Ceiliúrann an tAire chéad lá breithe na Scéime Aisíoca Éarlaise
- Foilsithe: 1 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Bhí chéad bhliain láidir ag an scéim, agus páirt glactha ag 84% de phobal na hÉireann inti
- Tugadh níos mó ná 980 milliún coimeádán ar ais go dtí seo
- Bailíodh €90,000 le haghaidh an tionscnaimh carthanachta 'Return for Children'
- Tháinig laghdú 50%, beagnach, ar an líon buidéal agus cannaí a caitheadh mar bhruscar
Inniu, cheiliúir Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, comóradh bliana thabhairt isteach na Scéime Aisíoca Éarlaise.
Agus í deartha chun dramhaíl aon úsáide a laghdú go mór, tá an Scéim Aisíoca Éarlaise ar cheann de na tionscnaimh iompraíochta tomhaltóirí is dearfaí a tharla sa tír seo leis na cianta, agus tá tionchar claochlaitheach aige cheana féin. Sa chéad sé mhí dá hoibriú, tugadh 350 milliún coimeádán ar ais agus, faoi dheireadh na chéad bhliana, bailíodh níos mó ná 980 milliún coimeádán tríd an scéim, agus na milliúin buidéal plaisteach agus cannaí alúmanaim a n-atreorú ar shiúl ó líonadh talún agus ó bhruscar.
Tá an pobal ag glacadh go mór leis an scéim freisin, agus eagraíochtaí pobail agus carthanachta ag baint úsáid aisti le haghaidh airgead a chruinniú. Cruinníodh €90,000 le haghaidh an tionscnaimh ‘Return for Children’, agus chláraigh i bhfad níos mó ná 2,000 ceann de scoileanna, de chlubanna agus d’eagraíochtaí pobail leis an scéim dá ngníomhaíochtaí cruinnithe airgid féin.
Dúirt an tAire O’Brien:
"Sa chéad 12 mhí dá hoibriú, rinneadh níos mó ná 980 milliún coimeádán, idir bhuidéil agus channaí, a bhailiú agus a athchúrsáil faoin Scéim Aisíoca Éarlaise, agus tháinig laghdú ollmhór ar an líon ceann de na coimeádáin sin a caitheadh mar bhruscar nó a cuireadh i líonadh talún. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa scéim sa chéad bhliain. Bíonn na hiarrachtaí sin ag déanamh fíordhifir maidir le dramhaíl a laghdú agus maidir le hathchúrsáil a chur chun cinn, agus táim ag tnúth le difear níos mó fós a fheiceáil sa bhliain 2025.
"Gné ríthábhachtach atá taobh thiar de rath na scéime is ea tionscal deochanna agus miondíoltóirí na hÉireann, a tháinig le chéile trí Re-turn chun samhail lán-nua athchúrsála a thógáil. Agus níos mó ná 3,000 pointe aisíoca ann ar fud na tíre, cinntítear leis an Scéim Aisíoca Éarlaise go bhfuil an cumhdach is mó is féidir ann do phobail uirbeacha agus do phobail tuaithe araon."
Dúirt Alan Dillon, an tAire Stáit don Gheilleagar Ciorclach:
"Tá an Scéim Aisíoca Éarlaise ina beart eile cruinnithe airgid do chuid mhór grúpaí áitiúla agus pobail. Trí pháirt a ghlacadh sa scéim, ní hé amháin go mbíonn scoileanna, clubanna spóirt agus grúpaí eile ag cruinniú airgid a bhfuil géarghá leis trí bhruscar a laghdú agus trína bpobail féin a ghlanadh, ach bíonn siad ag rannchuidiú ar bhonn comhchoiteann freisin le hÉirinn a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe."
