English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Ryan an Dr Tanya Harrington mar Choimisinéir chuig CRU

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceapachán an Dr Tanya Harrington mar Choimisinéir chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), tar éis comórtas oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Mar Choimisinéir, beidh freagracht uirthi, i dteannta a gcomh-Choimisinéirí, as rialáil eacnamaíoch a dhéanamh ar fhuinneamh (leictreachas agus gás) agus ar uisce, as sábháilteacht fuinnimh agus cosaint custaiméirí i dtuilleadh forbartha mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais Eorpaigh agus as an aistriú chuig geilleagar carbóin ghlan-nialasaigh.

Chomh maith leis sin, beidh sí ina Comhalta den Choiste Margaidh Leictreachais Aonair, a dhéanann formhaoirseacht ar an Margadh Leictreachais Aonair uile-oileáin i gcomhpháirt leis an Utility Regulator i dTuaisceart Éireann, beidh sí ina Comhalta neamhspleách agus glacfaidh sí páirt in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Aontais Eorpaigh ábhartha.

Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán, dúirt an tAire Ryan:

"Tugann an Dr Tanya Harrington lear blianta de thaithí agus de shaineolas óna róil roimhe léi i réimsí na rialála, an bheartais phoiblí, an rialachais rialála, an chomhlíonta rialála agus na bainistíochta riosca. Tá dúshláin i ndán do na hearnálacha fuinnimh agus uisce, agus teastóidh ceannaireacht láidir ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais chun coinneáil ar an eolas faoi mhórfhorbairtí, chun freagairt chuí rialála a chinntiú do na dúshláin agus deiseanna sin, agus chun dul i dteagmháil go réamhghníomhach leis an earnáil agus le tomhaltóirí. Tabharfaidh an Dr Harrington léi taithí láidir straitéiseach, rialachais chorparáidigh agus ceannaireachta eagraíochtúla ina ról mar Choimisinéir. A bhuí leis an gceapachán seo, neartófar ceannaireacht na heagraíochta tuilleadh ag an am ríthábhachtach seo."

Rachaidh sí i mbun an phoist i mí Mheán Fómhair 2024.

Chomh maith leis sin, rinne an tAire an tUas. Jim Gannon a athcheapadh mar Choimisinéir agus mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais le haghaidh téarma eile a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2024.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Coimisiún um Rialáil Fóntais

Rialálaí neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann is ea an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Bunaíodh CRU sa bhliain 1999, agus oibríonn sé de réir creat beartais agus reachtúil a leagann an Rialtas síos. Tá freagracht air as rialáil eacnamaíoch agus cosaint custaiméirí sna hearnálacha fuinnimh agus uisce agus as rialáil sábháilteachta fuinnimh.

Téann a chuid oibre i bhfeidhm ar thithe agus gnólachtaí Éireannacha, agus soláthairtí fuinnimh agus uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe á gcinntiú aige do gach custaiméir.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin CRU.

An Dr Tanya Harrington

Is í an Dr Tanya Harrington an Príomhoifigeach Gnóthaí Rialála in An Post faoi láthair, áit a bhfuil freagracht uirthi as bainistíocht riosca rialála eacnamaíche agus as comhlíonadh rialála. Stiúrann sí freagairt straitéiseach na cuideachta don timpeallacht rialála shíorathraitheach agus rannchuidigh sí go mór leis an gcuideachta agus í ag teacht chun bheith mar Sholáthraí Seirbhíse Uilechoitinne arna ainmniú ag an Stát. Chomh maith leis sin, stiúir sí roinnt imeachtaí caidrimh le húdaráis rialtais agus rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal intíre. Áirítear leis sin cuntasacht as réimsí amhail bainistíocht riosca rialála agus comhlíonadh rialála, rialacháin chustam, rialachas corparáideach agus caidreamh le scairshealbhóirí.

Sula ndeachaigh sí i mbun oibre in An Post, bhí poist cheannaireachta ag an Dr Harrington ar fud na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí: in Powerscourt, áit ar chuir sí comhairle ar roinnt de na cuideachtaí is mó in Éirinn maidir le nithe beartais phoiblí, gnóthaí rialtais agus rialála eacnamaíche ar fud earnálacha rialáilte éagsúla; agus san NTR Foundation, áit ar chomhlíon sí sainordú na Fondúireachta maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, le hinbhuanaitheacht acmhainní agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Chomh maith leis sin, d’fhóin sí mar Chomhairleoir Aireachta sa Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus sa Roinn Iompair. Bhí sí mar Cheann Fuinnimh i gCónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

I láthair na huaire, tá an Dr Harrington ar an gCathaoirleach ar Renewable Energy Ireland.

Sealbhaíonn sí Dochtúireacht i Rialachas agus céim MSSc i Lánpháirtiú na hEorpa ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar aon le céim BA i Stair agus Gearmáinis ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.