English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dréacht-Ráiteas Beartais maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach foilsithe ag an Aire Ryan

  • Leagtar amach sa Dréacht-Ráiteas Beartais acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh – d'fhoirgnimh a théamh agus a fhuarú agus chun leictreachas a ghiniúint

D'fhoilsigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, Dréacht-Ráiteas Beartais inniu maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach. Comhlíonann an Dréacht-Ráiteas an Treochlár d'Fhuinneamh Geoiteirmeach a foilsíodh i mí na Samhna 2020.

Ní amháin go bhfuil fuinneamh geoiteirmeach in-athnuaite, ach tá sé slán, iontaofa agus áitiúil freisin. Is féidir é a úsáid chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú agus chun leictreachas a ghiniúint freisin. Ciallaíonn dul chun cinn teicneolaíochta, a cruthaíodh le deich mbliana anuas, gur féidir le fuinneamh geoiteirmeach ról suntasach a imirt anois inár n-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus chuig geilleagar ciorclach.

Tacaíonn foilsiú an Dréacht-Ráitis Bheartais seo leis an gcéad Straitéis Geilleagair Chiorclaigh Uile-Rialtais a seoladh níos luaithe an mhí seo agus ardóidh sé feasacht ar acmhainneacht spreagúil an fhuinnimh in-athnuaite seo. Is céim ríthábhachtach í chun dul i ngleic leis na bacainní ar fhorbairt fuinnimh gheoiteirmigh in Éirinn.

Baileoidh comhairliúchán poiblí ar an Dréacht-Ráiteas Beartais tuairimí an phobail agus na bpríomhpháirtithe leasmhara go foirmiúil, amhail grúpaí comhshaoil, geo-eolaithe agus innealtóirí, agus oibreoirí féideartha i dtionscadal fuinnimh gheoiteirmigh.

Tabharfar breac-chuntas sa Ráiteas Beartais deiridh ar an gcreat rialála. Leagfaidh sé béim freisin ar an riachtanas maidir le rannpháirtíocht bhríoch leis an bpobal agus le tuilleadh oibre a dhéanamh chun sonraí a bhailiú ar acmhainní geoiteirmeacha na hÉireann. Beidh gá le tuilleadh taighde freisin chun tuiscint fheabhsaithe a sholáthar ar eacnamaíocht na dtionscadal fuinnimh gheoiteirmigh. Le chéile, cuideoidh na gnéithe seo lena chinntiú go mbainfimid acmhainneacht fuinnimh gheoiteirmigh na hÉireann amach.

Dúirt an tAire Ryan:

"Tá rannpháirtíocht leis an bpobal, le grúpaí pobail, leis an tionscal agus leis an saol acadúil ríthábhachtach chun ár n-acmhainneacht gheoiteirmeach a fhorbairt. Mholfainn do gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo. Is céim ríthábhachtach í chun dul i ngleic leis na bacainní ar fhorbairt fuinnimh gheoiteirmigh in Éirinn."

Tá an Dréacht-Ráiteas Beartais ar fáil le hamharc air/le híoslódáil ag an nasc seo

Is féidir tuairimí ar an Dréacht-Ráiteas Beartais a chur isteach trí ríomhphost chuig: GSPD@decc.gov.ie go dtí an 1 Márta 2022. Breithneofar gach aighneacht agus an Ráiteas Beartais á thabhairt chun críche.

Eagrófar seisiúin eolais agus imeachtaí comhairliúcháin eile do mhí Feabhra 2022. Beidh sonraí ar fáil ar: www.gov.ie/consultations/geothermal

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Cad is fuinneamh geoiteirmeach ann?

Is é fuinneamh geoiteirmeach an teas atá faoi dhromchla an dhlúthdhomhain. Is féidir é a stóráil le teas ón ngrian, nó teas ó chroílár an domhain. Méadaíonn teocht an domhain (agus méid an fhuinnimh gheoiteirmigh atá ar fáil) leis an doimhneacht go ginearálta, ag meánráta measta de 21°C in aghaidh an chiliméadair in Éirinn.

