Ceadaíonn an Rialtas forbairt a dhéanamh ar chúltaca straitéiseach éigeandála gáis Stát-treoraithe
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leis an gcúltaca, tabharfar aghaidh ar riachtanais slándála fuinnimh na hÉireann, agus gaibhniú breoslaí iontaise á sheachaint ag an am céanna
Fuair an tAire Darragh O'Brien ceadú ón rialtas inniu chun dul ar aghaidh le forbairt a dhéanamh ar chúltaca straitéiseach éigeandála gáis Stát-treoraithe. Tá soláthar cúltaca shealadaigh gáis ríthábhachtach do shlándáil fuinnimh na hÉireann de réir mar a leanaimid le haistriú chuig fuinneamh in-athnuaite atá dúchasach agus glan. Rud ríthábhachtach, cinnteofar leis an gcúltaca straitéiseach éigeandála gáis freisin go gcomhlíonfar caighdeáin agus rialacháin an Aontais Eorpaigh.
Beidh an cúltaca éigeandála i bhfoirm Aonaid Shnámhaigh Stórála agus Athghásaithe, a bheidh faoi úinéireacht Líonraí Gáis Éireann, arb é oibritheoir an chórais é, thar ceann an Stáit. Is cur chuige é sin atá cosúil leis an gcur chuige a úsáideann an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta le haghaidh slándáil ola.
Agus é sin á shainaithint mar an cur chuige is fearr, tá an roinn tar éis cur leis an athbhreithniú fairsing ar shlándáil chórais gáis agus leictreachais na hÉireann, rud ar cheadaigh an rialtas é sa phlean dar teideal 'Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030' i mí na Samhna 2023. Leagtar amach sa phlean go bhfuil sé mar aidhm ag Éirinn ár gcóras fuinnimh a chlaochlú agus tacú lenár gcuspóirí aeráide. Tá 28 ngníomh ann sa phlean, agus iad faoi na colúin seo a leanas: inbhuanaitheacht; inacmhainneacht; agus slándáil. Faoi Ghníomh 17 den phlean sin, cuireadh de chúram ar Líonraí Gáis Éireann an cur chuige is fearr i leith an cúltaca straitéiseach éigeandála gáis a sholáthar a athbhreithniú agus a mholadh.
Tá forbairt cúltaca Stát-treoraithe i bhfoirm Aonaid Shnámhaigh Stórála agus Athghásaithe ag teacht le dlí aeráide na hÉireann. Is beart idirthréimhseach é – laghdófar leis an riosca a bhaineann le sócmhainní breosla iontaise sáinnithe, tá sé le haghaidh úsáid éigeandála amháin, agus ní fhreastalófar ar éileamh méadaithe ar ghás leis.
Dúirt an tAire Darragh O’Brien:
"Is é atá i gceadú an chuir chuige seo ná an toradh ar an méid fairsing taighde, anailíse agus caidrimh a rinneadh maidir le riachtanais slándála fuinnimh na hÉireann. Mar náisiún oileánda beag a bhíonn ag brath ar an idirnascadh, bíonn ár neamhchosaint ar chur isteach féideartha ar sholáthairtí gáis ina riosca suntasach dár slándáil fuinnimh agus do leanúnachas an tsoláthair do ghnólachtaí agus do theaghlaigh ar fud na hÉireann. Sholáthrófaí leis an gcúltaca éigeandála seo foinse mhalartach gáis ar scála cuí dá dtiocfadh cur isteach den sórt sin chun cinn in Éirinn.
