English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Ryan Cathaoirleach agus Stiúrthóirí chuig An Post

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceapachán an Uasail Kieran Mulvey mar Chathaoirleach Ainmnithe ar Bhord An Post, tar éis comórtas oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. D’fháiltigh an tAire roimh cheapachán beirt Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin chuig Bord An Post freisin. Is iad Eleanor O’Neill Uasal agus an tUasal John O’Grady na Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin sin agus fónfaidh siad ar feadh téarma cúig bliana.

Ag labhairt dó faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Ryan:

"Aithním an méid mór taithí agus gnóthachtála a chuirfidh Kieran leis an ról tábhachtach seo mar Chathaoirleach. Ina measc sin tá na blianta fada a chaith sé mar Phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais agus, ina dhiaidh sin, mar Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin. Rud ba dhéanaí fós, d’fheidhmigh sé go cumasach mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Stiúrthóir Neamhspleách Sinsearach leis An Post. Tá an eagraíocht ag dul faoi thréimhse athruithe agus dúshlán. Táim muiníneach go gcabhróidh treoir agus maoirseacht aibí Kieran leis An Post leanúint ar aghaidh ag freagairt go leordhóthanach do na dúshláin agus na deiseanna atá os a chomhair. Cinnteoidh sé go gcoinneofar díriú straitéiseach ar aghaidh a thabhairt orthu sin agus stiúrfaidh sé Bord An Post agus é ag déanamh caidreamh réamhghníomhach leis an lucht ardbhainistíochta, le fostaithe, leis an Rialtas, lena chustaiméirí agus leis an bpobal i gcoitinne."

Dúirt an tAire freisin:

"Tá áthas orm freisin a bheith ag ceapadh Eleanor O’Neill Uasal agus an Uasail John O’Grady chuig Bord An Post. Cuirfidh siad raon scileanna agus saineolais leis an mBord, rud a chinnteoidh go mbeidh An Post chomh hábalta agus is féidir chun a chuspóirí a chomhlíonadh sna blianta beaga atá le teacht."

Ghabh an tAire buíochas le Carol Bolger, an t-iarChathaoirleach, a d’éirigh as an mBord i mí Aibreáin agus thug sé aitheantas don mhéid mór a rannchuidigh sí leis.

Ag fáiltiú dó roimh cheapachán an Uasail Mulvey, dúirt James Lawless, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an mBeartas Poist:

"Imreoidh Kieran ról ríthábhachtach in An Post a stiúradh de réir mar a leanann sé dá bhunathrú mar ghnólacht a chomhlíonann riachtanais custaiméirí i leith seirbhísí poist atá iontaofa agus ar phraghas réasúnach agus i leith líonra inbhuanaithe postoifigí, agus é ag teacht chun bheith ina sholáthraí ríomhthráchtála agus seirbhísí airgeadais ag an am céanna. Bainfear an-leas as a chuid taithí agus cumais maidir le cabhrú leis An Post a bhealach a dhéanamh trí thimpeallacht dhúshlánach tráchtála. Táim ag súil lena bheith ag obair i ndlúthchomhar leis chun cabhrú leis an gcuideachta na dúshláin iomaíocha atá uirthi a shárú agus a haidhmeanna straitéiseacha a bhaint amach."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Próiseas ceapacháin

Rinneadh an ceapachán trí úsáid a bhaint as próiseas roghnúcháin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, de réir na 'Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit'. D’fhoilsigh an rialtas na treoirlínte sin i mí na Samhna 2014.

Déanfar socruithe le haghaidh theacht an Uasail Mulvey os comhair an Choiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, ar aon dul le nósanna imeachta athbhreithnithe ón rialtas le haghaidh Cathaoirligh bheartaithe ar Bhoird Stáit. Beidh feidhm ag an teideal 'Cathaoirleach Ainmnithe' go dtí an t-am sin.

Roimhe sin, d’fhóin an tUasal Mulvey mar Ard-Rúnaí ar dhá cheardchumann in Éirinn – Múinteoirí Ollscoile/Meánscoile (1975-1991) – agus bhí sé ina Chomhalta Feidhmiúcháin de Chomhdháil na gCeardchumann (1975-1991).

Thug sé faoi shannacháin idirnáisiúnta éagsúla leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, leis an Aontas Eorpach agus leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú i ndáil le nithe a bhaineann le hidirphlé sóisialta, le foirmiú institiúidí agus le forbairt gheilleagrach.

Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), is ea an tUasal Mulvey, agus tá cáilíochtaí iarchéime san Oideachas agus sa Dlí aige. Mar Chomhalta de chuid Institiúid Oideachais na hAlban, tá Dochtúireachtaí Oinigh Dlíthe aige ó Ollscoil na hÉireann agus ó COBÁC. Chomh maith leis sin, is Comhalta Oinigh de chuid an Chumainn um Dhlí Fostaíochta é. Bronnadh an chéad Chomhaltacht Oinigh ón Institiúid Chairte um Pearsanra agus Forbairt air freisin.

Tá ceapachán an Uasail Mulvey in éifeacht ón 19 Iúil 2024 go ceann téarma cúig bliana.

John O’Grady

Is Cuntasóir Cairte agus feidhmeannach árachais ag a bhfuil taithí é John O’Grady. D’fhóin sé mar Phríomhoifigeach Airgeadais le FBD ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2023.

Eleanor O’Neill

Feidhmeannach Sinsearach ag a bhfuil taithí i gcuideachtaí ilnáisiúnta teicneolaíochta, lenar áiríodh Symantec ón mbliain 2003 go dtí an bhliain 2020, is ea Eleanor O’Neill. D’fhóin sí mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar roinnt Boird Stáit, lena n-áirítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Coillte.