féideartha 8% in astaíochtaí feirme ar fheirmeacha déiríochta
  • An úsáid a bhaintear as nítrigin cheimiceach ar ár bhfeirmeacha a laghdú
  • 1 TWh de bhithmheatán a tháirgeadh faoin mbliain 2025
  • Leis an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES), ar príomhscéim €1.5 billiún í, tugtar luach saothair d’fheirmeoirí as tabhairt faoi bhearta lena ngabhann raon leathan tairbhí comhshaoil

An Gnó a Dhícharbónú: Tionsclaíocht

Laghdú 35% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Táimid ag aistriú na slí a ndéanaimid ár gcuid earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, a thomhailt agus a dhearadh trí dheireadh a chur leis an nasc idir breoslaí iontaise agus dul chun cinn eacnamaíoch. Cuid dhílis de gheilleagar na hÉireann agus dá hiomaíochas sa todhchaí is ea an tionsclaíocht agus an fhiontraíocht a dhícharbónú.

  • Sciar 50-55% a bheith ag téamh atá neodrach ó thaobh carbóin de san éileamh iomlán ar bhreoslaí faoin mbliain 2025
  • Carbón corpraithe in ábhair thógála arna dtáirgeadh agus arna n-úsáid in Éirinn a laghdú faoi 10% faoin mbliain 2025
  • 1 TWh ar a laghad de ghás astaíochtaí nialasacha a bheith in úsáid do théamh tionsclaíoch faoin mbliain 2025
  • Tacú le húsáideoirí móra fuinnimh próisis thionsclaíocha atá níos tíosaí ar fhuinneamh a fhorbairt
  • Úsáid an adhmaid sa tógáil a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú agus chun carbón a chorprú

Réitigh Dhúlrabhunaithe: Bainistíocht Úsáide Talún

A bhuí leis an gcéad chéim den Athbhreithniú ar Úsáid Talún, is eol dúinn conas atáimid ag úsáid ár dtalún faoi láthair. Cabhróidh sé sin linn a shainaithint conas is féidir linn talamh a úsáid ar an tslí is éifeachtaí chun carbón a ghabháil agus a stóráil agus chun bia agus fuinneamh atá níos fearr agus níos glaise a tháirgeadh.

  • Athbhreithniú ar Úsáid Talún a chur i gcrích chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar astaíochtaí bonnlíne na hearnála seo
  • Ráta foraoisithe atá cothrom le 8,000 ciliheicteár in aghaidh na bliana go dtí an bhliain 2030, rud is ionann agus 8 milliún crann, agus 50% de na foraoisí nua ina bhforaoisí crann dúchasach nó ina bhforaoisí crann leathanduilleach
  • 63,000 heicteár de thailte portaigh saothraithe a athshlánú faoin mbliain 2030
  • 2,000 km d’fhálta sceach nua a chur faoin mbliain 2030

Gníomhartha Eile

  • €225 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad i Maoiniú don Aeráid a sholáthar faoin mbliain 2025 do thíortha atá i mbéal forbartha
  • An úsáid a bhaintear as míreanna plaisteacha aonúsáide a laghdú, agus a chinntiú go mbeidh an pacáistiú plaisteach ar fad in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoin mbliain 2030
  • Infheistiú in iarphobail talún portaigh sa lár tíre, agus gnólachtaí, tionscadail phobail agus oiliúint á gcistiú
  • Laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méadú 50% in éifeachtúlacht fuinnimh earnála poiblí a bhaint amach faoin mbliain 2030
  • Réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar a athléimní atá bonneagar uisce na hÉireann in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide