English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann Éire clár náisiúnta léarscáilithe ithreach 13 bliana i gcrích i gContae Chorcaí

  • Mar thoradh ar an suirbhé, tá Éire ar cheann de na háiteanna is mó léarscáiliú ón taobh geoiceimiceach de ar domhan

Tá Éire tar éis teacht chun bheith ar cheann den dornán tíortha ar domhan a bhfuil sampláil ithreach náisiúnta gheoiceimiceach mhionsonraithe curtha i gcrích acu, ós rud é gurb amhlaidh, tar éis 13 bliana, atá clár Tellus ag bailiú a shampla deiridh. Cuireadh tús le suirbhé Tellus i Réigiún na Teorann sa bhliain 2011. Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a bhainistíonn an suirbhé. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Cuireadh samplaí do Thuaisceart Éireann i gcrích sa bhliain 2006, rud a fhágann go bhfuil an tsampláil uile-oileáin curtha i gcrích anois.

Chlúdaigh foirne samplóirí na mílte heicteár de thalamh, agus iad ag taisteal trí ghoirt, trí phortaigh agus trí shléibhte chun gach cearn dár n-oileán a shroicheadh ar lorg ithreach. Tógadh samplaí gach ceithre chiliméadar chearnacha ar eangach rialta, rud a chinntigh gur bailíodh gach cineál ithreach mar chuid den suirbhé náisiúnta. Chomh maith leis sin, bailíodh samplaí laistigh de láithreacha uirbeacha gach 500 méadar cearnach. A luaithe a bhailítear iad, seoltar na samplaí chuig saotharlann ina n-anailísítear ceimic na hithreach. Cabhraíonn sé sin le faisnéis a sholáthar faoi inathraitheacht na n-ithreacha i réigiúin dhifriúla. Tá na sonraí anailíseacha díorthaithe á n-úsáid ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus ag comhlachtaí eile amhail Teagasc, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus taighdeoirí freisin chun ithir a léarscáiliú chun críocha talmhaíochta, comhshaoil, sláinte agus geolaíocha. San iomlán, bailíodh 42,000 sampla ó 20,660 láthair dhifriúil.

Bhí Oonagh Buckley, Ard-Rúnaí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, i láthair chun cabhrú leis an sampla deiridh a bhailiú ó Charn Uí Néid, Corcaigh Thiar, agus dúirt sí:

"Tá ríméad orm bheith i láthair don bhailiú sampla ithreach deiridh mar chuid de chlár geoiceimice Tellus. Tá sí seo ina hiarracht ollmhór a chuir an Roinn seo i gcrích thar lear blianta, ón uair a bailíodh na chéad samplaí i nDún na nGall i leith. Is rud iontach é go bhfuil an clár á chur i gcrích anseo ar Charn Uí Néid i gContae Chorcaí os comhair na farraige toisc go bhfágfaidh an sampla seo go mbeidh Éire ar cheann de na tíortha is mó léarscáiliú ón taobh geoiceimiceach de ar domhan.

"Is ócáid ríthábhachtach d’Éirinn í seo toisc go mbeidh sonraí eolaíocha níos fearr againn anois chun cabhrú le cinntí a dhéanamh ar an dóigh is fearr ar féidir linn ár n-ithreacha a bhainistiú. Beimid ag cur na sonraí sin ar fáil go saor, agus táim ag súil leis an tacaíocht a thabharfar leo do thaighde i réimsí éagsúla a fheiceáil."

Tá na sonraí geoiceimiceacha deiridh ó shuirbhé Tellus ar fáil faoi láthair le haghaidh níos mó ná 50% den tír, agus tuilleadh sonraí le heisiúint sna míonna agus sna blianta atá le teacht. A luaithe a bheidh na sonraí uile eisithe, bainfear úsáid astu chun tairbhí dearfacha eacnamaíocha, comhshaoil agus talmhaíochta a sholáthar trí chabhrú le tuiscint a ghnóthú ar an timpeallacht áitiúil, ar an dóigh a mbainistítear ithir agus ar an acmhainneacht acmhainní nádúrtha. Má ghnóthaímid tuiscint níos fearr ar ár n-ithreacha, beimid in ann limistéir a dteastaíonn leasacháin iontu a íoslaghdú nó spriocdhíriú orthu agus beimid in ann ithreacha fabhtaithe inár gcathracha a shainaithint. Foilsítear na sonraí a bhailítear trí thionscadal Tellus, agus cuirtear iad ar fáil do gach duine saor in aisce ar shuíomh gréasáin Tellus.

Tá 'StoryMap' ina léirítear an dul chun cinn ar an suirbhé ithreach thar na blianta agus na háiteanna spéise ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann Gníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta na hÉireann. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann sí táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Bandia Rómhánach an domhain ba ea 'Tellus', dár gaireadh Terra Mater freisin.