Cuireann an tAire Smyth fáilte roimh an infheistíocht €48 milliún ón gclár REPowerEU i 5 áithreán de chuid FSS ar fud na tíre a iarfheistiú
- Foilsithe: 14 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú san earnáil phoiblí ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte inniu roimh an gcistiú ón gclár REPowerEU faoi Item was unpublished or removed le haghaidh infheistíocht i dTreoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Ceadaíodh an tionscadal sin chun cistiú €48 milliún a fháil ón leithdháileadh foriomlán €1.15 billiún ar Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann, dar leithdháileadh €240 milliún ar an gclár REPowerEU. Is foirgnimh cúram sláinte atá in thart ar cheann amháin as gach 5 fhoirgneamh san earnáil phoiblí. Tá an Treoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe idir Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus FSS ar an gcéad iarfheistiú domhain ar láithreáin FSS. Agus punann náisiúnta ollmhór eastát aige, beidh an Treoirthionscadal ríthábhachtach do FSS maidir le ceachtanna a fhoghlaim agus taithí a ghnóthú.
Ag fáiltiú dó roimh an gcistiú, dúirt an tAire Smyth:
"Trí éifeachtúlacht fuinnimh na saoráidí seo a mhéadú, cuirfear feabhas ar eispéireas na ndaoine a úsáideann iad – idir othair agus bhaill foirne. Cabhrófar le lorg carbóin na bhfoirgneamh a laghdú freisin. Tá sé tábhachtach go mbeadh an earnáil phoiblí ar thús cadhnaíochta na hoibre ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónaithe de, agus is sárthionscnamh é seo ina leith sin."
Dúirt an tUas. Brian O’Connell, Stiúrthóir Náisiúnta Eatramhach, Caipiteal agus Eastáit FSS:
"Tá lúcháir ar FSS an cistiú seo a fháil ón gclár REPowerEU i dtreo 5 cinn dá láithreáin ospidéil agus phobail. Mar thoradh air sin, cabhrófar le FSS ár dTreoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe a sholáthar, cuirfear leis an obair atá ar bun againn cheana i réimse na timpeallachta tógtha, agus cabhrófar le hastaíochtaí a laghdú agus le sláinte an phobail a chosaint ar deireadh."
Dúirt Declan Meally, Stiúrthóir um Ghnó, um an Earnáil Phoiblí agus um an Iompar ag SEAI:
"Tá SEAI ag obair i gcomhpháirt le FSS trínár gClár Treo-Aimsitheora chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach. Tá lúcháir orainn tacú leis an Treoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe seo, a bhfuil sé mar sprioc leis bonn eolais a chur faoi mhórchlár náisiúnta iarfheistithe ar fud eastát FSS. Ní hé amháin go laghdófar astaíochtaí carbóin de bharr iarfheistithe cuimsitheacha a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh agus de bharr uasghráduithe a dhéanamh ar an gcreatlach foirgnimh ar fud saoráidí cúram sláinte, ach méadófar inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht ár mbonneagair cúram sláinte dá mbarr freisin. I dteannta a chéile, táimid ag réiteach an bhealaigh i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach.
"Is ollmhór atá an dúshlán atá romhainn maidir lenár stoc foirgneamh poiblí a iarfheistiú, agus tá an tionscadal seo ina chéad chéim thábhachtach sa phróiseas sin. Mar aon leis an uasteorainn astaíochtaí earnála faoin nGníomh Aeráide, tá spriocanna dochraideacha le comhlíonadh ag an earnáil phoiblí faoi Threoracha nua-idirbheartaithe ón Aontas Eorpach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, maidir le feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh, agus maidir le fuinneamh in-athnuaite. Beidh infheistíochtaí móra ag teastáil chun na spriocanna sin a chomhlíonadh. Glactar leis nach mór don earnáil phoiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla freisin."
Is ar chúig láithreán de chuid FSS a dhíreofar an leithdháileadh €48 milliún ón gclár REPowerEU, is iad sin: Aonad Altranas Pobail Lusca; Aonad Altranas Pobail Bhealach Conglais; Aonad Altranas Pobail Chloich na Coillte; Ospidéal Réigiúnach an Láir Tíre, an Muileann gCearr; agus Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha. Is é Caipiteal agus Eastáit FSS a stiúrfaidh an obair sin.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an mhír lárnach de NextGenerationEU, plean an Aontais Eorpaigh chun teacht amach as paindéim COVID-19 agus riocht níos láidre agus níos athléimní air
- Soláthraítear na cistí do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme ar mhaithe lena ngeilleagair agus a sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní agus ar mhaithe le hiad a ullmhú don aistriú glas agus don aistriú digiteach
- Tá ríthábhacht ag baint leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin maidir leis an bplean REPowerEU a chur chun feidhme, rud arb é an fhreagairt ón gCoimisiún don chruatan socheacnamaíoch agus don chur isteach ar an margadh fuinnimh domhanda a tháinig as ionradh na Rúise ar an Úcráin é
- I bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann, a chistítear leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos glaise, níos digití agus níos athléimní
- Faoin leagan modhnaithe den Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, gheobhaidh Éire deontais dar luach iomlán €1.15 billiún lena gcumhdófar na tosaíochtaí seo a leanas: an tAistriú Glas a Chur Chun Cinn; Dlús a Chur le hAthchóirithe Digiteacha agus leis an gClaochlú Digiteach; Téarnamh Sóisialta agus Eacnamaíoch agus Cruthú Post; agus REPowerEU
- Tá an cistiú don tionscadal seo mar chuid den chlár REPowerEU €240 milliún a ceadaíodh le déanaí faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta
- Is ón gclár REPowerEU faoi Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann a thagann an cistiú €48 milliún, agus é le húsáid chun infheistíocht a dhéanamh thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i dTreoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe a dtacóidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) leis