Dúirt Ciaran Foley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Re-turn:
"B’fhearr feidhmíocht Scéim Aisíoca Éarlaise na hÉireann sa chéad bhliain dá hoibriú ná mar a bhíothas ag súil leis. Athchúrsáladh níos mó ná 980 milliún coimeádán deochanna tríd an scéim. Más rud é go leanfaidh na rátaí reatha ar aghaidh, tiocfaidh méadú de thart ar 630 milliún ceann ar an líon buidéal plaisteach agus cannaí a athchúrsálfaimid sa dá mhí dhéag atá romhainn i gcomparáid leis an líon ba ghnách linn a athchúrsáil roimh thabhairt isteach na scéime. Mar aon leis an tionchar comhshaoil, bíonn éarlaisí aisíoctha á n-úsáid ag níos mó ná 2,000 ceann de chlubanna, de scoileanna agus d’eagraíochtaí anois chun cúiseanna ríthábhachtacha a chistiú. Cé go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh againn, is léir go bhfuilimid ar an mbóthar ceart, agus is ar rannpháirtíocht agus tionchar a mhéadú a dhíreoimid sa bhliain 2025."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Buaicphointí na scéime
- Ghlac 84% den phobal páirt sa Scéim Aisíoca Éarlaise, agus 90% den phobal eolach ar lógó/branda Re-turn
- Tugadh níos mó ná 980 milliún coimeádán ar ais lena n-athchúrsáil
- Cuireadh níos mó ná 3,000 pointe aisíoca i bhfeidhm ar fud na tíre
- Tháinig laghdú 50%, beagnach, ar leitheadúlacht buidéal plaisteach agus cannaí i mbruscar
- Cruinníodh €90,000 le haghaidh an tionscnaimh carthanachta ‘Return for Children’
Feidhmíocht go dtí seo
- Príomhchuspóir de chuid na Scéime Aisíoca Éarlaise is ea an sprioc bailiúcháin ar leithligh a shocraigh an tAontas Eorpach d’Éirinn le haghaidh buidéil phlaisteacha dí a bhaint amach, mar a shainordaítear leis an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide – agus an sprioc cothrom le 90% faoin mbliain 2029, agus sprioc eatramhach arb éard í 77% ann faoin mbliain 2025
- Tugadh Scéim náisiúnta Aisíoca Éarlaise le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim isteach i mí Feabhra 2024, chun bailiú agus athchúrsáil ar leithligh na dtáirgí sin a spreagadh. Tiocfaidh léargas níos iomláine ar fheidhmíocht na scéime chun cinn thar thimthriall bliana iomláine–ó mhí an Mheithimh 2024 go mí an Mheithimh 2025. Cé nach mbeidh na sonraí sin ar fáil ach amháin i lár na bliana 2025, tá an-ghealladh faoi na torthaí a baineadh amach go dtí seo
- Is an-dearfach atá an glacadh leis an Scéim Aisíoca Éarlaise, agus tugadh níos mó ná 980 milliún coimeádán ar ais go dtí seo
Tionchar na Scéime Aisíoca Éarlaise go dtí seo
- Tá an Scéim Aisíoca Éarlaise ar cheann de na tionscnaimh iompraíochta tomhaltóirí is dearfaí a tharla sa tír seo leis na cianta. Tá dhá rud ríthábhachtacha á ndéanamh ag an scéim – tá sí ag laghdú an bhruscair agus ag comhrac an tionchair a bhíonn ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol trína chinntiú go mbailítear na coimeádáin sin ar leithligh lena n-athchúrsáil
- Is an-dearfach go dtí seo atá an rannpháirtíocht sa Scéim Aisíoca Éarlaise agus, ó seoladh an scéim an 1 Feabhra 2024 i leith, tugadh 981 mhilliún coimeádán, idir bhuidéil agus channaí, ar ais, agus bítear ag bailiú níos mó ná 3 mhilliún coimeádán ar an meán gach lá anois ar bhonn tráthrialta
- Bíonn an Scéim Aisíoca Éarlaise ag brú rannpháirtíocht an phobail i dtionscadail chomhshaoil chun cinn freisin trí dheiseanna a chruthú do charthanais agus eagraíochtaí pobail trí thomhaltóirí a bheith ag tabhairt a n-éarlaise chun críocha carthanúla
- Cruinníodh níos mó ná €90,000 le haghaidh an tionscnaimh ‘Return for Children’, agus chláraigh i bhfad níos mó ná 2,000 ceann de scoileanna, de chlubanna agus d’eagraíochtaí pobail dá ngníomhaíochtaí cruinnithe airgid féin
- Is féidir le pobail agus eagraithe imeachtaí atá ag iarraidh airgead a chruinniú don tionscnamh ‘Return for Children’ nó dá gcarthanas roghnaithe féin nó dá ngrúpa pobail roghnaithe féin teacht ar threoir bhreise maidir le conas is féidir leo é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Re-turn ach ríomhphost a sheoladh chuig communities@re-turn.ie
- Is comhpháirt ollmhór den bhruscar i gcónaí iad buidéil agus cannaí. Tugtar sna torthaí is déanaí ó Irish Business Against Litter (IBAL) léiriú luath go mbíonn an Scéim Aisíoca Éarlaise ag rannchuidiú le leibhéil bhruscair níos ísle ar fud na tíre. Sna torthaí suirbhé is déanaí uaidh, a foilsíodh i mí Eanáir 2025, thuairiscigh IBAL laghdú 50%, beagnach, ar leitheadúlacht buidéal plaisteach agus cannaí ar láithreáin a ndearnadh suirbhé orthu ó tugadh an Scéim Aisíoca Éarlaise isteach
- Thuairiscigh CoastWatch torthaí cosúla. D’aimsigh CoastWatch go bhfuil laghdú ollmhór ann sa líon buidéal plaisteach agus cannaí alúmanaim atá ag teacht i dtír ar líne chladaigh na hÉireann ó thabhairt isteach na Scéime Aisíoca Éarlaise i leith
Re-turn – oibritheoir na Scéime Aisíoca Éarlaise
- Is scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora í an Scéim Aisíoca Éarlaise. Is cineál scéime é sin ina leagtar freagracht ar tháirgeoirí as a dtáirgí a bhailiú agus a dhiúscairt. Faoi mar atá amhlaidh i gcás scéimeanna eile Freagrachta Leathnaithe Táirgeora, is ar tháirgeoirí atá an fhreagracht as an Scéim Aisíoca Éarlaise a bhunú agus as oibritheoir na scéime a ainmniú lena cheadú ag an Aire
- I mí Iúil 2022, cheadaigh an tAire iarratas ó Deposit Return Scheme Ireland (ag trádáil mar Re-turn), thar ceann thionscal deochanna na hÉireann, mar oibritheoir na Scéime Aisíoca Éarlaise. Ní bhfuair an tAire aon iarratais eile
- Is ar thrí fhoinse ioncaim a bhraitheann Re-turn. Is iad táillí táirgeora agus díol ábhar an chnámh droma struchtúrtha do shamhail airgeadais fhadtéarmach na scéime. Leis an tríú foinse, éarlaisí neamhfhuascailte, tugtar gné athraitheach isteach sa sruth ioncaim, toisc gur foinse í a bhíonn faoi réir iompraíocht tomhaltóirí agus rátaí fuascailte
- Oibríonn Re-turn ar bhonn neamhbhrabúis, rud a fhágann nach mór aon bhrabús a dhéanann an chuideachta a athinfheistiú go heisiach le haghaidh an Scéim Aisíoca Éarlaise a fhorbairt
- Tá freagracht ar Re-turn as na nithe oibriúcháin agus cistiúcháin uile a bhaineann leis an Scéim Aisíoca Éarlaise. Cé nach bhfuil aon fheidhm ag an Aire maidir le hoibríochtaí laethúla gnó na cuideachta, tá raon rialuithe rialála agus riaracháin i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an scéim, agus faigheann an roinn an t-eolas is deireanaí faoi fheidhmíocht na cuideachta ar bhonn tráthrialta
- Tá tionscadal píolótach um cholbhaí araide ar siúl freisin, rud lena gcumasaítear do shiopadóirí, do chomaitéirí agus do thurasóirí a gcoimeádáin fholmha a thabhairt mar bhronntanas agus iad ag dul anonn is anall. Is é sprioc an tionscadail sin bruscar a laghdú agus cosc a chur ar na coimeádáin sin a bheith á gcaitheamh isteach i ndramhaíl ghinearálta
- Trí úsáid a bhaint as sruth bailiúcháin ar leithligh (seachas coimeádáin a chur in araidí dramhaíola ginearálta nó athchúrsála, rud ar féidir leis na coimeádáin a éilliú), bíonn méid agus cáilíocht an ábhair athchúrsáilte á méadú ag an Scéim Aisíoca Éarlaise agus bíonn sí ag cinntiú go gcoinnítear na hábhair sin in úsáid ar feadh na tréimhse is faide is féidir, agus an gá le hóghábhar á laghdú dá bharr sin. Sa bhliain 2025, ní mór do tháirgeoirí a chinntiú go bhfuil cion athchúrsáilte 25% ar an meán ina mbuidéil phlaisteacha dí. Méadóidh an figiúr sin go 30% faoin mbliain 2030