Forbraíodh acmhainní geoiteirmeacha le haghaidh táirgeadh téimh agus/nó leictreachais in áiteanna ar shiúl ó na réigiúin bholcánacha ina bhfuil rochtain éasca ar an teas mar thoradh ar dhul chun cinn teicneolaíocha (m.sh. an Íoslainn; an Iodáil; an Nua-Shéalainn) go dtí na háiteanna nach bhfuil an sreabhadh teasa ró-ard (m.sh. an Fhrainc; an Ísiltír; an Bheilg; an Ríocht Aontaithe; an Ghearmáin). D'fhéadfadh fuinneamh geoiteirmeach a bheith ina fhoinse inmharthana suntasach d'fhuinneamh in-athnuaite in Éirinn.

Tagann an Dréacht-Ráiteas Beartais maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach sna sála ar fhoilsiú Measúnú ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Théamh Ceantair in Éirinn agus Fuinneamh Geoiteirmeach in Éirinn - Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála i mí na Samhna 2020 ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Is cineál fuinnimh é fuinneamh geoiteirmeach atá cruthaithe ar bhonn tráchtála agus in-athnuaite is féidir a úsáid le haghaidh téimh, fuaraithe, táirgthe leictreachais, nó le haghaidh giniúint teasa agus cumhachta le chéile.

Acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh a thuiscint

Ní thuigtear acmhainneacht gheoiteirmeach na hÉireann ina hiomlán go fóill. Is é an easpa eolais faoin bhfodhromchla domhain atá mar thoradh air seo; tá tuilleadh taighde ag teastáil. Mar sin féin, d'fhéadfaí acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh na hÉireann a úsáid chun críocha éagsúla. Braithfidh an bealach is fearr chun fuinneamh geoiteirmeach a ghabháil agus a úsáid ar an suíomh geolaíoch áitiúil agus ar an úsáid deiridh don fhuinneamh.

Beidh tréithe éagsúla ag na cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí geoiteirmeacha a d'fhéadfaí a úsáid in Éirinn agus freagróidh an creat rialála atá leagtha amach sa Dréacht-Ráiteas Beartais ar bhealach atá comhréireach. Cuirfear tuilleadh acmhainní faisnéise ar fáil ionas gur féidir na teicneolaíochtaí sin a thuiscint go forleathan.

Fuarthas amach i Staidéar Náisiúnta Teasa Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) go n úsáidtear 38% den tomhaltas fuinnimh iomlán in Éirinn le haghaidh an téimh. Is iad ola, gás agus breoslaí soladacha an príomhbhealach fós chun teas a ghiniúint. Is ionann sin agus 55,230GWh gach bliain ó thaobh fuinnimh de. Bhí astaíochtaí ón earnáil teasa freagrach as 12.6 Milliún tona de choibhéis charbóin (MT CO2) in 2019.

Tugann anailís agus léargais nua ar théamh ceantair agus ar fhuinneamh geoiteirmeach ó obair SEAI ar a Staidéar Teasa le fios go bhféadfadh Téamh Ceantair freastal ar suas le 54% den éileamh intíre, tráchtála agus earnála poiblí ar théamh in Éirinn agus go mbeidh fuinneamh geoiteirmeach ina fhoinse thábhachtach teasa.

Féadfar spriocanna a leagan amach d'fhuinneamh geoiteirmeach ar mhaithe lenár spriocanna i leith gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach go meántéarmach agus go fadtéarmaach (2030 agus 2050) agus faoi chuimsiú an bheartais náisiúnta maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. Chuige sin, beidh gá le tuilleadh oibre, lasmuigh den chreat rialála le haghaidh ceadúnú a leagtar amach sa Dréacht-Ráiteas Beartais, bunaithe ar shonraí geoiteirmeacha níos fearr agus tuiscint níos fearr a fháil ar eacnamaíocht na dtionscadal fuinnimh gheoiteirmigh.

Is é an uaillmhian le himeacht ama go mbreithneofar fuinneamh geoiteirmeach faoi chuimsiú an bheartais agus na straitéisí náisiúnta maidir le fuinneamh in-athnuaite, slándáil fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh.