English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas reachtaíocht a fhoilsiú chun aghaidh a thabhairt ar amhantair san earnáil fuinnimh

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu gur foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023.

Foráiltear leis an mBille do ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar ghnóthachain amhantair arna ndéanamh ag an earnáil táirgthe agus scagtha breoslaí iontaise sna blianta 2022 agus 2023 mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin.

Is sa raon idir €200 milliún agus €450 milliún atá na fáltais mheasta ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach. Féadfar na fáltais sin a úsáid chun tacaíochtaí airgeadais a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí atá thíos le praghsanna arda fuinnimh agus féadfar iad a úsáid freisin chun tacú le hinfheistíochtaí i réimsí amhail an fuinneamh inathnuaite. Cinnfidh an rialtas amach sa bhliain conas is fearr na fáltais sin a dháileadh mar chuid den phróiseas Buiséid.

Dúirt an tAire Ryan:

"Fáiltítear roimh an mBille seo toisc go mbaileofar leis fáltais shuntasacha is féidir a úsáid chun an tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar chustaiméirí leochaileacha fuinnimh a mhaolú."

Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire go bhfuil sé de rún aige an Bille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Caidhp ar an Ioncam Margaidh), 2023, a leagan os comhair an Rialtais i mí Iúil 2023. Rithfidh an Bille seo trí Thithe an Oireachtais ar atosú na Dála tar éis shos an tsamhraidh.

Leis an mBille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Rannpháirtíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023, tabharfar isteach caidhp ar ioncam margaidh teicneolaíochtaí sonracha san earnáil leictreachais. Déanfar na fáltais ón gcaidhp ar an ioncam margaidh a choinneáil agus a úsáid san earnáil leictreachais chun praghsanna a ísliú do thomhaltóirí.

Maidir leis na hamlínte do chuideachtaí a bhfuil ceangal orthu dearbhuithe foirmiúla agus íocaíochtaí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, coigeartófar iad de réir achtú an Bhille seo amach sa bhliain. Is iad seo na dátaí sealadacha coigeartaithe:

  • spriocdháta an 30 Samhain 2023 le haghaidh dearbhú foirmiúil a chur isteach, agus
  • spriocdháta an 31 Nollaig 2023 le haghaidh íocaíochta

Ríomhtar an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar bhonn an sciar de bhrabús inchánach cuideachta is mó ná 20% os cionn bonnlíne agus cuirtear i bhfeidhm í ag ráta 75%.

  • (60% lúide an bhonnlíne 20% = tá 40% incháilithe lena ranníoc ag ráta 75%; is é sin, 30%).

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tá méaduithe suntasacha tagtha ar phraghsanna gáis nádúrtha mórdhíola. Mar thoradh air sin, tá tomhaltóirí ag íoc praghsanna níos airde as gás agus as leictreachas. Chomh maith leis sin, ba as praghsanna arda gáis mórdhíola a tháinig gnóthachain amhantair do roinnt eintiteas san earnáil táirgthe breoslaí iontaise agus san earnáil mínchóireála breoslaí iontaise agus san earnáil leictreachais.

Is iad na torthaí a bheidh air sin ná ráta éifeachtach 0% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 20% ar a mhéad, ráta éifeachtach 50% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 60%*, agus ráta éifeachtach 60% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 100% (is é sin, i gcás gur tháinig méadú faoi dhó ar an mbrabús). Is é a bheidh sa bhonnlíne ná an meánbhrabús inchánach don chuideachta don tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain 2021.

Le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, a tháinig in éifeacht i mí Dheireadh Fómhair 2022, féachtar le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na ngnóthachan amhantair trí na fáltais ó na gnóthachain sin a bhailiú agus a athdháileadh trí na nithe seo a leanas:

  • ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a bheidh bunaithe ar an mbrabús inchánach do chuideachtaí breoslaí iontaise
  • caidhp ar ioncam margaidh teicneolaíochtaí sonracha san earnáil leictreachais

Meastar faoi láthair gur sa raon idir thart ar €280 milliún agus thart ar €600 milliún atá an leibhéal fáltas atá le cruinniú ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach agus ag an gcaidhp ar an ioncam margaidh, agus an leibhéal fáltas sa raon idir thart ar €200 milliún agus thart ar €450 milliún i gcás na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí agus sa raon idir €80 milliún agus €150 milliún i gcás na caidhpe ar an ioncam margaidh. Is ísle na figiúirí sin ná na meastacháin sa bhliain 2022 mar gheall ar an laghdú suntasach i bpraghsanna todhchaíochtaí. Tá na meastacháin athbhreithnithe rí-íogair fós i leith praghsanna gáis mórdhíola, a ndéanann an aimsir, leibhéil stórála gáis, forbairtí an chogaidh san Úcráin agus mar sin de difear dóibh.