"Is é an dearcadh atá againn fós ná gur fearr slándáil fhadtéarmach fuinnimh a bhaint amach trí fhás suntasach faoi fhuinneamh in-athnuaite atá dúchasach agus glan; trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh; trí leictriú an teasa agus an iompair; agus trí idirnascadh leictreach méadaithe lenár gcomharsana Eorpacha. Leis sin, laghdófar allmhairí fuinnimh iontaise san fhadtéarma. Idir an dá linn, is é an toradh a bheidh ar chúltaca straitéiseach stát-treoraithe a fhorbairt ná go gcinnteofar leanúnachas an tsoláthair gáis mar bheart idirthréimhseach bunriachtanach slándála fuinnimh."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Slándáil Fuinnimh na hÉireann
- Tá Éire ar cheann de chúig Bhallstát Aontais Eorpaigh nach bhfuil aon stóráil gáis intíre acu, rud a sainaithníodh a bheith ina riosca suntasach i gcás damáiste do cheann amháin, nó don dá cheann, dár n-idirnascairí gáis fomhuirí
- Cheadaigh an rialtas an tuarascáil dar teideal 'Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030' i mí na Samhna 2023. Tá 28 ngníomh ann sa phlean agus tá sé bunaithe ar thrí chuspóir beartais: inbhuanaitheacht; inacmhainneacht; agus slándáil
- Mar shampla, tugtar gealltanas sa phlean go soláthrófar eangach leictreachais a bheidh oiriúnach don fheidhm agus lena dtacófar le huaillmhianta fuinnimh na hÉireann agus go soláthrófar idirnascairí leictreachais go rathúil
- Ba é Gníomh 17 den Phlean ná cúltaca straitéiseach gáis stát-treoraithe a fhorbairt
- Tá cúltaca straitéiseach gáis a sholáthar ina bhunriachtanas le haghaidh shlándáil fuinnimh na hÉireann agus le haghaidh rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Caighdeán Bonneagair N-1 a chinntiú. Is é atá i gceist leis an gceanglas sin ná nach mór do Bhallstát, i gcás cur isteach ar an mbonneagar gáis aonair is mó sa stát, an toilleadh a bheith aige ina bhonneagar atá fágtha chun freastal ar an éileamh iomlán ar ghás le linn lá ar a bhfuil éileamh as cuimse ar ghás
- Beidh fuinneamh na hÉireann amach anseo slán trí aistriú ó chóras fuinnimh atá bunaithe ar ola, ar mhóin, ar ghual agus ar ghás chuig córas leictreachas-treoraithe lena n-uasmhéadaítear ár n-acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite féin agus ár solúbthacht féin agus tríd an gcóras sin a chomhtháthú isteach i gcórais fuinnimh na hEorpa
- Tá claochlú chóras fuinnimh na hÉireann ar bun. Tá foinsí fuinnimh in-athnuaite agus an t-idirnascadh ar na leibhéil is airde riamh agus tháinig laghdú ar astaíochtaí don dara bliain as a chéile. Mar atá feicthe againn ar laethanta an-fhuar agus an-chiúin, áfach, bíonn an córas leictreachais ag brath fós ar ghás nádúrtha le haghaidh leictreachais
Aonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe
- Is é is Aonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe ann ná soitheach mór a bhfuil de chumas aige Gás Nádúrtha Leachtaithe a stóráil, a iompar agus a athghású agus an gás nádúrtha sin a dháileadh ar an líonra náisiúnta gáis. Bheadh sé feistithe ar lamairne saintógtha.
- Caithfidh an láthair chuí a bheith ina láithreán cósta atá oiriúnach dá fhorbairt, a bhfuil rochtain aige ar an líonra gáis agus a bhfuil rochtain domhainfharraige fhoscúil aige. Tá líon teoranta láithreacha in Éirinn ar dóigh dóibh na coinníollacha láithreáin riachtanacha a chomhlíonadh maidir le hAonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe idirthréimhseach a fheistiú
- Beidh toilleadh 170,000 méadar ciúbach de Ghás Nádúrtha Leachtaithe ag an Aonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe nuair a bheidh sé lán, rud ba leor chun freastal ar an meán-éileamh ó 200,000 custaiméir gáis baile ar feadh sé mhí. Mar mhalairt air sin, bheadh de chumas ag an Aonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe freastal ar an éileamh iomlán ar ghás d’Éirinn ar feadh seacht lá agus d’athlíonfaí é chun leanúint le gás a sholáthar don líonra náisiúnta gáis
- Cinnteoidh Líonraí Gáis Éireann go mbeidh socruithe conarthacha cuí i bhfeidhm chun an tAonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe a athlíonadh ar fud staid éigeandála chun soláthairtí comhsheasmhacha gáis a sholáthar tríd an Aonad Snámhach Stórála agus Athghásaithe ar feadh na tréimhse is gá