English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas téarmaí agus coinníollacha an dara ceant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

Cheadaigh an rialtas téarmaí agus coinníollacha an dara ceant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, rud atá ina gharsprioc thábhachtach eile in uaillmhianta na hÉireann maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta.

Beidh láithreán ceant "Tonn Nua" lonnaithe amach ó chósta theas na hÉireann agus beidh sé ar an dara ceant de chuid an Stáit riamh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a bheidh curtha ar siúl faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Amach ón gCósta (ORESS). Táthar ag súil go gcuirfear an próiseas tairisceana ceant ar siúl i dtús na bliana 2025. Leis an tionscadal, soláthrófar 900 meigeavata d’fhuinneamh glan, agus é ag rannchuidiú go mór le mórspriocanna aeráide agus leictreachais in-athnuaite na hÉireann. Chomh maith leis sin, sábhálfar leis 1.8 milliún tona d’astaíochtaí CO2 gach bliain tar éis a thógála.

I mí na Bealtaine 2023, ba chor cinniúnach d’uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta iad na torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1. Le ceant ORESS 1, soláthraíodh toilleadh ab ionann agus níos mó ná trí ghigeavata (GW) ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Is leor an toilleadh sin chun cumhacht a sholáthar do níos mó ná 2.5 milliún teach in Éirinn. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – bhí sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan.

Tá ceant le cur ar siúl laistigh den chéad phlean spásúil de chuid an Stáit riamh le haghaidh forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta

Beidh ceant Thonn Nua ar an gcéad cheant le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chuirfear ar siúl laistigh den chéad phlean spásúil de chuid an Stáit riamh le haghaidh forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, mar atá an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Cheadaigh an tOireachtas an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas an 10 Deireadh Fómhair 2024, agus tháinig sé sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta timpeallachta agus ar phróiseas caidrimh le pobail chósta agus le príomh-gheallsealbhóirí amhail iascairí, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus údaráis áitiúla a mhair bliain amháin, beagnach.

Agus láithreán ceant Thonn Nua á chur ar áireamh, sainaithnítear sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ceithre limistéar mhuirí amach ón gcósta theas ina ndéanfar fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt sna deich mbliana romhainn. Tá na ceithre limistéar mhuirí uile lonnaithe amach ó chósta Chorcaí, ó chósta Phort Láirge agus ó chósta Loch Garman. Is é atá sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ná forbairt is cor cinniúnach i réamhphleanáil spásúil agus tobréiteach maidir le conas a dhéanaimid ár limistéar muirí fairsing a bhainistiú agus a phleanáil. Tá an próiseas ina chuid lárnach den chur chuige pleantreoraithe i leith fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, rud ar ghlac an Rialtas é anuraidh. Leis an gcur chuige sin, cinnteofar go mbeidh forbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta faoi threoir ag pleananna limistéir mhuirí ainmnithe arna sainaithint ag an Rialtas agus arna gceadú ag an Oireachtas. Codanna lárnacha d’fhorbairt inbhuanaithe acmhainneacht an Stáit ó thaobh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta de is ea an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh a bhíonn ag brath ar an muir le haghaidh a mbeatha a shaothrú.

Deis eacnamaíoch don Chósta Theas

Leis an bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe, soláthrófar fíordheiseanna le haghaidh forbairt réigiúnach shuntasach feadh an Chósta Theas. Leagadh béim in anailís neamhspleách ar na tairbhí eacnamaíocha féideartha agus deiseanna fostaíochta sin a bhaineann leis an bPlean a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh infheistíocht isteach ab fhiú €4.4 billiún agus fostaíocht a mheastar a bheith cothrom le 49,000 bliain coibhéise lánaimseartha a sholáthar do gheilleagar na hÉireann. Leagtar béim san anailís freisin gur cheart do réigiún an chósta theas níos mó ná 65% den infheistíocht isteach agus deiseanna fostaíochta a ghabháil. Trí shraith limistéar forbartha fuinnimh gaoithe amach ón gcósta don todhchaí a bhunú, soláthraítear leis an bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas cinnteacht do thionscal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann, ar tionscal é atá ag fás agus a imscarfaidh na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo fuinneamh glas in Éirinn.

Le Tonn Nua, soláthrófar freisin ciste tairbhe pobail ab fhiú €140 milliún thar thréimhse 20 bliain

Le Tonn Nua, soláthrófar freisin ciste tairbhe pobail a mbunóidh an tairgeoir a bhuafaidh an ceant é. Íocfaidh an tairgeoir sin thart ar €7 milliún in aghaidh na bliana isteach sa chiste thar 20 bliain le pobail an chósta theas – agus an t-iomlán cothrom le €140 milliún. Leis an gciste, tacófar le folláine inbhuanaithe comhshaoil, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an phobail áitiúil, agus deontais á soláthar do chlubanna áitiúla agus do ghrúpaí agus tionscadail eile phobail.

Ag fáiltiú dó roimh cheadú théarmaí agus coinníollacha an cheant ag an rialtas, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Is é atá i gceadú théarmaí agus coinníollacha cheant Thonn Nua ná garsprioc ríthábhachtach de réir mar a fhéachaimid leis an sciar dár leictreachas a thagann ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú go 80% faoin mbliain 2030. Trí fhoinse fhadtéarmach fuinnimh ghlais dhúchasaigh shláin a sholáthar, cinnteofar le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta go leanfaidh Éire dá cion a imirt in aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide dhomhanda a bhíonn ag éirí níos measa.

"Is freagairt bhreise í don dá dhúshlán arb éard iad slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht fuinnimh. A bhuí leis an gceant seo, treiseofar slándáil fuinnimh na hÉireann, agus riachtanais leictreachais ár dtithe, ár n-ospidéal agus ár ngnólachtaí á gcumhdach.

"Táim rímhuiníneach go gcuirfidh Tonn Nua le rath ár gcéad cheant le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta sa bhliain 2023, mar atá ORESS 1, a d’fheidhmigh i bhfad níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis agus a fhágfaidh go sábhálfaidh tomhaltóirí leictreachais na hÉireann na céadta milliún euro gach bliain. Téann fuinneamh gaoithe amach ón gcósta chun tairbhe do thomhaltóirí, don chomhshaol agus don ghnó."

Ag labhairt dó faoi cheadú an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, dúirt an tAire Ryan:

"Tá an ceadú ón Oireachtas don Phlean seo ina gharsprioc ríshuntasach freisin d’Éirinn agus do réigiún an Chósta Theas – agus tá sé ina fhianaise go bhfuil fíorcheannaireacht á taispeáint ag Éirinn sa spás muirí. Le linn dó cur ar chumas an Stáit ár dtimpeallacht mhuirí agus ár mbithéagsúlacht mhuirí a chosaint, éascóidh sé freisin cómhaireachtáil idir úsáideoirí agus gníomhaíochtaí amach ón gcósta agus úsáideoirí agus gníomhaíochtaí muirí eile – amhail dobharshaothrú; iascaireacht tráchtála; turasóireacht agus áineas.

"Bhí ár gcaidreamh le pobail áitiúla agus le príomh-gheallsealbhóirí muirí le linn thréimhse comhairliúcháin an phlean seo gan fasach agus bhí sé ina chuid lárnach d’fhorbairt an phlean seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhuail lenár n-oifigigh ag cruinnithe halla baile, in oifigí údaráis áitiúil, cois cé, i scoileanna agus ina n-áiteanna oibre le 12 mhí anuas.

"Tá acmhainneacht ollmhór ag Éirinn le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Ní hé amháin go bhféadfadh sé fuinneamh níos saoire, níos glaine agus níos sláine a sholáthar dár gcuid tithe agus gnólachtaí, ach d’fhéadfadh sé freisin na mílte agus na mílte post glas nua a sholáthar do mhórán pobal ar fud an Stáit. Trí thimpeallacht úrscothach pleanála muirí agus rialála a chruthú, seolfar na comharthaí cearta don tionscal agus d’infheisteoirí. Toradh eile a bheidh air is ea go dtabharfar cinnteacht don phobal faoi cé na forbairtí ba cheart a dhéanamh agus faoi cén uair a chuirfear ar siúl iad."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An uaillmhian fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá 2 GW eile curtha in áirithe lena n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus lasmuigh den eangach. Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
  • an Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán

Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe

Mar chuid den chóras pleantreoraithe náisiúnta nua le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, cinnteofar le bunú na bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe go mbeidh forbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta tar éis Chéim a hAon faoi threoir ag pleananna spásúla muirí arna sainaithint ag an Rialtas. Ar an mbealach sin, beidh sé ina chreat le haghaidh acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus spás muirí an Stáit a úsáid go hinbhuanaithe trí chinnteoireacht chomhordaithe, chomhtháite agus thrédhearcach maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

Cómhaireachtáil idir forbairt fuinnimh amach ón gcósta agus pobail iascaireachta a éascú

Cuid lárnach d’ullmhú an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ba ea an leas is mó a bhaint as na deiseanna le haghaidh cómhaireachtála idir tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus úsáideoirí muirí eile, amhail iascairí. Fágfaidh sé sin go mbeidh Éire ar an gcéad tír san Aontas Eorpach a chuir oibleagáidí reachtúla coibhéiseacha cómhaireachtála ar fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chun cómhaireachtáil a éascú.

Sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, cuirtear ceithre Limistéar Mhuirí ar aghaidh, ar laistigh díobh a d’fhéadfaí bonneagar fosaithe gaoithe amach ón gcósta (tuirbíní buin fhosaithe) a imscaradh sa todhchaí. Tá siad sin mar a leanas:

  • Tonn Nua lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge agus is ionann a achar muirí iomlán agus 306 chiliméadar chearnacha. Tá an fad go dtí an cladach idir 12.2 ciliméadar feadh na teorann thiar agus 12.4 ciliméadar feadh na teorann thuaidh. Tá ag Tonn Nua meándoimhneacht uisce 57 méadar, íosdoimhneacht uisce 48 méadar agus uasdoimhneacht uisce 69 méadar. Agus gnáthdhoimhneacht 4.5 MW in aghaidh an chiliméadair chearnaigh aici, bhainfeadh forbairt 900 MW úsáid as thart ar 65% den spás muirí iomlán laistigh de Thonn Nua. A bhuí leis an tsolúbthacht spásúil atá ann, beifear in ann leagan amach na feirme gaoithe agus teorainneacha an tionscadail a choigeartú de réir na mbeart riachtanach breise a sainaithníodh sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair fhéideartha chomhshaoil. Beidh scála agus suíomh an imscartha sin ag brath ar raon tosca breise, áfach, lena n-áirítear measúnachtaí timpeallachta agus anailís theicniúil sa bhreis ar leibhéal an tionscadail
  • Lí Ban (Naomh na Maighdean Mara) lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge. Is ionann a achar iomlán agus 368 gciliméadar chearnacha, agus na faid go dtí an cladach idir 29 gciliméadar feadh na teorann thiar agus 24 chiliméadar feadh na teorann thuaidh. Tá ag Lí Ban meándoimhneacht uisce 70 méadar, íosdoimhneacht uisce 65 mhéadar agus uasdoimhneacht uisce 76 mhéadar
  • Manannán (dia mara atá bainteach le hÉirinn agus tiarna diaga Thuatha Dé Danann) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 341 chiliméadar chearnacha. Tá an fad go dtí an cladach cothrom le 25 km, a bheag nó a mhór, feadh na teorann thuaidh. Tá ag Manannán meándoimhneacht uisce 69 méadar, íosdoimhneacht uisce 64 mhéadar agus uasdoimhneacht uisce 72 mhéadar
  • Danu (máthair Thuatha Dé Danann agus bandia Ceilteach an nádúir) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 300 ciliméadar cearnach. Tá an fad go dtí an cladach cothrom le 26 km, a bheag nó a mhór, feadh na teorann thuaidh. Tá ag Danu meándoimhneacht uisce 67 méadar, íosdoimhneacht uisce 48 méadar agus uasdoimhneacht uisce 78 méadar

An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar

Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa trasrialtais um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an Tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú. Ar na gníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus tá sé foilsithe. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.