D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Scéim Ghinearálta an Bhille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh), 2023, tar éis di dul i gcomhairle le ranna ábhartha, le gníomhaireachtaí ábhartha agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá sé mar aidhm léi a chinntiú go mbaileofar gnóthachain amhantair, agus an tionchar ar mhargaí fuinnimh, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar infheistíochtaí sa todhchaí á íoslaghdú ag an am céanna.

Chuaigh an Scéim Ghinearálta faoi Ghrinnscrúdú Réamhreachtach i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2023. An 18 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide Tuarascáil ar an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille.

An 22 Samhain 2022, d’fhógair an Rialtas bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh trí Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle a chur chun feidhme. Ba iad na bearta ná ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar tháirgeadh agus scagadh breoslaí iontaise agus caidhp ar an ioncam margaidh ar ghineadóirí áirithe leictreachais.

Maidir leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach:

  • beidh feidhm aici maidir le breoslaí iontaise a tháirgeadh agus a mhínchóireáil
  • beidh feidhm aici do na blianta 2022 agus 2023
  • beidh sí bunaithe ar 75% den bhrabús inchánach is mó ná 20% os cionn na bonnlíne brabúis inchánach don tréimhse 2018-2021
  • ní áireofar léi caillteanais ó bhlianta roimhe nuair a bheidh sí á ríomh
  • riarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim í

Is mar a leanas a bheidh rátaí éifeachtacha na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí, bunaithe ar an sciar den bhrabús breise:

  • dá dtiocfadh méadú 20% ar an mbrabús, bhaileofaí 0% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 0%
  • dá dtiocfadh méadú 40% ar an mbrabús, bhaileofaí 15% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 37.5%
  • dá dtiocfadh méadú 60% ar an mbrabús, bhaileofaí 30% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 50%
  • dá dtiocfadh méadú 80% ar an mbrabús, bhaileofaí 45% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 56.3%
  • dá dtiocfadh méadú 100% ar an mbrabús, bhaileofaí 60% agus, mar sin de, b’ionann an ráta éifeachtach agus 60%

Maidir leis an gcaidhp ar an ioncam margaidh:

  • tabharfar isteach í maidir le gineadóirí neamhgháis sa mhargadh leictreachais mórdhíola
  • beidh feidhm aici maidir leis an ioncam margaidh ar fad de chuid gineadóirí iomchuí
  • ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le saoráidí arb ionann a dtoilleadh agus 1 MW nó níos mó
  • áireofar léi caidhp ar leibhéal €120 in aghaidh an MWh i gcás fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine
  • ní bheidh feidhm aici maidir le tionscadail fuinnimh gaoithe nó fuinnimh gréine a dhéanann íocaíochtaí difríochta leis an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí as ioncam barrachais os cionn an phraghais ceangail ceant iomchuí faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite toisc go bhfuil caidhp ar an ioncam sin cheana féin
  • áireofar léi caidhp ar leibhéal €180 ar a laghad in aghaidh an MWh i gcás giniúint olabhreoslaithe agus ghualbhreoslaithe atá ard go leor chun na gnóthachain amhantair a bhailiú, agus á chinntiú ag an am céanna go leanfaidh an ghiniúint sin ar aghaidh ag oibriú agus ag cinntiú shlándáil an tsoláthair
  • áireofar léi caidhp ar leibhéal €180 in aghaidh an MWh i gcás gach teicneolaíochta eile, agus
  • riarfaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais í

Tomhaltas an Éilimh ar Leictreachas

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle freisin dhá oibleagáid ar na Ballstáit chun laghduithe a bhaint amach i dtomhaltas an éilimh ar leictreachas.

Tá an dá oibleagáid mar a leanas:

1. Féachaint leis an tomhaltas leictreachais foriomlán sa tréimhse ó mhí na Samhna 2022 go dtí mí an Mhárta 2023 a laghdú faoi 10% (i gcomparáid le meán na gcúig bliana roimhe sin thar an tréimhse chéanna) agus

2. An buaicthomhaltas leictreachais sa tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mhárta 2023 a laghdú faoi 5% i gcomparáid leis an tomhaltas réamh-mheasta.

D’fhoilsigh an Roinn seo tuarascáil ar an Laghdú ar an Éileamh ar Leictreachas is gá.

An cinneadh chun an bille a scoilteadh

Rinneadh an cinneadh chun an Bille Gnóthachan Amhantair atá beartaithe a roinnt ina dhá Bhille leithleacha chun a chinntiú go bhféadfaí bailiú na Ranníocaíochta Dlúthpháirtíochta Sealadaí ón earnáil táirgthe agus scagtha breoslaí iontaise a thosú níos luaithe agus roimh shos an tsamhraidh.

Fágann an roinnt go bhfuil an Bille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh), 2023, roinnte ina dhá Bhille leithleacha:

  • An Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach
  • Caidhp ar an Ioncam Margaidh

Is Bille casta é seo, agus níl i roinnt an Bhille ach saincheist theicniúil amháin den chuid is mó. Ní dhéanfar an cinneadh chun an Bille a scoilteadh ina dhá chuid aon difear don ioncam a bheidh dlite don státchiste.